Skip to the search box
Loading
Loading map...
Baile Cholla
genitive: Bhaile Cholla
(Irish)
Ballycolla
(English)
Other names
Ballacolla
local name
(English)
Glossary
baile townland, town, homestead
Explanatory note
  • Gaeilge

    the town of Colla
    Colla — ainm pearsanta a bhfuil cúpla sampla de le fáil i measc ghinealaigh Laighean (cf. Leabhar Mór na nGenealach)

    ‘In Irish it is called Bolliacholla, i.e., Baile a’ Chalaidh, the townland of the … long, coarse, sedgy grass’ de réir an Chorragánaigh; deir sé ‘Dr. Joyce’s explanation … town of a man named Colla, is incorrect’ (History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 68). Agus é ag dul i muinín seanfhondúirí na háite lena linn féin, d’fháisc sé brí as an dara heilimint trí é a thagairt don fhocal callow a bhí coitianta i mBéarla na hÉireann (< caladh sa chiall ‘seisceann’ — cf. réimse leathan bríonna an fhocail Ghaeilge in FGB, Dinn. agus in www.dil.ie s.v. 1 calad). Ach féach, más ea, gur cosúil ar an Ainmleabhar nach raibh an gnátheolas seo ag muintir na háite in 1838 — agus bhí an paróiste seo i bhfad níos giorra don Ghaeilge an uair úd (cf. Litreacha na Suirbhéireachta I 1).

    Tá an fhianaise scríofa ag cur i gcoinne caladh freisin: níl cal- le fáil sna leaganacha béarlaithe den dara heilimint ach in aon fhoinse amháin .i. léarscáil an Down Survey. San fhianaise eile go léir is é coll- an litriú, tríd síos.

    Cuireadh é seo uile san áireamh nuair a socraíodh Baile Cholla mar ainm an bhaile poist anseo in 1969; measaimid go bhfuil an leagan sin sásúil fós.

Irish Grid

S 36468 81443

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/28039.aspx
Further information about this place

Open data