BROWSE
townland
Baile Mhic Giolla Chaoin
genitive: Bhaile Mhic Giolla Chaoin
(Irish)
Ballygillaheen
(English)

Glossary

English townland, town, homestead

Explanatory note

  • Gaeilge

    the town of Mac Giolla Chaoin
    Mac Giolla Chaoin — sloinne nó ainm athartha

    D’fhéadfaí 1607 ‘Ballikill kein roe’ < Baile Mhic Giolla Chaoin Rua a thuiscint mar “the town of red Mac Giolla Chaoin”, ina gcáilíonn an aidiacht rua an sloinne/an t-ainm athartha, nó neachtar acu “the red Baile Mhic Giolla Chaoin”, ina gcáilíonn rua an baile fearainn féin.

    Féach freisin Mac Giolla Chaoin, Mac Giolla Chaoine Sloinnte Gaedheal is Gall 369.

    Ainmneacha stairiúla:

    1. Ar léarscáil an Down Survey léirítear áit bheag 1655 ‘faranclinkin’ in iardheisceart bf An Cheapach Bheag (#28545) i dteorainn le bf Nutgrove (#28643), timpeall ciliméadar go leith siar ó dheas uaidh seo. Déantar tagairt don logainm céanna sin go minic i Láimhscríbhinní Uí Dhuinn, as Gaeilge uair amháin .i. 1608 ‘Fearan Clankein … fearann cloinne cinn’. Is léir gur buille faoi thuairim atá anseo (nó neachtar acu sciorradh pinn), mar níl aon dealramh le * Fearann Clainne Cinn mar ainm clainne. In aimsir an BSD bhí 244 acra in ‘Cappaghbegg’ agus gan ach 14 acra in ‘ffaranclinkin’ — ach de réir mar is féidir a dhéanamh amach as na deontaisí luatha bhí achar ní ba mhó i gceist leis an bhfearann-ainm seo tráth. D’fhéadfadh sé gurbh ionann é agus an chuid sin den bhaile fearainn mór bf Míleac (#28550) idir bf Nutgrove agus bf Baile Mhic Giolla Chaoin féin. D’fhéadfaí * Fearann Chlann Chaoin ( * Fearann Clainne Caoin) a mheas, b’fhéidir (ina seasann Clann Chaoin do ‘mhuintir dar sloinne Mac Giolla Chaoin’). Cf. freisin bf Gleann Caoin (#28409) i ndeisceart an pharóiste.

    Níl sé as an áireamh ar fad gurb é an sloinne Mac Giolla Chaoin atá taobh thiar den sloinne béarlaithe Quinn sa bharúntacht seo (dornán teaghlach in TAB, Griff. Val. — a bhformhór (4) i gCill Bhanbháin) — is ar éigean gurb é is bunús le Kane/ Keane sa TAB. (Ach cf. an t-ainm athartha 1607 ‘Lishaghe mcQuinn’ < Laoiseach mac Cuinn ar an gCorrbhuaile, 1607 ‘Murtagh mcQuinn’ < Muircheartach mac Cuinn i gCluain Achaidh Chaoin; cf. 1601 ‘Conne mcRorie’ < Conn mac Ruairí ar an gCorrbhuaile.)

    Is cosúil mar sin gur míléamh ar -k- atá san -f- sna foirmeacha 1607/8 ‘Farran Claufyn’ [leg. Clankyn], 1638 ‘Farrenclonfin’ [leg. -clonkin] in ionad é a bheith ina léiriú ar fhréamhchonsan * Fearann Chlann Mhic Fhinn “the land of the descendants of Mac Fhinn”, a bheadh an-neamhghnách mar struchtúr. (Ní mhaireann a leithéid mar shloinne sa cheantar ach oiread; ach cf. 1607 ‘Cuilivoholan, Dermott Reoghe mcFinn’ < Diarmaid Riabhach mac Fhinn “swarthy Diarmaid son of Fionn”.)

Centrepoint

53.1601, -7.42882latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1607
Ballikill kein roe
O Doyne Ms. Leathanach: 23
1622
Ballynlackyn alias Ballygillackan alias Ballinlaghin hamlet.
CPR Leathanach: 540
1660c
Ballygilkeene, Reyriebegg & Clonnuffe
BSD (La) Leathanach: 127
1660c
Ballysillkeene
BSD (La)
1823
Ballygilheen
Ballygiliheen san innéacs
TAB
1838
Ballygillaheen
["no date"]
Map:AL Leathanach: La054,4
1838
Baile Giolla Chaoin, 'Gillachaein's town'
"Gile" [scriosta]
OD:AL Leathanach: La054,4
1838
Ballygillaheen
OD:AL Leathanach: La054,4
1838
Ballygillaheen
BS:AL Leathanach: La054,4
2005
baliˑgiləˈhiːn
Áit.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm