BRABHSÁIL
baile fearainn
Carraig na Páirce nó Dún Másc
ginideach: Charraig na Páirce, Dhún Masc
(Gaeilge)
Park or Dunamase
(Béarla)

Gluais

Béarla rock
dún, dúnaibh
Béarla fort
Béarla field

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Carraig na Páirce
    the rock of the park

    Logainm de bhunús Gaeilge é seo a bhfuil an focal iasachta páirc (< parc na Sean-Fhraincise) ann; b’fhéidir gurb ionann is an pháirc sa tagairt 1282 ‘the new town ... the grange of Dunmasek ... the mountain pasture and the pasture in the park’ CDI II 466 (ní deirtear ansin ná in eagrán eile an téacs chéanna in Inq. PM 2 cén focal a bhí sa bhuntéacs Laidine) (ach cf. #28219). (Cf. freisin an nóta faoi bf (#28293) i bPort na hInse.)

    Dún Másc
    the fort of Másc?
    Másc — ainm pearsanta?

    De réir an Dinnseanchais is ainm pearsanta atá sa cháilitheoir anseo: m.sh. 1160c ‘Dun Másc unde nominatur … Caínén Másc mac Augein … is leis dorochlas in dúnsin’ sa Leabhar Laighneach (leabhar a bhain leis an láthair eaglasta bf An Nuachabháil (#28230), atá le feiscint ón dún seo tríd an mbearnain sna cnoic ó dheas). (Féach leis ‘Caīn Māsc a quo Dún Masc’ agus v.ll. in Corpus Genealogiarum Hiberniae 21.)

    Tá fianaise ar /-s/ á dhéanamh de -sc deiridh na Gaeilge sna cáipéisí riaracháin go gairid tar éis do na hAngla-Normannaigh teacht i seilbh ar an áit: féach 1215 ‘Damas’ [leg. ‘Dūmas’ .i. ‘Dunmas’?], 1240c ‘Dunamase’, taobh le 1282–83 ‘Dunmasck’. Caomhnaíodh an bunleagan Gaeilge — i dtéacsanna liteartha ar aon chuma — anuas go dtí an 17ú haois. Tá tionchar an Bhéarla le brath ar an bhfoirm 1700c ‘ó Charruic Dhún na Más’ i dtéacs próis ón Mí (Éigse XIV 321), agus is dócha go mbeadh cuma na cirte ar a leithéid don té nach raibh cur amach ar an bhfíorainm.

    Tá cur síos breá ar an gcaisleán, agus ar an lonnaíocht thráite faoina bhun amach, le fáil san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie).

    Ainmneacha stairiúla:
    D'fhéadfadh sé gur iarsma atá sa lonnaíocht thráite seo de 1297 ‘Newtown of Leys’ (CJR I 167, srl.), príomhbhaile mhainéar Dhún Másc tráth (féach go háirithe Bradley, Laois: History and Society 260–263). Tuairimítear san Fhardal Seandálaíochta gurb ionann seanteampall Chill Tíle (#1445) is 1297 ‘the church of Newtown’ (CJR I 169, srl.). Thit baile seo na Sean-Ghall i léig sa 14ú haois nuair a scrios Laoiseach Ó Móra an caisleán ar Mortimer agus ghlac seilbh ar an gceantar (1342 ‘obiit Leysart O’Morthe [qui] castrum nobile de Dunmaske domini Rogeri de Mortuo Mari destruxit, et dominum sibi patrie usurpavit’ Clyn’s Annals 30). Féach leis 1450c ‘Conall mac Dabith Hi Morda (.i. ri Laighsi) doroine caislen Duin Masc … d’athcumdach iarna buain do Gallaib’, nóta imill i Leabhar Laighean. (‘This was presumably the man who died in 1348, though the genealogy of the O’Moores is extremely hazardous’ a deir O’Sullivan, Celtica VII 4. Féach 1348 ‘[bás] Connili O’Morthe patrie sue princeps’ Clyn’s Annals 37 (agus tabhair faoi deara ‘David O’Morthe occisi germanus’ [“deartháir an mhairbh”] ibid.) seachas an taoiseach den ainm céanna a fuair bás i 1493 ‘Ua Mordha Conall mac Dauidh do mharbhadh’ ag na Ceithre Mháistrí.)

    Ba é Uí Chriomhthainn (< Uí Chriomhthannáin) ainm an mhórcheantair seo anallód, as an treabhchas a bhí i réimeas air tráth. Ag seo Ó hUidhrín:

    Fá Dhún Masg as míne fuinn
    Ó Duibh for Cheinél cCriomhthuinn;
    triath an tíre fá thoradh,
    iath as míne measroghadh

    Measaimid gurb é an sloinne céanna Ó Duibh atá le fáil in ainm an chnoic coigríche cn Crois Uí Dhuibh/Croshy Duff (#1419165) ar imeall thiar theas an pharóiste.

    (Cf. Ó Murchadha, Laois: History & Society 51.)

Lárphointe

53.032, -7.22144domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

[844]
orguin Duin Masc
AIF Leathanach: 128
845
Orggain Duin Masc
... o genntibh
AU I Alt: 2, Leathanach: 302
1100c
caín Másc ... a quo Dún Masc
Lagin
CGH Leathanach: 118a39 (+ LL)
1150c
Dun Masc
CGG Leathanach: 18
1160c.
Dun Másc
Dindshenchas
LL Imleabhar: III, Líne: 21170
1160c.
Cath Dúin Másc
LL Imleabhar: V, Leathanach: 38305
1160c
Dún Másc
Dindshenchas
LL Imleabhar: III, Líne: 21172-3
1215
Damas
leg. ‘Dūmas’ .i. Dunmas
CDI Leathanach: 644
1226
Dunmals
a carucate of land in Ireland called Tibiror
CPL Leathanach: 1.207
1240c
Dunamase
COD Imleabhar: i, 85
1279
Leyes, the new vill of?
CDI Imleabhar: II, Alt: 2291
1282
Leys, the new town of?
CDI Imleabhar: II, Alt: 1282
1282–83
the park?
nó #28219?
CDI Imleabhar: II, Leathanach: 466
1282–83
the new town
CDI Imleabhar: II, Leathanach: 466
1282–83
Dunmasck
Inq. PM 2 Imleabhar: II
1292
Leys, new vill of?
CDI Imleabhar: III, Leathanach: 476, Alt: 1078
1297
Dunmask
CJR Imleabhar: I, Iontráil: 170
1334
Donmask
"Fulk de la Freigne ... Asks to be allowed to hold the manor of Donmask, Co. Kildare, for life, paying no rent to the King."
Analecta Hib. Imleabhar: 34, Leathanach: 16
1342
Dunmaske
Clyn's Annals Leathanach: 30
1400c
Dún Masg
Ó Duibh for Cheinél cCriomhthuinn
Top. Poems Leathanach: 38
1432
Dunmask
COD Imleabhar: iii, 101
1450c
caislen Duin Masc
(.i. Cainen Masc nomen)
LL Imleabhar: I, Leathanach: xv
1549
Donamase
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 51
1549
Donamase
lordship of Leyse
JKAS Imleabhar: VI, Leathanach: 245
1557c
Carykene ne Parke
Féach foirm 1805
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
1563c
Dunamase
Cotton Map
1563
Garrickneparke
F Alt: 496
1567
Carrickeneparkye
Inq. Lag. Alt: 1 Eliz. I
1587
Garrickneparke
F Alt: 5047
1605
Donnamarche or Donnamace
CPR Leathanach: 80
1607
Carrickneparke
Inq. Lag. Alt: 1 J I
1607
Carrickneparke alias Carryneparke
Inq. Lag. Alt: 1 J I
1608
Carrickneparke otherwise Carrineparke
CPR Leathanach: 113
1642
Carrignie parke
Dep. 1641
1650c.
Masg, o ffuil Dún Massg
LGen. Alt: 434.2
1650c.
Dun Masg
LGen. Alt: 483.4
1655
Dunamace Castle
DS
1659
Caricknaparkny
Cen. Leathanach: 497
1660c
Dunamare
BSD (La) Leathanach: 98
1660c
Carrignapairky
BSD (La) Leathanach: 98
1685
Dunamc C:
Hib. Del.
1700c
ó Charruic Dhún na Más
Éigse Imleabhar: 14, Leathanach: 321
1794
Dunnamaes
Anth. Hib. Imleabhar: III, Leathanach: 3
1805
Carraignapark of Dunamace
Cahill (La)
1838
The Park or Dunamase
OD:AL Leathanach: LA023,22
1838
The Park alias Dunamace
BS:AL Leathanach: LA023,22
1838
Park
HCons PR:AL  Leathanach: LA023,22
1838
Park
CM:AL Leathanach: LA023,22
1838
Dunamase - Dun-na-maes
Ir. Penny Journal:AL Leathanach: LA023,22
1838
Dun-Mask
Harris Ware:AL Leathanach: LA023,22
1838
Dun masg, 'the fortress of the mask'
"See Duald Mac Firbis's Geneological work." [Nóta OD]
OD:AL Leathanach: LA023,22
2008
Carraig Dhúin na Más
= 1700c
FSÁG Imleabhar: 3, Leathanach: 90

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm