Skip to the search box
Loading
Loading map...
Baile Adaim
genitive: Bhaile Adaim
(Irish)
Ballyadams
(English)
Glossary
baile townland, town, homestead
Explanatory note
  • Gaeilge

    the town of Adam
    Adam — ainm pearsanta (< Adam na nAngla-Normannach)

    Is ann do mhalairt de ghaelú ar Adam ina bhfuil an dara siolla fada .i. Adám, ainm atá le fáil i logainmneacha eile sa deisceart — féach bf Baile Mhic Adáim (#24453) i gCiarraí, bbf Baile Adáim (#50408; #50478; #50367) i bPort Láirge. Ach ní dócha gur fianaise ar an bhfoirm sin atá sna tagairtí eisceachtúla 1557 ‘Bally Adame’, 1578 ‘Ballyadame’ anseo (leg. -ms?). Leaganacha gaelaithe iad Adam agus Adám araon den ainm pearsanta a thug na hAngla-Normannaigh isteach, agus ní hionann is Ádhamh ar gaelú luath é ar an ainm bíobalta. (Cf. Seán (< Seaghán) < Jehan na nAngla-Normannach, nach ionann is Eoin < Iohannes an Bhíobla.) Ní léir cén t-údarás atá ag O’Byrne nuair a deir go bhfuair Ballyadams ainm ó ‘Adam O’More’ a thóg caisleán anseo le linn Anraí VII a bheith i réimeas i Sasana (1485–1509) (Hist. Queen’s Co. (1856) 74). Tá cur síos ar an gcaisleán san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie) agus in Laois: History & Society 401–2; cf. Fitzgerald in Journal of Kildare Archaeological and Historical Society VII.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    1. Sa teampall paróiste in iarthar an bhaile fearainn léirítear Shone Apheeka Bowen’s Tomb SO < Seán an Phíce “John of the pike”, leasainm maslach ag muintir Laoise ar John ap Thomas ap Owen (†c.1570), sinsear an teaghlaigh a fuair tailte anseo sa phlandáil. (Cf. Fitzgerald in Journal of Kildare Archaeological and Historical Society VII 23–27; deir O’Hanlon gurbh é Sir John Bowen (†1644) Seán an Phíce in Hist. Queen’s Co. I 184, ach féach gur thaobhaigh seisean leis na Gaeil i 1641: cf. Teistíochtaí 1641 Laois 56r, 57v, 250r, Cill Dara 328r, etc.)
    2. Taobh thuaidh den chaisleán tá Tubbernagapple SO 25ʺ (1912 ‘Tober-na-Goppal’ JKAS VII 20) < Tobar na gCapall “the well of the horses”.

Irish Grid

S 62705 91035

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/28121.aspx
Further information about this place
Folklore

Machine-readable data