BROWSE
townland
Baile Ghionga
genitive: Bhaile Ghionga
(Irish)
Youngstown
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    Is iad seo a leanas na tagairtí neamhspleácha:

    1302 ‘Yoyngiston’ CJR
    1518 ‘Yongiston’, ‘Yongeston’ Kild. Rent.
    1540 ‘Yongston’ Crown Surv.
    1544 ‘Yongeston’ F
    1550 ‘Balleyonge’ = 1551 ‘Balleyong’ = 1566 ‘Ballyonge’ = 1597 ‘Balliough’ F = 1612 ‘Balliough’ CPR
    1554 ‘Yongeston’ F
    1609 ‘Balleyonge’ CPR (iontráil dar dáta 1621 ach ag tagairt do ‘deed dated 20 May 7th’)
    1654 ‘Youngstowne’ CS
    1659 ‘Youngs towne’ Cen.

    Tá an pátrún ceannann céanna le braistint i gcás bf Baile an Chrócaigh (#25226) agus bf Baile an Sprotaigh (#24916) sa cheantar seo freisin .i. an logainm Gaeilge le sonrú sna gníomhais ghallda chéanna seo (1550, 1551, 1566, 1597, 1612) ach gan é le fáil in aon áit eile roimhe sin nó ina dhiaidh.

    Is beag an seans go raibh leithéid *Baile (an t)Siún(aigh) (< le Jeune) ar an áit seo sa Ghaeilge riamh. Ba dheacair é a réiteach le 1550 ‘Balleyonge’, agus ba dheacair a áiteamh ach an oiread go ndéanfaí dearmhad ar sheanleagan mar sin gur cumadh aistriúchán nua Youngstown > Baile *Young c. 1500 nuair a bhí an Ghaeilge ag fáil an lámh in uachtar. Measaimid dá bharr sin gurb amhlaidh gur réadú cuíosach cruinn ar an logainm Gaeilge atá i 1550 ‘Balleyonge’.

    Féach mar sin 1314 ‘Thomas le Yonge’ [Baile Thancaird, CD 38] CJR III 325 agus samplaí eile sa Pháil ar nós 1308 ‘John Yonge’ [BÁC] CJR III 30, 1314 ‘Wy… le Yong’ [] CJR III 320. Samplaí iadsan ar cinnte nach aistriúchán é ‘young’ ar an mbuafhocal juvenis, jeune, srl., sa bhuntéacs (murab ionann is 1295 ‘Andr. the young’ [CC] CJR I 8, 1299 ‘Will. the young, John the young’ [] CJR I 277, 1314 ‘Simon Young (juvenis)’ CJR III 325 san fhoinse céanna).

    Measaimid gur dóichí go gcuireann 1550 ‘Balleyonge’, 1609 ‘Balleyonge’ (le y- /j-/ sa cháilitheoir) leithéid *Baile Ghiong(a) < *Baile an Ghiongaigh */ˌbɑl′ɪˈjoŋ(g)ə/ in iúl. Thuairimeoimis *An Giongach < *(de) G(h)ionga < le Yonge < ȝung an Mheán-Bhéarla. Is é sin le rá, gaelú ar leagan Angla-Normannach de shloinne atá bunaithe ar aidiacht Mheán-Bhéarla, díreach ar aon dul le de Bláca < le Blake < blac MBrl., de Faoite < le Whyte < hwīt MBrl., de Hóra < le Hore < hār MBrl. — murab ionann is de Brún < le Brun, de Paor < le Poer agus de Siún < le Jeune féin atá bunaithe ar aidiachtaí Normannaise. Is cosúil mar sin go bhfuil dul amú ar de Bhulbh an sloinne seo (le) Yonge a cheangal le de Siún < le Jeune scun scan (SGG).

    Bheadh cuma neamhghnách ar *(de) G(h)ionga mar leagan gaelaithe de (le) Yonge go cinnte. Ach sin é go díreach an réadú a mbeifí ag súil leis ar ȝung MBrl., ar mhúnla Gíomán (sloinne), gíománach (ainmfhocal) (1542 ‘giomanachALC) < Yeoman < ȝoman MBrl. (cf. 1551 ‘Graigyeman’ COD (#48458) 49, 1618 ‘Ballingimanigemore’ CPR (#10994) Co 112).

    (Féach ‘Youngach’ mar a bheadh gnáthshloinne gaelaithe */joŋ(g)əx/ sa téacs seo a scríobhadh in Oirialla in 1714 ‘…mac Sheóirse Táth do chréachtghoin mílte. … Bráthair gach Táth dá bhfeabhas sa chrích é, / bráthair na mBlácach ’n am cath’ nach gclaonadh, / bráthair na mBealógach ó Dhubhlíce, / bráthair na bhFléamannach éachtach ríthiúil, / bráthair gan gó Mhic Mhathamhna shaoir é, / bráthair na Youngach gan mhearú ina ngníomha … … is Mailí Young an ríoghan aobha’ i gcló sa Clogher Record (1968) 621. Cf. freisin 1836 ‘Yores … Na YoraighPadraic Yore (Patrick Yore)’ LSO (Lú) 172 agus ‘Na Bhárdaigh … An Bhárdach … Mac a’Bhairdibid. 85.)

    Bhí an Ghaeilge ábalta ar an bhfoghar seo y- /j/ a láimhseáil gan dabht ach ceist cháiréiseach is ea conas is fearr é a thaispeáint sa litriú oifigiúil den logainm seo idir chamáin. Measaimid gur fearr *Baile an Ghiongaigh/*Baile Ghionga. Chomh maith le gíománach < yeoman thuas, cf. samplaí eile de g-caol < y- /j-/ tosaigh ar nós giosta < yeast, geolta < yawl, giúmar < humour (/ˈjuːmər/).

Centrepoint

53.0421, -6.90203latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Archival records

scanned image

Historical references

1302
Yoyngiston
CJR Leathanach: I, 371
1518
Yongeston
Kildare Rent. Leathanach: 233
1518
Yongiston
Kildare Rent. Leathanach: 240
1540-1541
Yongston
Crown Surv. Leathanach: 155
1540
Yongston
Forf. (N. L.)
1544
Yongeston
F Leathanach: 445 Hen
1550
Balleyonge
F Leathanach: 601 Ed
1551
Balleyong
F Leathanach: 806 Ed
1554
Yongeston
F Leathanach: 34 P&M
1566
Ballyonge
F Leathanach: 976
1597
Balliough
F Leathanach: 6115
1609
Balleyonge and Ardnegross
"By deed dated 20 May 7th [.i. 1609]" an iontráil seo faoin dáta "21 June 19th [.i. 1621]"
CPR Leathanach: 504
1612
Ballioughold
Ballioughold, Graunge [leg. Balliogh, old Graunge]
CPR Leathanach: 237
1654
Youngstowne
CS VIII Leathanach: 94
1655
Yongstowne
DS
1659
Youngs towne
Cen. Leathanach: 403
1660c
Whitestowne
BSD (CD) Leathanach: 59
1660c
Youngstowne
BSD (CD) Leathanach: 59
1663
Young'stowne
Inq. Lag. Leathanach: 6 C II
1668
Youngstowne, Ardnecrosse & Y.
ASE Leathanach: 186
1685
Youngtowne
Hib. Del.
1727-1838
Youngstown
Longfield: Baronies (CD) 21 F. 35 Leathanach: 21F35(63)
1752
Youngstown
Noble & Keenan Co. Map
1762
Youngstown
Fontstown Manor Leathanach: 21F12 (1)
1778
Youngstown
T&S Leathanach: 136
1783
Youngstown
Taylor (Cill Dara)
1806
Youngstown
Off. West Maps Leathanach: 21F36 (94)
1812
Young's-town
Leet II Leathanach: 263
1819
Youngstown
CGn. Leathanach: 746.308.507843
1827
Youngstown
TAB
1837
Youngstown
BS:AL Leathanach: 1,32
1837
Youngstown
Taylor Co. Map 1783:AL Leathanach: 1,32
1837
Youngstown
Noble & Keenan Co. Map:AL Leathanach: 1,32
1837
Youngstown
Stat. Survey (CD):AL Leathanach: 1,32
1837
Youngstowne
DS:AL Leathanach: 1,32
1837
Young'stowne
Inq. C II:AL Leathanach: 1,32
1837
Youngstown
OD:AL Leathanach: 1,32
2009-2010
ˈjoŋzˌtoun
Áit.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm