BROWSE
Cill Uisean
genitive: Chill Uisean
non-validated name (What is this?)
(Irish)
Killeshin
(English)

Glossary

English church

Explanatory note

  • Gaeilge

    the church of Uise
    giorrúchán < Cill Ghlinne hUisean “the church of the glen of Uise”
    Uise — ainm abhann

    Is é seo a leanas an nóta ag Alan Mac an Bhaird faoin ainm seo in Dinnseanchas 6 154:

    Tá sé soiléir go bhfuil ainm an lae inniu, Cill Uisean, bunaithe ar an ainm is sine dá bhfuil againn .i. Gleann Uisean. Is dócha gur giorrúchán é ar *Cill Ghlinne hUisean. Bhíothas den tuairim tráth gurbh é Oisín a bhí mar tarna eilimint san ainm ach léiríonn na foinsí Gaelacha nach mar sin an scéal. Uisean atá ann. Ginideach é seo ar *Uise. Níl *Uise féin le fáil againn ach tá a réamhfhoclach Uisin (‘in Usin’ Leabhar Leacáin 86 v. a. 21; ‘inn Uissin’ Leabhar Bhaile an Mhóta 123b 25). Ón gcomhthéacs ina bhfaghtar é, is dócha go dtagraíonn sé don ghleann féin nó don abhainn a théann tríd siúd. Téann an abhainn An Fhuiseog (Fushoge i mBéarla) tré pharóiste Chill Uisean. Mar leis an ngnáthfhocal fuiseog, is é uiseog an fhoirm is sine dá bhfuil againn (féach Contributions). Dá bhrí sin, is cosúil ná fuil in ainm na Fuiseoige ach leagan díspeagúil déanach ar *Uise agus go bhfuil sean-ainm na habhann calcaithe i gCill Uisean.

    Féach leis Foclóir Stairiúil Áitainmneacha Gaeilge s.n. Ceall Eisean.

    Tá cur síos san Fhardal ar na hiarsmaí seandálaíochta ag an láthair eaglasta seo a bhí luaite le Comhán (< Comhghán) (www.archaeology.ie). Féach leis Ó Riain, Dictionary of Irish Saints s.n. ‘Comhghán of Killeshin’. Ní cinnte suíomh ná bunús don logainm eile atá le feiscint san fhianaise .i. 1563 ‘Tesshanfecken in Kylleshen’, 1619 ‘Tesshanefeekin’, ‘Fesohanefeckan’ < Tigh Shean-Fhéichín (??) “the house of old Féichín”, b’fhéidir.

    Bhí Gaeilge áirithe ag seanfhondúirí an ghleanna seo aimsir na Suirbhéireachta (cf. LSO Chill Chainnigh I 221–2).

Centrepoint

52.8491, -6.99278latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm

Subunits