Skip to the search box
Loading
Loading map...
An Sráidbhaile Loading...
genitive: an tSráidbhaile
(Irish)
Stradbally Loading...
(English)
Glossary
baile townland, town, homestead
Explanatory note
  • Gaeilge

    the street-town

    Ainmnithe as an mbaile mór (#1416676).

    Ainmneacha stairiúla:
    Cuid den bharúntacht seo a bhí i gceist leis an tseandúiche Maigh Drúchtain “plain of (the) sweet land?” (cf. b’fhéidir www.dil.ie s.v. drúchtán). 1205 ‘Madruchcan’ CDI I 273 tagairt an-luath bhéarlaithe dó. Ag seo Ó hUidhrín:

    Ós Muigh Drúchtain an dúin ghil
    Ó Ceallaigh an chláir éignigh
    as samhail mín an mhuighe
    re Tír ttaraidh tTarrnguire.

    Cf. leis 1394 ‘Iarla Urmhumhan do tionol go Laighnibh … gur loiscc … Críoch Uí Cheallaigh Mhaighe Drúchtain i Laoighis’ ag na Ceithre Mháistrí. Deir Ó Donnabháin faoin iontráil seo ‘Magh-Druchtain … It is still traditionally pointed at in the country (where it is described as extending from the ford of Ath-baiteoige to the ford of Ath-fuiseoige, near Luggacurran) as the district of O’Kelly, “the most fertile district in Leix”’ (ARÉ IV 733) agus ina eagrán féin den dán thuas a foilsíodh i 1862, an bhliain i ndiaidh a bháis, ‘This territory is still locally known’. Tá na nótaí seo bunaithe ar an eolas a bhreac sé ó Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin in 1837 (LSO Uíbh Fhailí I 60).

    Dúirt an Branach thairis sin gurbh é Abhainn Ó gCeallaigh “the river of the Uí Cheallaigh” an t-ainm Gaeilge a bhí ar an Stradbally River SO. Cf. 1549 ‘ffarin O Keillie’, 1557 ‘Ferren Okelly’, 1560 ‘O’Kellyes country’ agus 1563c ‘Feranokelle’ ar an sean-léarscáil. Díol suntais go raibh an seanainm dúiche seo fós in úsáid aimsir an Civil Survey 1654c: ‘to Aghanafarnage where there is a difference of mearing betwixt the lands of Farranapriore belonging to Mr. Cosbye in the barony Cullenagh and the lands of Farranogally belonging to the Earle of Kildare in the barony of Stradbally’ — an teorainn ar Shliabh an Fhosaidh idir bf Fossy Upper agus bf Fallowbeg Upper atá i gceist (CS X 21). Féach gur fianaise atá san fhoirm bhéarlaithe seo ar urú an ghinidigh iolra .i. Fearann Ó gCeallaigh “the land of the Uí Cheallaigh”, díreach mar atá ag an mBranach in ainm na habhann thuasluaite.

    Níl i bhFearann Ó gCeallaigh ach iardheisceart bharúntacht an tSráidbhaile, áfach. Tagraítear don chuid eile den bharúntacht i gcáipéisí oifigiúla de chuid an 16ú haois mar ‘lordship’ a fuair a ainm ó dhá cheantar Ghaelacha: 1550–51 ‘Cashmone Rwoen’, ‘Caishmone Rwoen and Eightertyry’, ‘Cashemone Rowen and Eighttirtiry’, ‘Coishmone Rivol’, ‘Eightertyry in Leix’, 1557 ‘Owghterhiry’; agus ar léarscáil 1563c ‘Moen Roue’ (portach), ‘Eughterhir’ (dúiche).

    San áit a bhfuil an portach seo 1563c ‘Moen Roue’ suite, idir Baile Adaim agus Baile an Tancardaigh ar theorainn thoir theas chontae an lae inniu, tá raon mór ‘Cut bog’ léirithe ar www.epa.ie. Is dócha gur thagair an logainm 1550–1 ‘Caishmone Rwoen’, ‘Cashemone Rowen’, ‘Coishmone Rivol’ < Cois Mhóin Ruáin (?) “beside Móin Ruáin (the bog(land) of reddish land?)” don cheantar díreach lastuaidh den phortach seo .i. do thuaisceart pharóiste Bhaile Adaim.

    Léirítear ‘Eughterhir’ ar léarscáil 1563c mar ainm dúiche taobh thuaidh de Bhaile Adaim. Bheadh dealramh gan dabht le Íochtar Thíre “lower (i.e., northern) country” mar ainm ar imeall thoir thuaidh Laoise .i. paróistí Mhaigh Eanaigh agus Chorrchluana i dteorainn le Clann Mhaoilíora lastuaidh agus le talamh Chill Dara lastoir (féach na foirmeacha eile go léir in ‘Eighter-’).

    Bhí ainm eile ar an móin ollmhór ar theorainn Chlann Mhaoilíora (Contae Uíbh Fhailí) .i. 1563c ‘Moenfanan’ = 1838 ‘where the river of Moonsanan falls into the Barrow’ ag Ó Donnabháin (LSO I 236 — is dócha go bhfuil léarscáil 1563c míléite ag an Donnabhánach anseo, mar is é sruthán ata i gceist An Ghlaise (#1417407) a bhfuil neart tagairtí stairiúla dó).

    Mar sin, nuair a áirítear i gcáipéisí ón 16ú haois go raibh leithéid ‘Ballyvicary’ (bf Baile an Bhiocáire (#28269)), atá ar theorainn thoir thuaidh na barúntachta, sa tiarnas ‘Cousnene Rowe’ (F Ed. 674, 683), is dócha gurb é an comhdhúiche ‘Caishmone Rwoen and Eightertyry’ atá le tuiscint.

    (Bhí a mhalairt de thuairim ag FitzGerald: 1909 ‘Cashmone-rwoen (or rivol), consisting of the parishes of Moyanna and Curraclone’, ‘Eughterhir alias Eightertyry, including the Parishes of Stradbally and Ballyadams’ in Journal of the Kildare Archaeological Society VII 5–6.)

Permanent link
https://www.logainm.ie/129.aspx

Machine-readable data