Logainm an lae
Gleanntán an Choiréil/Quarryvale
Fáilte
Téama faoi thrácht
Más fíor bréag é… (Cuid I)
An Fear Bréige / Farbreaga
“the false man”
(logainm.ie #55861)
Dáta: 16/08/2025
Sa phlé dúinn ar leasainmneacha na nGael le cúpla seachtain anuas, bhuaileamar le roinnt buafhocal pearsanta agus aidiachtaí tuairisciúla nach raibh rómholtach, cuir mar sin é! Leanaimid ar aghaidh ar an téama sin leis na samplaí seo a leanas:
- ‘Ferrall Bradagh’ .i. Fearghal Bradach (“thieving/dishonest”) ó Chontae an Longfoirt (Fiants [Eilíse] §4924, anno 1596);
- ‘Walter Bradagh m‘Laghlin boy’ .i. Ualtar Bradach mac Lochlainn Bhuí ó Chontae na Gaillimhe (Fiants [Eilíse] §4028, anno 1582) (phléamar buí “yellow” an tseachtain seo caite; féach freisin gur minic a sheasann Brl. Laghlin do Maoleachlainn);
- ‘Morgh bregaghe m‘Teig oge’ .i. Murcha Bréagach mac Taidhg Óig ó Inse Uí Chuinn, Contae an Chláir (Fiants [Eilíse] §3042, anno 1577);
- ‘John Bregagh’ .i. Seán Bréagach ó Chontae Luimnigh (is dócha), (Fiants [Eilíse] §6461, anno 1600);
- ‘Edm. Bregagh M‘Echey’ .i. Éamann Bréagach Mac an Chaoich, .i. lying/deceitful Éamann Mac an Chaoich ó phar. Inis Caoin, Contae an Chabháin (Fiants [Eilíse] §4908, anno 1586). (Mac an Chaoich a thugtaí ar an bpríomhghéag de Muintir Raghallaigh in oirdheisceart Chontae an Chabháin (cf. #380), a thug ainm don bharúntacht Clann Chaoich / Clankee (#11).
Tá réimse bríonna ag na focail bréagach agus bradach, ar ndóigh, agus níl siad teoranta do bhuafhocail phearsanta ach chomh beag. Mar shampla, bó bhradach a thugtar ar bheithíoch a ghabhann ar strae agus a chuireann spéis i mbarraí an fheirmeora béal dorais. Bríonna eile atá le bradach is ea “obtained unjustly, stolen” agus fiú – ag bradaíl isteach ar bréagach féin – “false” (féach Ó Duinnín, FGB, AFB s.v.). I logainmneacha – agus go háirithe sna logainmneacha úd a thagraíonn do ghnéithe aiceanta – is éard a chuireann bradach in iúl gur chóir bheith ar d’airdeall san áit seo ar shlí éigin; go gcuirfeadh sé dallamullóg ort; nó go deimhin gur áit chontúirteach amach is amach atá ann. (Cf. an nath Brl. treacherous conditions a deirtear le haimsir nó talamh.) Bhí an ceart ag Fiachra Mac Gabhann, nach maireann, an logainm An Móinín Bradach / Moneenbradagh (logainm.ie #35707) i gContae Mhaigh Eo a mhíniú mar “the dangerous (little) bogland” (Logainmneacha Mhaigh Eo V, lch. 540). Agus féach go bhfuil ‘Red Shaking Bog’ léirithe ar léarscáil de chuid an 17ú haois a mhíníonn brí an logainm An Portach Bradach / Portaghbradagh (logainm.ie #44765) i gContae Shligigh (Down Survey [1654], bar. Thír Fhiachrach). A leithéid sin de bhrí atá le tuiscint freisin, de réir dealraimh, i gcás logainmneacha amhail An Bhuaile Bhradach / Bolabradda (logainm.ie #52877) i gContae Loch Garman, mar a bhfuil paistí móra de thalamh glárach cois Abhainn na hInse, a thugann le fios go raibh sé de nós ag an abhainn cur thar maoil. Mhairfeadh an talamh sin bog maoth (agus dá bhrí sin, contúirteach do na hainmhithe) tar éis don talamh mórthimpeall bheith tiormaithe cruaite a dhóthain chun beithígh a thabhairt isteach ann (féach Logainmneacha na hÉireann IV, lch. 555).
Ní léir aon ghné chontúirteach mar seo ar an mbaile fearainn An Baile Bradach / Balbradagh (logainm.ie #38613) i gContae na Mí. Sa chás seo, áfach, tharla gur baile an t-aicmitheoir, d’fhéadfadh sé gur aidiacht ainmfhoclaithe atá san fhocal bradach sa chás seo, agus ‘gadaí’ i gceist; más ea, d’fhéadfaimis an logainm a thuiscint mar Baile Bradach “town(land) of (the) thieves”. Logainm eile a d’fhéadfaí a thuiscint ar an dá bhealach is ea Bóthar Bradach / Boherbraddagh (logainm.ie #32035) i gContae Luimnigh (“thieving road / road of thieves” i Logainmneacha na hÉireann I, lch. 73): theastódh mionscrúdú ar an leagan amach agus ar cháilíocht na talún chun a dhéanamh amach cé acu brí is dóichí. Uaireanta is léir ón topagrafaíocht go bhfógraíonn na hainmneacha dainséar: gleann rite is ea Gleann Bradach / Glenbradagh (logainm.ie #12300) i gContae Chorcaí; carraigeacha farraige is ea An Méile Bradach (logainm.ie #1396731), amach ó chósta na nArlann i nGaeltacht Dhún na nGall.
Mar an gcéanna don fhocal bréagach féin, a d’fhéadfadh priacal éigin a chur in iúl i logainmneacha, ní bheadh cuid mhaith den bhaile fearainn An Bhuaile Bhréagach / Ballybregagh (logainm.ie #52339), Contae Loch Garman, oiriúnach do bheithígh fiú tar éis triomach fada (féach Logainmneacha na hÉireann IV, lch. 239). Tagann an focal seo i gceist in ainmneacha abhann is sruthán chomh maith: mar rabhadh dúinn a bheith ag faire amach do mhaidhmeanna tuile (nó ábhair iontais) eile a ainmníodh na haibhnte An Bhréagach / Breagagh “the treacherous (river)” i gContae Thiobraid Árann (logainm.ie #116103) agus i gContae Chill Chainnigh (logainm.ie #116566), agus an sruthán beag An Sruthán Bréagach / Srahanbregach “the false(?) stream” (logainm.ie #41847) i gContae Uíbh Fhailí. B’as Contae Chill Chainnigh do Sheán Ó Donnabháin, agus ba é taithí a bhí aigesean ar an mBréagach sa chontae sin ná, nach mbíonn inti le linn an tsamhraidh ach “a mere streamlet”, ach nuair a phléascann scamaill bháistí ar na sléibhte thuas, “the little runnel is suddenly swelled to such a height that it often sweeps away men and cattle” LSO (Dún na nGall [sic]) lch. 31 (1835).)
Ach is ann do logainmneacha inar léir nach dtugann an focal bréagach aon chontúirt le fios. Mar atá luaite againn cheana sna nótaí seo, is minic gnéithe aiceanta ainmnithe as an gcosúlacht atá acu le daoine nó le hainmhithe má tá an radharc ceart agat. Agus is minic scéalta iontacha cumtha ag lucht na bréagshanasaíochta chun na hainmneacha sin a mhíniú ar ais! (Faighimid malairt dheas ar an ngnáthchur chuige i dtaobh sanasaíocht logainmneacha sa seanscéal Fionaíl Rónáin (MG Fingal Rónáin) ón 9ú haois. Tarlaíonn eachtra tábhachtach gar do chairn chloch darb ainm Ba Aoife “the cows of Aoife”. Ait go leor, ní thugann an reacaire aon mhíniú samhlaitheach ar an logainm inspéise seo, ach cur síos lom: ‘Ba Aoife .i. clocha atá le taobh an tsléibhe. Is cosúil iad le ba fionna de chéin.’ [Bae Aífi .i. clocha filet la tóeb int ṡléibe. It cosmaile fri bú finna do chéin.] Seift liteartha atá anseo, áfach, mar chasann an scéal go tragóideach ar ball nuair a dhéanann duine tagairt mhíthráthúil do na clocha céanna mar bha meafaracha. Ní sceithfimid a thuilleadh! [Cf. FSÁG s.nn. Baoi Aoife, Bun Aoife.]) Pé ar domhan dé, is ann do roinnt logainmneacha ar nós An Fear Bréige / Farbreaga (logainm.ie #55861) i gContae Chill Mhantáin agus An Fear Bréagach (logainm.ie #1418649) i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh (‘Cloch mhór ard, cheapfá gur fear atá ann’ 1969) nach bhfuil i gceist ach clocha a bhfuil cuma an duine orthu. Is minic nach mbíonn san fhírinne ach an dearcadh atá agat! Tuilleadh samplaí an tseachtain seo chugainn.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Clann Chaoich/Clankee
- Inis Caoin/Enniskeen
- Gleann Bradach/Glenbradagh
- Bóthar Bradach/Boherbraddagh
- An Móinín Bradach/Moneenbradagh
- An Baile Bradach/Balbradagh
- An Sruthán Bréagach/Srahanbregagh
- An Portach Bradach/Portaghbradagh
- An Bhuaile Bhradach/Bolabradda
- An Fear Bréige/Farbreaga
- An Bhréagach/Breagagh River
- An Bhréagach/River Breagagh
- An Fear Bréagach