Hierarchy
county
barony
electoral division
civil parish
townland
barony
hill or hills
Hierarchy
county
barony
electoral division
civil parish
townland
barony
Explanatory note
- Gaeilge
the rock of Fionn
Fionn — ainm pearsantaLaurence (Maoileachlainn) Ó Broin a sholáthair an cnocainm seo sa bhliain 1837 (LSO Uíbh Fhailí I 56–63) (féach cn Carraig Oisín (#1417883)). Tá béarlú -nn caol na Gaeilge mar -ng (1805) le tabhairt faoi deara.
Mionainmneacha ar an léarscáil:
Ar bharra an chnoic seo atá an uaimh Poulasthore Cave SO < Poll an Stóir “the hole of the treasure” (leagan Gaeilge a fuair Ó Donnabháin ón mBranach, LSO Uíbh Fhailí loc. cit.). Tá cur síos suntasach ar a raibh le feiscint thíos ann istigh sa bhliain 1794 in Anthologia Hibernica III 3. Nuair a thug O’Hanlon cuairt air sa bhliain 1872 ba é ‘Poul-is-toul’ an t-ainm a bhí air go háitiúil, agus -l déanta den -r deiridh trí chomhshamhlú (‘Antiquities of Killenny and Kilteale’ PRIA iml. I sr. II). Leid atá sa chomhshamhlú seo -l-r > -l-l nach r-caol Osraíoch /ʒ/ a bhí sa chanúint anseo murab ionann is áiteanna eile in iardheisceart an chontae (m.sh. par Achadh Bhó (#1412)) — ní hionann ionad ná modh fuaimnithe do /ʒ/ agus do /l/, /r/. (Cf. rian den fhoghar sin i mionainmneacha béarlaithe ar nós An Altóir > ‘the altóis’ i gCill Chainnigh (bf #26613) agus i roinnt eile in Kilkenny: A History of the County.)Is ait nach raibh aon chur amach ag O’Hanlon ar ainmneacha Gaeilge na gcnoc seo, ná ar leagan an Bhranaigh Poll an Stóir, in ainneoin go mbíodh sé ag plé logainmneacha na háite seo leis an Donnabhánach de réir a chuntais féin (‘Antiquities of Killenny and Kilteale’ PRIA iml. I sr. II 145, 146; féach an nóta faoi cn Carraig Oisín (#1417883)).
Síneann leirg amach as Carraig Fhinn ó dheas ar cosúil gurbh ainm dó 1608 ‘Knockanemore’ < An Cnocán Mór “the big hillock”. (Cf. samplaí eile de cnocán mar ainm ar leirg faoi #28491, #28495.)
Féach bf Cill Mhuire (#28511).
Historical references
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/1417882.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML