Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
subunits
Explanatory note
- Gaeilge
the hill of the (stone) ring-fort
Deimhníodh Cnoc na Cathrach mar an leagan oifigiúil agus dlíthiúil don toghrann a dtugtar Knocknacarragh air sa Bhéarla san Ordú Logainmneacha (Lárionaid Daonra agus Dúichí) 2005. Tharla sin i ndiaidh don Bhrainse Logainmneacha taighde cuimsitheach a dhéanamh ar an ainm, taighde a ndearna an Coimisiún Logainmneacha (An Coiste Logainmneacha anois) scrúdú air sular thug an tAire Éamon Ó Cuív feidhm don Ordú in 2005.
Mar chuid den taighde a rinne oifigigh an Bhrainse ar an logainm seo, bailíodh leaganacha áitiúla den ainm ó chainteoirí dúchais sa cheantar. Ceann de na leaganacha a bailíodh ná [krok nə ˈkarəx] atá ag teacht le Cnoc na Cathrach (san aibítear foghraíochta, seasann an [x] ag an deireadh anseo don fhuaimniú atá ag -ch sa Ghaeilge). Is fíor go bhfuarthas an leagan [krok nə ˈkarə] freisin, a bheadh ag teacht le Cnoc na Cara, ach tá an laghdú ó Cathrach go Cara sa chaint réasúnta éasca a shamhlú, agus is dóigh go raibh na leaganacha sin ag teacht faoi thionchar an leagan Béarla den ainm.
Réitíonn na foirmeacha stairiúla den ainm le Cnoc na Cathrach chomh maith. Is é Cnoc na Caithreach an leagan a bhailigh foireann na Suirbhéireachta Ordanáis ó mhuintir na háite sna 1830idí. Ar ndóigh, bhí an teanga an-láidir san áit ag an am sin, agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur chuala siad an leagan sin go háitiúil. Bhí daoine cumasacha ag obair sa rannóg topagrafaíochta den tSuirbhéireacht a raibh fios a ngnó acu maidir le cúrsaí Gaeilge, Seán Ó Donnabháin ina measc. Anuas air sin, réitíonn foirmeacha béarlaithe den ainm ón 17ú haois le Cnoc na Cathrach chomh maith. Mar shampla, litríodh an t-ainm mar Knocknecarragh ar an Down Survey, agus is é is dóichí na gur sheas an -gh deiridh i mBéarla na tréimhse sin do -ch deiridh na Gaeilge.
Tacaíonn an t-ábhar seandálaíochta le Cnoc na Cathrach chomh maith. Luaitear imfhálú darb ainm Caheraknick ar léarscáileanna Sé Orlach na Suirbhéireachta Ordanáis (1830idí), mar sin is cinnte go raibh gné a dtugtaí cathair air i mbaile fearainn Chnoc na Cathrach. Chomh maith leis sin, sa taifead seandálaíochta luaitear hilltop enclosure ar Chnoc an Bhlácaigh.
Is léir mar sin go dtacaíonn an fhianaise teangeolaíochta agus seandálaíochta araon le Cnoc na Cathrach mar leagan Gaeilge den logainm seo a béarlaíodh mar Knocknacarra.
Centrepoint
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.



