Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
gap of (the) bracken
Is éadoigh linn gur gin. iol. rann (< roinn (talún)) a thug ainm don áit seo ar an bportach, mar a mheas an Donnabhánach (OD:AL). Ná níl rinn coitianta a dhóthain sa chontae seo go dtabharfadh sé orainn gin. iol. reann a thuairimiú .i. goib isteach sa phortach. Is é is dóichí ná gur réadú ar raithin atá sa -ran béarlaithe seo. Cuir an a-tosaigh fada in 2010 /barnəˈraːn/ Áit. i gcóimheas leis an réadú béarlaithe céanna ar bf Cnoc an Raithin (#55777) (CM 40), bf Dún Raithin (#55569) (CM 19), bf Sceachán Raithin (#3241) (Ce 19), srl., i gCúige Laighean agus bf Cluain Ard Rathain(?)/Clonardran (#38769) (Mí 31) sa Mhí. (Féach an nóta faoi bf Baile an Treathain (#3532) (Ce 12, 13) maidir le cailliúint -th- láir le fadú cúitimh i gCúige Laighean.)
Fásann an raithneach leathan (“buckler fern”), an raithneach chaol (“narrow-leaved buckler fern”), an raithneach ríúil/ghallda (“royal fern”) agus an raithneach (“bracken”) i Móin Alúine (www.ipcc.ie).
Ó thaobh an aicmitheora de, níl aon talamh ró-ard ann a thabharfadh barr le fios — talamh íseal atá anseo, ar an taobh thall den bhóthar ón ardán maol i bf Droim Sruith/Drumsru, agus an dá bhaile fearainn sin le chéile suite i ladhar sruthán i lár Mhóin Alúine. Díol spéise go bhfuil iontráil ar www.archaeology.ie faoin mbóthar seo ('Road - gravel/stone trackway - peatland ... apparently giving access to/from Lullymore 'island', an area of high ground c. 1300m to the N').
Ritheadh an tóchar/bóithrín seo tríd an bportach, más ea, idir dhá láthair eaglasta .i. idir Cluain Chonaire laisteas agus an Loilíoch Mhór lastuaidh (bf An Loilíoch Mhór Thoir/Lullymore East). Is maith an seans gurb é an seanbhealach seo a thug ainm don bhaile fearainn beag a luíonn lena thaobh .i. gur dó sin a thagraíonn bearna sa logainm. Is cinnte nach bhfuil aon rian den fhocal bóthar ná claochlú air le sonrú san fhianaise anseo (murab ionann is bf Bóthar an Doire/Barraderra (#25199) (CD 21), bóthar portaigh i mbar. Uíbh Fhailí Thiar).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1731 |
Barnarann
|
CGn. Leathanach: 66.234.45982
|
1783 |
Barnaran
|
|
1787-1839 |
Barnaran
|
Off. West Maps Leathanach: 21F36 (97)
|
1837 |
Barnaran
|
Cess Bk:AL Leathanach: 1,3
|
1837 |
Barnaran
|
Engineer (Cross):AL Leathanach: 1,3
|
1837 |
Barnaran
[RC]
|
Brannan, Rev.:AL Leathanach: 1,3
|
1837 |
Barr na rann, 'head of the division'
|
OD:AL Leathanach: 1,3
|
1837 |
Barr na rann
|
pl:AL Leathanach: 1,3
|
1837 |
Barnaran
|
OD:AL Leathanach: 1,3
|
2009-2010 |
barnəˈraːn
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/25577.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML