Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
(the) church of —
Ní léir bunús an dara heilimint anseo.
Tá na foirmeacha go léir in -cloghe, et var., bunaithe ar an aon fhoirm lochtach amháin .i. 1563 ‘Kiltecloghe’ F 496, a bhain leis an bPiogóideach (agus is cosúil gur cóip eile de seo is ea 1557c ‘Kyltyelowghe’). Is féidir neamaird a dhéanamh de na hiontrálacha 1587 ‘Kiltecloghe’, 1607 ‘Kiltealagh’, ‘Killteclogh’, 1608 ‘Kilteclogh’ dá réir (féach go gceartaítear an drochlitriú seo in 1607, 1608).
Is dócha nach leis an áit seo a bhaineann an tagairt luath 1100c ‘i Cill Tidill’ ach le bf Cill Tíle (#1574) i Luimneach (cf. Dictionary of Irish Saints 349).
Tá sé le tuiscint as fianaise an 16ú haois gur /tiːl/ nó /tiəl/ an foghrú a bhí ar an gcáilitheoir sa logainm seo an uair úd. Íslíodh an guta (~/eː/) faoi thús an 17ú haois de réir dealraimh (cé go mbíonn an litriú Béarla -ea- ábhairín débhríoch sa tréimhse seo cheana féin; d’fhéadfadh sé idir /iː/ agus /eː/ na Gaeilge a chur in úil). Is dócha ar aon chuma gur /~teːl/ an fuaimniú a bhí air faoi lár na haoise sin (féach go háirithe 1642 ‘Kilteayle’ Dep. 1641), agus as sin amach go dtí an 19ú haois ar a laghad. Ní haon chaomhnú ar an mbunfhoghraíocht atá i bhfuaimniú an lae inniu 2004 /kilˈtiːl/, is cosúil, ach forbairt rialta ar an -teale seo sa Bhéarla.
Cuireadh Cill tSíle “the church of Síle” san áireamh freisin, le tS- i ndiaidh -l (féach an nóta faoi bf Coill tSaileoige (#28042)). Tá cuma ábhairín thruaillithe ar 1491 ‘Kyllsoela (also spelt Kyllsocla)’ CPL XV §672, ach ar a laghad is annamh -s- míléite san fhoinse seo chomh fada is a dhéanaimid amach; caolseans mar sin go léiríonn -s- an fréamhchonsan tosaigh den cháilitheoir. Maidir leis an nguta deiridh, cf. BSD/Hib. Del. (atá gaolmhar le chéile) agus 1570c ‘Kilsalye’, sampla eile in -s-.
Tá cur síos ar an reilig agus ar an teampall san Fhardal Seandálaíochta — déantar ionannú ansiúd idir seanteampall Chill Tíle agus 1297 ‘the church of Newtown’ (CJR I 169, srl.) (www.archaeology.ie). (Cf. bf Carraig na Páirce nó Dún Másc (#28296).)
Ainmneacha stairiúla:
In oirthuaisceart an bhaile fearainn seo ritheann an bóthar anoir isteach ó bharúntacht an tSráidbhaile. Dealraíonn sé gurb é seo an bealach ar a dtugtar 1608 ‘the pace of Coolbarneshide’ CPR < Cúil Bhearna (Saighead?/Síoda?) “the corner, nook of the gap of (the arrows?)/(Síoda (ainm pearsanta)?)”.
Centrepoint
Historical references
1100c |
Epscop Forcitail i Cill Tidill?
Eoganachta, Loígse 198, n.
|
CGSH Alt: 234
|
1491 |
Kyllsoela (also spelt Kyllsocla)
|
CPL Imleabhar: XV, Leathanach: 672
|
1540 |
Kyltill
|
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 162
|
1549 |
Kyltielle
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 58
|
1550 |
Kiltea[...]?
|
F Leathanach: 638
|
1552 |
Kiltyll
|
F Leathanach: 1131
|
1557c |
Kyltyelle
|
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
|
1557c |
Kyltyelowghe
|
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
|
1563 |
Kiltecloghe
|
F Leathanach: 496
|
1568 |
Kiltill
|
F Leathanach: 1216
|
1570c |
Kilsalye
|
Carew Mss. Leathanach: 635,87
|
1587 |
Kiltecloghe
Rob Pyggotte
|
F Leathanach: 5047
|
1603 |
Kilteale
|
|
1603 |
Kilteale
|
CPR Leathanach: 8
|
1606 |
Kiltill
|
CPR Leathanach: 140
|
1607 |
Killteclogh al' Kilteale
|
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
|
1607 |
Kiltealagh
|
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
|
1607 |
Kilteale
|
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
|
1608 |
Kilteale, Kilteclogh otherwise
|
CPR Leathanach: 112
|
1615 |
Kilteale
|
|
1641 |
Disert Enis
ex O'Hanlon 'Antiquities...' PRIA iml. I sr. II 149
|
|
1642 |
Killteale
|
|
1642 |
Kilteale
|
|
1642 |
Kilteayle
|
|
1654-6 |
Killteale hill
|
CS X Leathanach: 21
|
1659 |
Kiltete
|
Cen. Leathanach: 497
|
1660c |
Killteally
|
BSD (La) Leathanach: 98
|
1660c |
Kiltealy Parish
|
BSD (La) Leathanach: 98
|
1670/71 |
Killteale
Gníomhas 20294 luaite in Hyland, 'Notes on three Laois townlands' (Ossory, Laois and Leinster 3)
|
|
1685 |
Killealy (parish).
|
|
1805 |
Killcale
leg. Kilteale
|
|
1837 |
Kilteal or Kilteel
|
Top. Dict. Imleabhar: II, Leathanach: 211
|
1838 |
Kiltaile
|
BS:AL Leathanach: La038,9
|
1838 |
Killcale
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La038,9
|
1838 |
Kiltail
|
HCSV:AL Leathanach: La038,9
|
1838 |
Kilteel, Kilteal
|
Seward Top. Hib.:AL Leathanach: La038,9
|
1838 |
Kiltale
|
Seward Top. Hib.:AL Leathanach: La038,9
|
1838 |
Kilteale
|
Inq. J I:AL Leathanach: La038,9
|
1838 |
Kilteale
|
OD:AL Leathanach: La038,9
|
1838 |
Kiltaile. The name of this Parish signifies the Church of S. Teidhil, being in Irish Cill Teidhil, which is mentioned in the Calendar.
|
LSO (La) Imleabhar: I, Leathanach: 354
|
1838 |
Kilfaile
|
LSO (La) Imleabhar: II, Leathanach: 45
|
2004 |
kilˈtiːl
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28301.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML