Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
An tAonach / Nenagh:
the (place of) assemblySeo cúpla sampla de na foirmeacha is sine atá ar fáil, Aenaigh Théte (ginideach, 994), Oenach Téite. De réir an Dinnseanchais atá tagtha anuas chugainn ó ré na Meán-Ghaeilge, is as pearsa mhiteaseolaíochta arbh ainm di Téide (litriú Nua-Ghaeilge) a ainmníodh an áit, ‘Teite ingen Meic Nia a quo Oenach Teite nominatur’ (1100c). Seans gur tionól deasghnách ó bhunús a bhíodh ar siúl ar an Aonach sin, fearacht a thuilleadh áiteanna den ainm. Ionad tábhachtach ba ea An tAonach i ré na Normannach. Tá raidhse tagairtí ann dó i gcáipéisí Laidine ó thosach na tríú haoise déag amach, leithéid 'Nanach' (1220 circa), 'Nanath' (1224), 'le Nanath', 'Nanach' (1288), 'the Nanagh' (1299, aistriúchán Béarla), srl. Tá dhá ghné de na foirmeacha sin ar fiú aird a thabhairt orthu, N- tosaigh an logainm agus an fhianaise ó theangacha iasachta go raibh an t-alt in úsáid san ainm (‘le’, ‘the’). In iontráil Laidine atá cumhdaithe in Annála Inis Faithleann, bliain 1317, a fhaightear an fhoirm Ghaeilge is sine den logainm i ré na Nua-Ghaeilge: ‘intrant per Casselum 7 Naenach’ (= 'tháinig said trí Chaiseal agus …’). Tá foirmeacha Gaeilge againn chomh maith as téacs a cumadh timpeall 1350, ‘do’n Aonach’ ‘isin [=ins an] Aonach’. Meastar gurb é atá san N- i dtosach an logainm ná foirm shioctha den alt neodrach, .i. ** a n-Oenach** (ainmneach, Sean-Ghaeilge). Bhí an inscne neodrach ag imeacht as an Ghaeilge faoin naoú haois agus ní mhaireann ach iarsmaí di i logainmneacha, ar nós Loch nEachach, Sliabh gCuillinn. Dá bhrí sin bheifí ag súil go nglacfadh ainmnfhocail neodracha ceachtar den dá inscne chucu atá fós in úsáid sa teanga. Tá fianaise ann gurbh in a tharla sa chás seo. Timpeall 1550 is mar seo a bhí an logainm á scríobh, an t-Aonach (ainmneach, firinscneach), an aonaigh, an aénaigh (ginideach).
Níl aon sampla de Aonach Urmhumhan ar fáil go dtí an bhliain 1596, tráth ar tagraíodh i ngníomhas talún do ‘Nenagh alias Enaghurron’. Cruthúnas atá sa bhfoirm dheireanach sin, ní amháin go raibh leagan fada an logainm in úsáid an tráth úd ach fós go raibh Urmhumhan (ginideach) á fhuaimniú ar nós an lae inniu, .i. Urún < Urumhan < Urmhumhan (cf. Tuamhain < Tuadhmhumhain). D’fhonn idirdhealú a dhéanamh idir An tAonach a bhí suite i gceantar Urumhan (‘Ormond’) agus áiteanna eile a raibh an t-ainm sin orthu a rinneadh amhlaidh, ní foláir. Ta cúpla sampla ar fáil i scríbhinní Gaeilge den fhoirm fhada as sin amach, Enach Urmhubhan (1632c.) m.sh., ag tagairt don Mhainistir Phroinsiasach a bhí san áit; An aonaigh foirm an ghinidigh sa téacs céanna áfach: ‘Mainistir an Aonaigh an [= in] Urmumhain’. Tá an dá fhoirm le fáil i ndán faoin tSionainn a cumadh sa bhliain 1794, Aonach Urmhumhan agus Aonaigh (ginideach); Aonach Urmumhan atá i gCinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin (1828) agus in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireacht Ordanáis (bliain 1840), scríobhadh ‘Aonach Urmhúmhan pronounced Aonach Urúmhan’. Mar sin, de réir na fianaise atá bailithe againne, bhí foirm ghairid an logainm leis an alt roimhe in úsáid ó thosach na tríú haoise déag go dtí deireadh na hochtú haoise déag. Sa tuiseal ginideach amháin atá na foirmeacha deireanacha. Tá foirm fhada an logainm le fáil ó dheireadh na séú haoise déag go dtí lár na naoú haoise déag.
Is don fhoirm fhada amháin a thug an Laoideach aitheantas in eagrán na bliana 1905 de Post-Sheanchas, Aonach Urmhumhan. Is eagrán Gaeilge - Béarla na bliana 1922 den saothar céanna thug sé aitheantas don dá fhoirm, ‘Aonach Urmhumhan (sean-ainm an bhaile) An tAonach (nua-ainm..)’—a mhalairt atá fíor ar ndóigh.
Centrepoint
Historical references
n/a |
Nenach
|
CPL Leathanach: V.109
|
n/a |
(1596, 1794, 1828, 1840) Léirionn formhór mór na fianaise gurbh í An (t)Aonach an fhoirm ba chomónta
|
|
n/a | ||
n/a | ||
n/a | ||
n/a | ||
n/a | ||
n/a | ||
n/a | ||
14ú haois |
del Nanath
|
RBO Leathanach: 85
|
994 |
Aenaigh Thete
|
ARÉ Leathanach: II.732
|
994 |
Aonaigh Tete
|
CScot. Leathanach: 234
|
1056 |
Oenach Tête
|
ARÉ Leathanach: II.872
|
c.1160 |
Oenach Teite
|
MDind. Leathanach: IV.328
|
c.1220 |
Nanach
|
COD Leathanach: I.24
|
1224-1226 |
Nanach
|
COD Leathanach: I.10
|
[1224-1226] |
Nanath
|
IMED Leathanach: 227, 228
|
1224-1226 |
le Nenath
|
IMED Leathanach: 229
|
1284 |
le Nanath, le Nanagh
|
CDI Leathanach: II.510
|
1288-1289 |
Nanach
|
RDK Leathanach: 37 RDK 35
|
1290 |
Nanach
|
CDI Leathanach: III.275
|
1291 |
Nanach
|
CPL Leathanach: I.536
|
1297 |
Nannagh
|
CPL Leathanach: I.136
|
1299 |
the Nanagh
|
CPL Leathanach: I.234, 243
|
1300 |
the Nanagh
|
CPL Leathanach: I.304
|
1303-1304 |
the Nanagh
|
RDK Leathanach: 38 RDK 92
|
1305 |
Nenagh Obren
|
CJR Leathanach: II.107
|
1305 |
the Nanagh
|
CJR Leathanach: II.108
|
c.1306 |
Eononagh
|
Pap. Tax. Leathanach: 301
|
1307 |
del Nanath
|
RBO Leathanach: 117
|
1313 |
del Nanagh
|
CJR Leathanach: III.272
|
1313 |
Nanagh
|
CJR Leathanach: III.273
|
1317 |
Naenach
|
AIF Leathanach: 3
|
1324 |
Nenach
|
COD Leathanach: I.239
|
1336 |
le Nenagh
|
COD Leathanach: I.290
|
1337-1338 |
the Nenagh
|
RDK Leathanach: 45 RDK 33
|
1338 |
Nanagh
|
Inq. PM Leathanach: II.85
|
1342-1343 |
Nanagh
|
RDK Leathanach: 53 RDK 43
|
1344-1345 |
the Nenagh
|
RDK Leathanach: 54 RDK 27
|
1345 |
le Nenagh'
|
Analecta Hib. Leathanach: XX24
|
c.1350 |
do'n Aonach
|
CThoir. Leathanach: 133
|
c.1350 |
isin Aonach
|
CThoir. Leathanach: 135
|
1354 |
Nenagh
|
COD Leathanach: II.11 etc.
|
1356 |
le Nenagh
|
COD Leathanach: II.22.23.27
|
1358 |
del Nenagh
|
COD Leathanach: II.34
|
1372 |
Nenagh
|
RPat. Cl. Leathanach: 84
|
1394 |
Leuenchac, Nenach
|
CPL Leathanach: IV.476
|
1398 |
Naynach
|
CPL Leathanach: V.101. 180
|
c.1408 |
Nenagh O'Brian
|
COD Leathanach: IV.178
|
1411 |
Lenenach
|
CPL Leathanach: VI.264
|
1414 |
Nyinach
|
CPL Leathanach: VI.470
|
1421 |
Lanaenach
|
Ann. Laon. Leathanach: 2
|
1421 |
Lenaenach
|
CPL Leathanach: VII.178, 183
|
1422 |
Naenach
|
CPL Leathanach: VII.265
|
1423 |
le Naenach
|
CPL Leathanach: VII.276
|
1423 |
Naenach
|
CPL Leathanach: VII.267, 268
|
1426 |
Lanaenach
|
Ann. Laon. Leathanach: 11
|
1427 |
la Naenac
|
CPL Leathanach: VII.487
|
1427 |
le Naenach
|
CPL Leathanach: VII.483
|
1432 |
Nenagh y bryen
|
COD Leathanach: III.81
|
1439 |
Laenenac
|
Ann. Laon. Leathanach: 28
|
1439 |
Lanena
|
Ann. Laon. Leathanach: 27
|
1441 |
Lenaenach
|
Ann. Laon. Leathanach: 28
|
1474 |
Lenache
|
Ann. Laon. Leathanach: 52
|
1476 |
Lanaenach
|
Ann. Laon Leathanach: 52
|
1479 |
Lenanach
|
Ann. Laon Leathanach: 58
|
1485 |
Leneanach
|
Ann. Laon. Leathanach: 70
|
1488 |
Lenachonas
|
Ann. Laon. Leathanach: 77
|
1493 |
Lenaenach
|
Ann. Leathanach: 82
|
1493 |
Lenayagh
|
Ann. Laon. Leathanach: 79
|
1510 |
Lenaenac
|
Ann. Laon. Leathanach: 94
|
(1515-1528?) |
le Nenagh
|
IMED Leathanach: 253
|
1533 |
Enagh
|
COD Leathanach: IV.162
|
1533 |
le Nenath
|
IMED Leathanach: 248
|
1533 |
Nenath
|
IMED Leathanach: 247
|
1538 |
Nenagh
|
COD Leathanach: IV.178
|
1546 |
Nenagh
|
COD Leathanach: IV.299
|
[1547-1553] |
Nannaghe
(gan dáta)
|
Inq.(TÁ) Leathanach: I.50
|
[1547-1553] |
Nenaghe
(gan dáta)
|
Inq.(TÁ) Leathanach: I.51
|
[1547-1553] |
Neanagh
(gan dáta)
|
Inq.(TÁ) Leathanach: I.53
|
[1547-1553] |
Nenaghe
(gan dáta)
|
Inq.(TÁ) Leathanach: I.76
|
1548 |
an aénaigh
|
ARÉ Leathanach: V.1512
|
c.1550 |
an t-Aonach
|
Butler Poems Leathanach: 6, 1. 117
|
1550 |
Enaghe
|
F Leathanach: 625
|
c.1550 |
an aonaigh
|
Sen. Buitlér. Leathanach: 163
|
1552 |
Enagh
|
F Leathanach: 1020
|
1552 |
Enaghe
|
F Leathanach: 1020
|
1552 |
the Nenagh
|
F Leathanach: 1135
|
1552 |
the Nenaghe
|
F Leathanach: 1135
|
1562 |
Enaghe
|
F Leathanach: 463
|
1563 |
the Nenaghe
|
F Leathanach: 562
|
1568 |
Nenaghe
|
F Leathanach: 1236
|
1571 |
le Nenaghe
|
COD Leathanach: V.197
|
1571 |
the Nenagh
|
COD Leathanach: V.198
|
1571-1572 |
Nenagh
|
COD Leathanach: V.202. srl.
|
1575 |
the Nenoigh
|
IMED Leathanach: 270
|
1582 |
the Nenaghe
|
COD Leathanach: V.316
|
1585 |
Nenaghe
|
F Leathanach: 4639
|
1588 |
the Nenaugh
|
F Leathanach: 5247
|
1591 |
Nenagh
|
F Leathanach: 5697
|
1592 |
Nenagh
|
COD Leathanach: VI.50. srl.
|
1596 |
Nenagh alias Enaghurron
|
COD Leathanach: VI.97
|
1597 |
Nynaghe
|
F Leathanach: 6180
|
1601 |
Neanagh
|
F Leathanach: 6519
|
1601 |
Nenagh
|
F Leathanach: 6519
|
1603 |
the Nenagh
|
F Leathanach: 6765
|
1609 |
Nenagh
|
CPR Leathanach: 143
|
1615 |
Nenagh
|
RVis. (Kill.) Leathanach: 218
|
1617 |
Aonagh
|
Analecta Hib. Leathanach: V75
|
1618 |
Nenagh
|
CPR Leathanach: 458
|
1621 |
Nenagh
|
Inq.(TÁ) Leathanach: I.291
|
1622 |
la Nenagh
|
State Dioc. Leathanach: 140
|
1622 |
Nenagh
|
State Dioc. Leathanach: 141
|
1622 |
Nenagh al. Enagh
|
State Dioc. Leathanach: 117
|
1624 |
Neanagh
|
CPR Leathanach: 577
|
1629-1630 |
Enachensi
|
Analecta Hib. Leathanach: V152
|
1629-1630 |
Enachensis
|
Analecta Hib. Leathanach: V148
|
c.1632 |
an áonaigh
|
Analecta Hib. Leathanach: V202
|
c.1632 |
Enach Urmhubhan
|
Analecta Hib. Leathanach: V28
|
c.1632 |
Mainistir an aonaigh an urmumhain
|
Analecta Hib. Leathanach: V195
|
1633 |
le Nenagh
|
Inq.(TÁ) Leathanach: II.141
|
1633 |
Nenagh
|
Inq.(TÁ) Leathanach: II.79. 89. 124. 154
|
1654 |
Nenagh
|
CS II Leathanach: 279. 280. 295 srl.
|
1657 |
Nenagh
|
|
1659 |
Nenagh
|
Cen. Leathanach: 298
|
c.1660 |
Nenagh
|
BSD (TÁ) Leathanach: 232, 263
|
1665-1666 |
Nenagh
|
HMR (TÁ) Leathanach: 49, 51
|
1666-1667 |
Neagh
|
HMR (TÁ) Leathanach: 178
|
1666-1667 |
Nenagh
|
HMR (TÁ) Leathanach: 176, 182
|
1685 |
Nenagh
|
|
1778 |
Nenagh
|
T&S Leathanach: 98, 100, 191 srl.
|
1794 |
Aonach Urmhumhan...Aonaigh (gin)
|
Éigse Leathanach: VI.227
|
1828 |
Aonach Urmumhan
|
Cinnlae Amhl. Leathanach: II.30
|
1840 |
Nenagh
|
|
1840 |
Aonach Urmhúmhan, prond. Aonach Urúmhan
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/46739.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML