Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Hierarchy
county
barony
civil parish
Explanatory note
- Gaeilge
the white horse?
Mionainmneacha ar an léarscáil:
Ar bharra an tsléibhe anseo léirítear Farbreague or Hardyman (SO 6ʺ), carn a sheas ar theorainn na barúntachta seo le hÉile Uí Chearúill .i. bar. Bhaile an Bhriotaigh (#203) (atá i gContae Uíbh Fhailí an lae inniu). Tá cur síos air seo agus ar chairn teorann eile ar an láthair seo san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie). Ainm comónta go leor is ea (An) Fear Bréige/Bréagach “(the) false man”, a thugtar ar charraig nó spinc nó gné eile a bhfuil deilbh duine air: cf. (An) Fear Bréige (PL; TÁ); An Fear Bréagach (Ci; Lm); Na Fir Bhréagacha (Co); Cnoc an Fhir Bhréige (DG); Cloch an Fhir Bhréige (PL). Cf. leis sl An Buachaill Bréige (Lm).Is inmheasta gur thagair An Gearrán Bán don ghné céanna seo ar bharra an tsléibhe an chéad lá riamh. Cf. An Gearrán Bán/Garraunbaun Rock (CC), An Gearrán/Garronpoint (Ao), bf An Gearrán Bán (Ga).
Ach b’fhéidir nár cheart An Garrán Bán “the white grove” a chur as an áireamh ar fad. An fuaimniú áitiúil a breacadh síos in 1838 ‘Gearán bán’, ní léir cé chomh dílis don Ghaeilge is a bhí sé. Ní raibh aon Ghaeilge á labhairt sa bharúntacht seo in aimsir na Suirbhéireachta agus i measc na bhfoirmeacha a scríobhadh i bpeann luaidhe san Ainmleabhar níl ach cúig cinn díobh atá scríofa in ortagrafaíocht na Gaeilge (as 142 bf). Féach leis caolú g-tosaigh sa bhéarlú in 1838 ‘Gearthan duff’ faoi bf An Garraí Dubh (#27991) i bparóiste Adhairce, áit a bhí i bhfad níos giorra don Ghaeilge an uair úd.
Tá cur síos in Landscape of Slieve Bloom (lch.232) ar ‘a cascade seen … as a white splash … the White Horse’ in bf Goirtín na Mallach, tamall maith soir ón áit seo. Níl aon tuairisc ar a leithéid de ghné in áit ar bith ar feadh na sruthán sa bhaile fearainn seo.
Centrepoint
Historical references
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28580.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML