BROWSE
civil parishtownland
Cill tSíle
genitive: Chill tSíle
(Irish)
Kilteale
(English)

Glossary

English church

Explanatory note

  • Gaeilge

    (the) church of —

    Ní léir bunús an dara heilimint anseo.

    Tá na foirmeacha go léir in -cloghe, et var., bunaithe ar an aon fhoirm lochtach amháin .i. 1563 ‘Kiltecloghe’ F 496, a bhain leis an bPiogóideach (agus is cosúil gur cóip eile de seo is ea 1557c ‘Kyltyelowghe’). Is féidir neamaird a dhéanamh de na hiontrálacha 1587 ‘Kiltecloghe’, 1607 ‘Kiltealagh’, ‘Killteclogh’, 1608 ‘Kilteclogh’ dá réir (féach go gceartaítear an drochlitriú seo in 1607, 1608).

    Is dócha nach leis an áit seo a bhaineann an tagairt luath 1100c ‘i Cill Tidill’ ach le bf Cill Tíle (#1574) i Luimneach (cf. Dictionary of Irish Saints 349).

    Tá sé le tuiscint as fianaise an 16ú haois gur /tiːl/ nó /tiəl/ an foghrú a bhí ar an gcáilitheoir sa logainm seo an uair úd. Íslíodh an guta (~/eː/) faoi thús an 17ú haois de réir dealraimh (cé go mbíonn an litriú Béarla -ea- ábhairín débhríoch sa tréimhse seo cheana féin; d’fhéadfadh sé idir /iː/ agus /eː/ na Gaeilge a chur in úil). Is dócha ar aon chuma gur /~teːl/ an fuaimniú a bhí air faoi lár na haoise sin (féach go háirithe 1642 ‘Kilteayle’ Dep. 1641), agus as sin amach go dtí an 19ú haois ar a laghad. Ní haon chaomhnú ar an mbunfhoghraíocht atá i bhfuaimniú an lae inniu 2004 /kilˈtiːl/, is cosúil, ach forbairt rialta ar an -teale seo sa Bhéarla.

    Cuireadh Cill tSíle “the church of Síle” san áireamh freisin, le tS- i ndiaidh -l (féach an nóta faoi bf Coill tSaileoige (#28042)). Tá cuma ábhairín thruaillithe ar 1491 ‘Kyllsoela (also spelt Kyllsocla)’ CPL XV §672, ach ar a laghad is annamh -s- míléite san fhoinse seo chomh fada is a dhéanaimid amach; caolseans mar sin go léiríonn -s- an fréamhchonsan tosaigh den cháilitheoir. Maidir leis an nguta deiridh, cf. BSD/Hib. Del. (atá gaolmhar le chéile) agus 1570c ‘Kilsalye’, sampla eile in -s-.

    Tá cur síos ar an reilig agus ar an teampall san Fhardal Seandálaíochta — déantar ionannú ansiúd idir seanteampall Chill Tíle agus 1297 ‘the church of Newtown’ (CJR I 169, srl.) (www.archaeology.ie). (Cf. bf Carraig na Páirce Dún Másc (#28296).)

    Ainmneacha stairiúla:
    In oirthuaisceart an bhaile fearainn seo ritheann an bóthar anoir isteach ó bharúntacht an tSráidbhaile. Dealraíonn sé gurb é seo an bealach ar a dtugtar 1608 ‘the pace of Coolbarneshide’ CPR < Cúil Bhearna (Saighead?/Síoda?) “the corner, nook of the gap of (the arrows?)/(Síoda (ainm pearsanta)?)”.

Centrepoint

53.0511, -7.19261latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1540
Kyltill
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 162
1550
Kiltea[...]?
'S. Sillena the virgin of'
F Leathanach: 638
1552
Kiltyll
F Leathanach: 1131
1568
Kiltill
F Leathanach: 1216
1570c
Kilsalye
Carew Mss. Leathanach: 635,87
1606
Kiltill
CPR Leathanach: 140
1607
Kilteal
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
1660c
Part of Kiltealy Parish
BSD (La) Leathanach: 107
1660c
Kiltealy Parish
BSD (La) Leathanach: 98
1685
Killealy (parish).
Hib. Del.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm