Hierarchy

county

barony

civil parish

townland

graveyard, cemetery, burial ground

graveyard, cemetery, burial ground
Kilmaleed Grave Yard
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    Seanreilig an pharóiste. Foirmeacha stairiúla is ea 1302–6 ‘Kylmolydde’, 1302 ‘Kilmohede’, 1305 ‘Kylmehede’, 1346 ‘[Castrum de] Kylmehyde’, 1540 ‘Kylmohyd’, 1549 ‘Kilmokide’, 1551 ‘Kilmokidde’, 1578 ‘Kylmohide’, 1607 ‘Kilmohid’, 1607 ‘Kilmokydie’, ‘Kilmakedyn’, 1613 ‘Kilmohede’, 1619 ‘Kilmokydy’, ‘Kilmokidy’, 1622 ‘Killmohoide’, ‘Killmoheide’, 1637 ‘Killmohyde’, ‘Killmahide’, 1646 ‘Killonshide al’ Killinohide’. Is cosúil go bhfuil an tagairt is luaithe ‘-molydde’ agus leagan an mhapa -maleed araon truaillithe.

    Tugann na foirmeacha béarlaithe eile cill “church” + * /məˈkiːdə/ nó /məˈhiːdə/ le fios. Tá cuma ainm cheana air sin ach níl a leithéid de naomh le fáil sna ginealaigh. Féach go raibh baint ag Íde (ónar ainmníodh par Cill Íde (#1568) agus par Cill Míde (#1564) i gCo. Luimnigh) le Comhán Chill Uisean (#1443), 15km ó dheas uaidh seo (cf. Dictionary of Irish Saints 376).