BRABHSÁIL
baile fearainn
An tAonach Theas
ginideach: an Aonaigh Theas
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Nenagh South
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    An tAonach / Nenagh:
    the (place of) assembly

    Seo cúpla sampla de na foirmeacha is sine atá ar fáil, Aenaigh Théte (ginideach, 994), Oenach Téite. De réir an Dinnseanchais atá tagtha anuas chugainn ó ré na Meán-Ghaeilge, is as pearsa mhiteaseolaíochta arbh ainm di Téide (litriú Nua-Ghaeilge) a ainmníodh an áit, ‘Teite ingen Meic Nia a quo Oenach Teite nominatur’ (1100c). Seans gur tionól deasghnách ó bhunús a bhíodh ar siúl ar an Aonach sin, fearacht a thuilleadh áiteanna den ainm. Ionad tábhachtach ba ea An tAonach i ré na Normannach. Tá raidhse tagairtí ann dó i gcáipéisí Laidine ó thosach na tríú haoise déag amach, leithéid 'Nanach' (1220 circa), 'Nanath' (1224), 'le Nanath', 'Nanach' (1288), 'the Nanagh' (1299, aistriúchán Béarla), srl. Tá dhá ghné de na foirmeacha sin ar fiú aird a thabhairt orthu, N- tosaigh an logainm agus an fhianaise ó theangacha iasachta go raibh an t-alt in úsáid san ainm (‘le’, ‘the’). In iontráil Laidine atá cumhdaithe in Annála Inis Faithleann, bliain 1317, a fhaightear an fhoirm Ghaeilge is sine den logainm i ré na Nua-Ghaeilge: ‘intrant per Casselum 7 Naenach’ (= 'tháinig said trí Chaiseal agus …’). Tá foirmeacha Gaeilge againn chomh maith as téacs a cumadh timpeall 1350, ‘do’n Aonach’ ‘isin [=ins an] Aonach’. Meastar gurb é atá san N- i dtosach an logainm ná foirm shioctha den alt neodrach, .i. ** a n-Oenach** (ainmneach, Sean-Ghaeilge). Bhí an inscne neodrach ag imeacht as an Ghaeilge faoin naoú haois agus ní mhaireann ach iarsmaí di i logainmneacha, ar nós Loch nEachach, Sliabh gCuillinn. Dá bhrí sin bheifí ag súil go nglacfadh ainmnfhocail neodracha ceachtar den dá inscne chucu atá fós in úsáid sa teanga. Tá fianaise ann gurbh in a tharla sa chás seo. Timpeall 1550 is mar seo a bhí an logainm á scríobh, an t-Aonach (ainmneach, firinscneach), an aonaigh, an aénaigh (ginideach).

    Níl aon sampla de Aonach Urmhumhan ar fáil go dtí an bhliain 1596, tráth ar tagraíodh i ngníomhas talún do ‘Nenagh alias Enaghurron’. Cruthúnas atá sa bhfoirm dheireanach sin, ní amháin go raibh leagan fada an logainm in úsáid an tráth úd ach fós go raibh Urmhumhan (ginideach) á fhuaimniú ar nós an lae inniu, .i. Urún < Urumhan < Urmhumhan (cf. Tuamhain < Tuadhmhumhain). D’fhonn idirdhealú a dhéanamh idir An tAonach a bhí suite i gceantar Urumhan (‘Ormond’) agus áiteanna eile a raibh an t-ainm sin orthu a rinneadh amhlaidh, ní foláir. Ta cúpla sampla ar fáil i scríbhinní Gaeilge den fhoirm fhada as sin amach, Enach Urmhubhan (1632c.) m.sh., ag tagairt don Mhainistir Phroinsiasach a bhí san áit; An aonaigh foirm an ghinidigh sa téacs céanna áfach: ‘Mainistir an Aonaigh an [= in] Urmumhain’. Tá an dá fhoirm le fáil i ndán faoin tSionainn a cumadh sa bhliain 1794, Aonach Urmhumhan agus Aonaigh (ginideach); Aonach Urmumhan atá i gCinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin (1828) agus in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireacht Ordanáis (bliain 1840), scríobhadh ‘Aonach Urmhúmhan pronounced Aonach Urúmhan’. Mar sin, de réir na fianaise atá bailithe againne, bhí foirm ghairid an logainm leis an alt roimhe in úsáid ó thosach na tríú haoise déag go dtí deireadh na hochtú haoise déag. Sa tuiseal ginideach amháin atá na foirmeacha deireanacha. Tá foirm fhada an logainm le fáil ó dheireadh na séú haoise déag go dtí lár na naoú haoise déag.

    Is don fhoirm fhada amháin a thug an Laoideach aitheantas in eagrán na bliana 1905 de Post-Sheanchas, Aonach Urmhumhan. Is eagrán Gaeilge - Béarla na bliana 1922 den saothar céanna thug sé aitheantas don dá fhoirm, ‘Aonach Urmhumhan (sean-ainm an bhaile) An tAonach (nua-ainm..)’—a mhalairt atá fíor ar ndóigh.

Lárphointe

52.8605, -8.19572domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

n/a
Nenach
CPL Leathanach: V.109
n/a
(1596, 1794, 1828, 1840) Léirionn formhór mór na fianaise gurbh í An (t)Aonach an fhoirm ba chomónta
Nóta
n/a
Nóta
n/a
Nóta
n/a
Nóta
n/a
Nóta
n/a
Nóta
n/a
Nóta
n/a
Nóta
14ú haois
del Nanath
RBO Leathanach: 85
994
Aenaigh Thete
ARÉ Leathanach: II.732
994
Aonaigh Tete
CScot. Leathanach: 234
1056
Oenach Tête
ARÉ Leathanach: II.872
c.1160
Oenach Teite
MDind. Leathanach: IV.328
c.1220
Nanach
COD Leathanach: I.24
1224-1226
Nanach
COD Leathanach: I.10
[1224-1226]
Nanath
IMED Leathanach: 227, 228
1224-1226
le Nenath
IMED Leathanach: 229
1284
le Nanath, le Nanagh
CDI Leathanach: II.510
1288-1289
Nanach
RDK Leathanach: 37 RDK 35
1290
Nanach
CDI Leathanach: III.275
1291
Nanach
CPL Leathanach: I.536
1297
Nannagh
CPL Leathanach: I.136
1299
the Nanagh
CPL Leathanach: I.234, 243
1300
the Nanagh
CPL Leathanach: I.304
1303-1304
the Nanagh
RDK Leathanach: 38 RDK 92
1305
Nenagh Obren
CJR Leathanach: II.107
1305
the Nanagh
CJR Leathanach: II.108
c.1306
Eononagh
Pap. Tax. Leathanach: 301
1307
del Nanath
RBO Leathanach: 117
1313
del Nanagh
CJR Leathanach: III.272
1313
Nanagh
CJR Leathanach: III.273
1317
Naenach
AIF Leathanach: 3
1324
Nenach
COD Leathanach: I.239
1336
le Nenagh
COD Leathanach: I.290
1337-1338
the Nenagh
RDK Leathanach: 45 RDK 33
1338
Nanagh
Inq. PM Leathanach: II.85
1342-1343
Nanagh
RDK Leathanach: 53 RDK 43
1344-1345
the Nenagh
RDK Leathanach: 54 RDK 27
1345
le Nenagh'
Analecta Hib. Leathanach: XX24
c.1350
do'n Aonach
CThoir. Leathanach: 133
c.1350
isin Aonach
CThoir. Leathanach: 135
1354
Nenagh
COD Leathanach: II.11 etc.
1356
le Nenagh
COD Leathanach: II.22.23.27
1358
del Nenagh
COD Leathanach: II.34
1372
Nenagh
RPat. Cl. Leathanach: 84
1394
Leuenchac, Nenach
CPL Leathanach: IV.476
1398
Naynach
CPL Leathanach: V.101. 180
c.1408
Nenagh O'Brian
COD Leathanach: IV.178
1411
Lenenach
CPL Leathanach: VI.264
1414
Nyinach
CPL Leathanach: VI.470
1421
Lanaenach
Ann. Laon. Leathanach: 2
1421
Lenaenach
CPL Leathanach: VII.178, 183
1422
Naenach
CPL Leathanach: VII.265
1423
le Naenach
CPL Leathanach: VII.276
1423
Naenach
CPL Leathanach: VII.267, 268
1426
Lanaenach
Ann. Laon. Leathanach: 11
1427
la Naenac
CPL Leathanach: VII.487
1427
le Naenach
CPL Leathanach: VII.483
1432
Nenagh y bryen
COD Leathanach: III.81
1439
Laenenac
Ann. Laon. Leathanach: 28
1439
Lanena
Ann. Laon. Leathanach: 27
1441
Lenaenach
Ann. Laon. Leathanach: 28
1474
Lenache
Ann. Laon. Leathanach: 52
1476
Lanaenach
Ann. Laon Leathanach: 52
1479
Lenanach
Ann. Laon Leathanach: 58
1485
Leneanach
Ann. Laon. Leathanach: 70
1488
Lenachonas
Ann. Laon. Leathanach: 77
1493
Lenaenach
Ann. Leathanach: 82
1493
Lenayagh
Ann. Laon. Leathanach: 79
1510
Lenaenac
Ann. Laon. Leathanach: 94
(1515-1528?)
le Nenagh
IMED Leathanach: 253
1533
Enagh
COD Leathanach: IV.162
1533
le Nenath
IMED Leathanach: 248
1533
Nenath
IMED Leathanach: 247
1538
Nenagh
COD Leathanach: IV.178
1546
Nenagh
COD Leathanach: IV.299
[1547-1553]
Nannaghe
(gan dáta)
Inq.(TÁ) Leathanach: I.50
[1547-1553]
Nenaghe
(gan dáta)
Inq.(TÁ) Leathanach: I.51
[1547-1553]
Neanagh
(gan dáta)
Inq.(TÁ) Leathanach: I.53
[1547-1553]
Nenaghe
(gan dáta)
Inq.(TÁ) Leathanach: I.76
1548
an aénaigh
ARÉ Leathanach: V.1512
c.1550
an t-Aonach
Butler Poems Leathanach: 6, 1. 117
1550
Enaghe
F Leathanach: 625
c.1550
an aonaigh
Sen. Buitlér. Leathanach: 163
1552
Enagh
F Leathanach: 1020
1552
Enaghe
F Leathanach: 1020
1552
the Nenagh
F Leathanach: 1135
1552
the Nenaghe
F Leathanach: 1135
1562
Enaghe
F Leathanach: 463
1563
the Nenaghe
F Leathanach: 562
1568
Nenaghe
F Leathanach: 1236
1571
le Nenaghe
COD Leathanach: V.197
1571
the Nenagh
COD Leathanach: V.198
1571-1572
Nenagh
COD Leathanach: V.202. srl.
1575
the Nenoigh
IMED Leathanach: 270
1582
the Nenaghe
COD Leathanach: V.316
1585
Nenaghe
F Leathanach: 4639
1588
the Nenaugh
F Leathanach: 5247
1591
Nenagh
F Leathanach: 5697
1592
Nenagh
COD Leathanach: VI.50. srl.
1596
Nenagh alias Enaghurron
COD Leathanach: VI.97
1597
Nynaghe
F Leathanach: 6180
1601
Neanagh
F Leathanach: 6519
1601
Nenagh
F Leathanach: 6519
1603
the Nenagh
F Leathanach: 6765
1609
Nenagh
CPR Leathanach: 143
1615
Nenagh
RVis. (Kill.) Leathanach: 218
1617
Aonagh
Analecta Hib. Leathanach: V75
1618
Nenagh
CPR Leathanach: 458
1621
Nenagh
Inq.(TÁ) Leathanach: I.291
1622
la Nenagh
State Dioc. Leathanach: 140
1622
Nenagh
State Dioc. Leathanach: 141
1622
Nenagh al. Enagh
State Dioc. Leathanach: 117
1624
Neanagh
CPR Leathanach: 577
1629-1630
Enachensi
Analecta Hib. Leathanach: V152
1629-1630
Enachensis
Analecta Hib. Leathanach: V148
c.1632
an áonaigh
Analecta Hib. Leathanach: V202
c.1632
Enach Urmhubhan
Analecta Hib. Leathanach: V28
c.1632
Mainistir an aonaigh an urmumhain
Analecta Hib. Leathanach: V195
1633
le Nenagh
Inq.(TÁ) Leathanach: II.141
1633
Nenagh
Inq.(TÁ) Leathanach: II.79. 89. 124. 154
1654
Nenagh
CS II Leathanach: 279. 280. 295 srl.
1657
Nenagh
DS
1659
Nenagh
Cen. Leathanach: 298
c.1660
Nenagh
BSD (TÁ) Leathanach: 232, 263
1665-1666
Nenagh
HMR (TÁ) Leathanach: 49, 51
1666-1667
Neagh
HMR (TÁ) Leathanach: 178
1666-1667
Nenagh
HMR (TÁ) Leathanach: 176, 182
1685
Nenagh
Hib. Del.
1778
Nenagh
T&S Leathanach: 98, 100, 191 srl.
1794
Aonach Urmhumhan...Aonaigh (gin)
Éigse Leathanach: VI.227
1828
Aonach Urmumhan
Cinnlae Amhl. Leathanach: II.30
1840
Nenagh
AL
1840
Aonach Urmhúmhan, prond. Aonach Urúmhan
OD:AL

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm