Hierarchy
county
barony
civil parish
subunits
Explanatory note
- Gaeilge
the meadow, pasture of Aodha
Is é Cluain Aodha an leagan Gaeilge oifigiúil agus dleathach de Clonea (logainm.ie #49362) i bparóiste Cluain Aodha (logainm.ie #2374). Tá an paróiste seo suite go díreach thoir thuaidh ó Dhún Garbhán, murab ionann agus Clonea/Cluain Fhia (logainm.ie #1414600; #49073) gar do Ráth Ó gCormaic, ó dheas ó Charraig na Siúire.
Socraíodh ar Cluain Aodha mar fhoirm oifigiúil agus dhleathach Ghaeilge sa bhliain 2003 nuair a rinneadh An tOrdú Logainmneacha (Contae Phort Láirge) faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003). Ba de bharr taighde an Bhrainse Logainmneacha agus dianscrúdaithe a rinne an Coimisiún Logainmneacha ar an bhfianaise a moladh Cluain Aodha mar leagan Gaeilge de Clonea. Mar sin, tá Cluain Aodha ann mar fhoirm oifigiúil agus dhleathach de Clonea (logainm.ie #49362) le breis is daichead bliain anuas.
Ar ndóigh, mar chuid den taighde a rinne taighdeoirí an Bhrainse Logainmneacha bhí siad ar an eolas gur mhol an tAthair Pádraig de Paor Cluain Fhiaidh ‘Meadow of (the) Deer’ mar leagan Gaeilge den Clonea seo (logainm.ie #49362) cois cósta ina leabhar mórchlúiteach The Place-Names of the Decies (céad eagrán, 1909). Moladh an leagan céanna caighdeánaithe, Cluain Fhia, sa dara heagrán a d’fhoilsigh Ollscoil Chorcaí i 1952 (eag. Alfred O’Rahilly). Is dócha gur uaidh sin a tháinig an leagan Cluain Fhia a bhí le feiceáil ar sheanchomharthaí bóithre sa cheantar (mar a thuairiscítear).
Is léir ón bhfianaise don logainm seo, áfach, go bhfuil Cluain Fhia go hiomlán mícheart sa chás seo. Sa chéad dul síos níl an leagan áitiúil Gaeilge den ainm a bhailigh foireann an Bhrainse Logainmneacha sna 1960idí do Clonea/Cluain Aodha (logainm.ie #49362) .i. [kluəˈnˊeː] (fuaimniú atá cosúil le Cluain É), ag teacht go hiomlán le Cluain Fhia. Réitíonn an leagan áitiúil sin níos fearr le réamhtheachtaí mar Cluain Aodha. Mar sin is díol suntais é go bhfuil leagan amháin stairiúil an-luath ann i gcás Clonea/Cluain Aodha .i. Cluaneda (1210), atá go hiomlán ar aon ghuth le Cluain Aodha. Bhí an -dh- fós ina chonsan déadach ag an am agus is í sin an chúis go bhfuil an –eda dáshiollach i Cluaneda le díorthú ón leagan Meán-Ghaeilge Clúain Aeda. Dá mbeadh Cluain Fhia (< Meán-Ghaeilge Clúain Fíad) ann ní bheifí ag súil leis an –a deiridh sa leagan stairiúil sin Cluaneda.
Is a mhalairt atá fíor is gcás Clonea/Cluain Fhia (logainm.ie #49073) gar do Ráth Ó gCormaic .i. réitíonn an leagan áitiúil [kluːnˊˈiə] (arb ionann é agus Cluain Fhia ó thaobh fuaime de) a bailíodh in 1962 go hiomlán do Chluain Fhia ‘meadow, pasture of (the) deer’. Is díol suntais é mar sin go bhfuil difir idir na leaganacha áitiúla de Chluain Fhia (cluain fhiadh) agus de Chluain Aodha (cluain aogaidh, cluain aighidh, cluain eich) a bhailigh an tSuirbhéireacht Ordanáis in 1841 – ní de thaisme a tharla é sin i bhfianaise na fianaise eile atá ann. Is léir go raibh éiginnteacht éigin ag foireann Suirbhéireachta (a raibh Gaeilge ar a dtoil acu) maidir leis an dara heilimint i gCluain Aodha, ach is léir gur thuig siad nach fia a bhí ann. Os a choinne sin, i gcás Chluain Fhia gar do Ráth Ó gCormaic, ní raibh aon amhras orthu faoin dara heilimint amhail an lae inniu.
Mar sin, tugann an fhianaise ina hiomlán le tuiscint gurb é Cluain Aodha réamhtheachtaí Clonea mar atá suite cois cósta. Ar ndóigh is ábhar iontais é go bhfuil an fhianaise ón bhliain 1210, Cluaneda, go huile is go hiomlán ar aon chéim leis an fhianaise áitiúil ón bhliain 1962 nuair a bhí an Ghaeilge ar tí dul in éag sa cheantar seo .i. gurb é Cluain Aodha atá taobh thiar de Clonea sa chás seo.
(CÓC; JÓG), 31ú Deireadh Fómhair 2024.
Centrepoint
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/2374.aspxFolklore
The National Folklore Collection (dúchas.ie) contains material related to this place:
Open data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML