Skip to the search box
Loading
Loading map...
Carraig na Páirce nó Dún Másc
genitive: Charraig na Páirce, Dhún Masc
(Irish)
Park or Dunamase
(English)
Glossary
carraig rock
dún
(also: dúnaibh)
fort
páirc field
Explanatory note
  • Gaeilge

    Carraig na Páirce
    the rock of the park

    Logainm de bhunús Gaeilge é seo a bhfuil an focal iasachta páirc (< parc na Sean-Fhraincise) ann; b’fhéidir gurb ionann is an pháirc sa tagairt 1282 ‘the new town ... the grange of Dunmasek ... the mountain pasture and the pasture in the park’ CDI II 466 (ní deirtear ansin ná in eagrán eile an téacs chéanna in Inq. PM 2 cén focal a bhí sa bhuntéacs Laidine) (ach cf. #28219). (Cf. freisin an nóta faoi bf (#28293) i bPort na hInse.)

    Dún Másc
    the fort of Másc?
    Másc — ainm pearsanta?

    De réir an Dinnseanchais is ainm pearsanta atá sa cháilitheoir anseo: m.sh. 1160c ‘Dun Másc unde nominatur … Caínén Másc mac Augein … is leis dorochlas in dúnsin’ sa Leabhar Laighneach (leabhar a bhain leis an láthair eaglasta bf An Nuachabháil (#28230), atá le feiscint ón dún seo tríd an mbearnain sna cnoic ó dheas). (Féach leis ‘Caīn Māsc a quo Dún Masc’ agus v.ll. in Corpus Genealogiarum Hiberniae 21.)

    Tá fianaise ar /-s/ á dhéanamh de -sc deiridh na Gaeilge sna cáipéisí riaracháin go gairid tar éis do na hAngla-Normannaigh teacht i seilbh ar an áit: féach 1215 ‘Damas’ [leg. ‘Dūmas’ .i. ‘Dunmas’?], 1240c ‘Dunamase’, taobh le 1282–83 ‘Dunmasck’. Caomhnaíodh an bunleagan Gaeilge — i dtéacsanna liteartha ar aon chuma — anuas go dtí an 17ú haois. Tá tionchar an Bhéarla le brath ar an bhfoirm 1700c ‘ó Charruic Dhún na Más’ i dtéacs próis ón Mí (Éigse XIV 321), agus is dócha go mbeadh cuma na cirte ar a leithéid don té nach raibh cur amach ar an bhfíorainm.

    Tá cur síos breá ar an gcaisleán, agus ar an lonnaíocht thráite faoina bhun amach, le fáil san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie).

    Ainmneacha stairiúla:
    D'fhéadfadh sé gur iarsma atá sa lonnaíocht thráite seo de 1297 ‘Newtown of Leys’ (CJR I 167, srl.), príomhbhaile mhainéar Dhún Másc tráth (féach go háirithe Bradley, Laois: History and Society 260–263). Tuairimítear san Fhardal Seandálaíochta gurb ionann seanteampall Chill Tíle (#1445) is 1297 ‘the church of Newtown’ (CJR I 169, srl.). Thit baile seo na Sean-Ghall i léig sa 14ú haois nuair a scrios Laoiseach Ó Móra an caisleán ar Mortimer agus ghlac seilbh ar an gceantar (1342 ‘obiit Leysart O’Morthe [qui] castrum nobile de Dunmaske domini Rogeri de Mortuo Mari destruxit, et dominum sibi patrie usurpavit’ Clyn’s Annals 30). Féach leis 1450c ‘Conall mac Dabith Hi Morda (.i. ri Laighsi) doroine caislen Duin Masc … d’athcumdach iarna buain do Gallaib’, nóta imill i Leabhar Laighean. (‘This was presumably the man who died in 1348, though the genealogy of the O’Moores is extremely hazardous’ a deir O’Sullivan, Celtica VII 4. Féach 1348 ‘[bás] Connili O’Morthe patrie sue princeps’ Clyn’s Annals 37 (agus tabhair faoi deara ‘David O’Morthe occisi germanus’ [“deartháir an mhairbh”] ibid.) seachas an taoiseach den ainm céanna a fuair bás i 1493 ‘Ua Mordha Conall mac Dauidh do mharbhadh’ ag na Ceithre Mháistrí.)

    Ba é Uí Chriomhthainn (< Uí Chriomhthannáin) ainm an mhórcheantair seo anallód, as an treabhchas a bhí i réimeas air tráth. Ag seo Ó hUidhrín:

    Fá Dhún Masg as míne fuinn
    Ó Duibh for Cheinél cCriomhthuinn;
    triath an tíre fá thoradh,
    iath as míne measroghadh

    Measaimid gurb é an sloinne céanna Ó Duibh atá le fáil in ainm an chnoic coigríche cn Crois Uí Dhuibh/Croshy Duff (#1419165) ar imeall thiar theas an pharóiste.

    (Cf. Ó Murchadha, Laois: History & Society 51.)

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/28296.aspx

Open data