BROWSE
townland
Eoghanacht
genitive: Eoghanachta
(Irish)
Onaght
(English)

Hierarchy

county

barony

island or archipelago, civil parish

Explanatory note

  • Gaeilge

    Eoghanacht — ainm treabhchais

    Tagraíonn Eoghanacht don bhaile fearainn féin agus don chnuasbhaile atá suite sa chuid thuaidh de, in aice leis an láthair eaglasta darb ainm Na Seacht dTeampaill.

    Ríshliocht ba ea Eoghanachta a raibh an lámh in uachtar acu i gCúige Mumhan sna Luath-Mheánaoiseanna. Is é “sliocht Eoghain” is brí leis an ainm treabhchais seo, agus is ó shinsear darbh ainm Eoghan Mór a shíolraigh siad, de réir na dtráchtanna ginealais.

    Foghrúpa de chuid an ríshleachta sin a bhí in Eóganacht Ninussa a raibh tuaisceart an Chláir agus Árainn ina seilbh acu. Tá a rian siúd le feiceáil sa logainm seo Eoghanacht atá suite ar imeall thiar Árann. Tagraítear dóibh mar ‘Eoganacht Ninussa .i. Eóganacht na nÁrand’ (Eoghanacht Árann) agus ‘Eóganacht Ninussa. .i. a Túathmumain’ i Lebor na hUidre (1644 & 1658). Díol spéise chomh maith is ea go luaitear Árainn a bheith fo-roinnte i dtrí thrian in ionchoisne ó 1594: ‘Tren-Moynagh [An Trian MhuimhneachTrian na Muimhneach], Tren-Connaught [Trian Chonnacht], and Tren-Onaght’ [Trian Eoghanachta] (Féach Proceedings of the Royal Irish Academy, Im. 28 (1910), 178). Déanann John Francis Byrne plé ar Eoganacht Ninussa in alt leis in Éigse (9, 1958/61, 18–29). Díol mór suime is ea an fhorbairt chéille sa logainm seo ó ainm ríshleachta go ainm ceantair, baile fearainn agus cnuasbhaile. (JÓG)

Centrepoint

53.141, -9.79929latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Properties

GGaeltacht

Archival records

scanned imagescanned imagescanned image

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm