Skip to the search box
Loading
Loading map...
Garraí an Dinigh
genitive: Gharraí an Dinigh
(Irish)
Garrendenny
(English)
Glossary
garraí garden, court
Explanatory note
  • Gaeilge

    the garden of An Dineach
    An Dineach — ón sloinne Din (< (de) Denn(e) na nAngla-Normannach)

    Tabhair faoi deara na foirmeacha 1551 ‘Gerendyn’, 1558 ‘Dennysgardin’, 1635 ‘Densgarden al’ Garryndeny’, srl., a shoiléiríonn struchtúr an logainm. Deir Reaney (s.n. Denn, Denne) go dtagann an sloinne seo ón Sean-Bhéarla denn “swine-pasture” (1160 ‘Thomas de Denne’ agus 1275 ‘Baldwin de la Denne’) nó ó fhoirm dhíspeagtha den ainm pearsanta Denis. Féach freisin go bhfuil Denne le fáil i dtuaisceart na Fraince freisin de réir dealraimh (cf. ‘Porté dans le Nord-Pas-de-Calais et la Somme, c’est un nom de sens incertain’ http://www.jeantosti.com/noms/d6.htm (ceadaithe 29/03/2017)).

    Cf. 1685 ‘Dinny head’ Hib. Del., léirithe mar a bhfuil bf Ard an tSeagail (#28812) lastoir.

    In Éirinn tá idir Denn agus de Denne le fáil i measc na nAngla-Normannach: cf. 1306 ‘Hugh Dene’, 1309 ‘Andrew Denne’, 1314 ‘Geoffrey Dene’, 1314 ‘Thomas Dyne’ i Luimneach, Port Láirge agus Baile Átha Cliath — os coinne 1305 ‘Reginald de Dene’, ‘Thomas de Dene’, ‘Walter de Dene’ i gCill Chainnigh. Luann Mac Giolla Iasachta de Denne le hUrumhain. Féach Ráth an Dinigh (#27250) i gCill Chainnigh agus cf. Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV s.v. Dennistown (LG).

    Seans gurb é an sloinne céanna a bhí in ainm an chairn carn Cnocán an Duine (#137172) i bpar. Ráth Cúil, Contae Bhaile Átha Cliath, ó cheart (rectius Cnocán an Dinigh?): cf. 1642 ‘Nicholas Den of Rathcoole’ Dep. 1641, 1664 ‘John Denn’ Hearth Money Rolls [par. Theach Sagard], srl.

Irish Grid

S 60067 76666

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/28865.aspx
Folklore

Open data