Skip to the search box
Loading
Loading map...
An Baile Nua nó Scadharc
genitive: an Bhaile Nua, Scadhairce
(Irish)
Newtown or Skirk
(English)
Glossary
baile townland, town, homestead
nua new
Explanatory note
  • Gaeilge

    An Baile Nua — Ní mhaireann aon tagairt don leagan Gaeilge den logainm Newtown ach ní hannamh sin (cf. bf An Baile Nua (#27759)).

    Mar le Scadharc de, féach tuilleadh tagairtí stairiúla faoi ainm an pharóiste (#1458). Tá an fhianaise luath, m.sh. 1294 ‘Scatheryck’, 1316 ‘Scatheryk’, breá soiléir mar réadú ar scaderc na Meán-Ghaeilge, a raibh an fhuaim /ð/ ag -d- (-dh-) fós ann. Bhí an fhuaim seo imithe as an nGaeilge faoi lár an 14ú haois — mar atá le feiscint in 1351 ‘Skaryk’. (Seanlitriú atá i 1500c ‘Skathryk’.)

    Ní léir cad atá i gceist le scadharc (< scáth + derc “mirror”, www.dil.ie) mar logainm anseo, áfach. Tá samplaí eile i Loch Garman (#53623) agus sa Mhí (#38271), agus tá cnoic le fáil sna háiteanna seo go léir — d’fhéadfadh sé mar sin gur bhrí éigin cosúil le ‘radharc’ a bhí leis (féach Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman s.n. Scark).

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/28781.aspx

Open data