BROWSE
townland
Bearna Raithin
genitive: Bhearna Raithin
(Irish)
Barnaran
(English)

Explanatory note

  • Gaeilge

    gap of (the) bracken

    Is éadoigh linn gur gin. iol. rann (< roinn (talún)) a thug ainm don áit seo ar an bportach, mar a mheas an Donnabhánach (OD:AL). Ná níl rinn coitianta a dhóthain sa chontae seo go dtabharfadh sé orainn gin. iol. reann a thuairimiú .i. goib isteach sa phortach. Is é is dóichí ná gur réadú ar raithin atá sa -ran béarlaithe seo. Cuir an a-tosaigh fada in 2010 /barnəˈraːn/ Áit. i gcóimheas leis an réadú béarlaithe céanna ar bf Cnoc an Raithin (#55777) (CM 40), bf Dún Raithin (#55569) (CM 19), bf Sceachán Raithin (#3241) (Ce 19), srl., i gCúige Laighean agus bf Cluain Ard Rathain(?)/Clonardran (#38769) ( 31) sa Mhí. (Féach an nóta faoi bf Baile an Treathain (#3532) (Ce 12, 13) maidir le cailliúint -th- láir le fadú cúitimh i gCúige Laighean.)

    Fásann an raithneach leathan (“buckler fern”), an raithneach chaol (“narrow-leaved buckler fern”), an raithneach ríúil/ghallda (“royal fern”) agus an raithneach (“bracken”) i Móin Alúine (www.ipcc.ie).

    Ó thaobh an aicmitheora de, níl aon talamh ró-ard ann a thabharfadh barr le fios — talamh íseal atá anseo, ar an taobh thall den bhóthar ón ardán maol i bf Droim Sruith/Drumsru, agus an dá bhaile fearainn sin le chéile suite i ladhar sruthán i lár Mhóin Alúine. Díol spéise go bhfuil iontráil ar www.archaeology.ie faoin mbóthar seo ('Road - gravel/stone trackway - peatland ... apparently giving access to/from Lullymore 'island', an area of high ground c. 1300m to the N').

    Ritheadh an tóchar/bóithrín seo tríd an bportach, más ea, idir dhá láthair eaglasta .i. idir Cluain Chonaire laisteas agus an Loilíoch Mhór lastuaidh (bf An Loilíoch Mhór Thoir/Lullymore East). Is maith an seans gurb é an seanbhealach seo a thug ainm don bhaile fearainn beag a luíonn lena thaobh .i. gur dó sin a thagraíonn bearna sa logainm. Is cinnte nach bhfuil aon rian den fhocal bóthar ná claochlú air le sonrú san fhianaise anseo (murab ionann is bf Bóthar an Doire/Barraderra (#25199) (CD 21), bóthar portaigh i mbar. Uíbh Fhailí Thiar).

Centrepoint

53.2561, -6.93454latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1731
Barnarann
CGn. Leathanach: 66.234.45982
1783
Barnaran
Taylor (Cill Dara)
1787-1839
Barnaran
Off. West Maps Leathanach: 21F36 (97)
1837
Barnaran
Cess Bk:AL Leathanach: 1,3
1837
Barnaran
Engineer (Cross):AL Leathanach: 1,3
1837
Barnaran
[RC]
Brannan, Rev.:AL Leathanach: 1,3
1837
Barr na rann, 'head of the division'
OD:AL Leathanach: 1,3
1837
Barr na rann
pl:AL Leathanach: 1,3
1837
Barnaran
OD:AL Leathanach: 1,3
2009-2010
barnəˈraːn
Áit.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm