Skip to the search box
Loading
Loading map...
Achadh Fionn
genitive: Achadh Fionn
(Irish)
Aghafin
(English)
Glossary
achadh
(also: -ach)
field
fionn
(also: finne)
white
Explanatory note
  • Gaeilge

    white field

    Is cosúil gurb é an aidiacht fionn atá sa cháilitheoir anseo (cf. bf An Chúil Fhionn (#27863), bf An Cnoc Fionn (#28058)) — go deimhin ní bheifí ag súil le 1838 ‘Aghafan’ ná le 2004 /ahəˈfan/ mar réadú ar Achadh F(h)inn “the field of Fionn (personal name)”.

    Díol spéise an dá shampla úd, más ea, ó tá siad níos giorra d’fhuaimniú fionn i lár tíre (m.sh. bf Achadh Fionn > 1985c /ahɪˈfaːn/ (#41248) (UF 6)) agus in oirthear Laighean (m.sh. sl Sliabh Fionn > Slayfonn (#113180) (CM 23), ‘Fan McCool’ i mBéarla na háite) ná don fhuaimniú sa chuid eile d’Osraí (m.sh. fionn /fʹuːn/, LASID II) agus i dtuaisceart Thiobraid Árann (e.g. bf An Cnoc Fionn > Knockfune (#46509) ( 27)). I gContae Laoise féin cf. 1631 ‘Knockfane’ faoi bf An Cnoc Fionn (#28058) agus, b’fhéidir, an béarlú ‘Fantan’ ar ainm an naoimh Fiontan i nDarú (sa mhionainm ‘Fantan’s Well’, History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 212).

    Tá sé seo ar cheann de na dornán bailte fearainn sa bharúntacht seo atá taobh theas den Fheoir.

    Ainmneacha stairiúla:
    1. Cluain Caisearbhá(i)n “pasture of (the) dandelion(s)” atá sa dara logainm a luaitear i bhfoinsí de chuid an 17ú haois.

Irish Grid

S 32488 90797

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/27813.aspx

Open data