An Brainse Logainmneacha

Déanann an Brainse Logainmneacha taighde ar logainmneacha na hÉireann agus cuireann sé leaganacha údarásacha Gaeilge díobh ar fáil le haghaidh úsáid oifigiúil agus phoiblí. Tugtar stádas dlíthiúil do na foirmeacha a dheimhníonn an Brainse trí ordú logainmneacha, a dhéanann an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta. Go dtí 2012, rinneadh na horduithe seo tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus tar éis don Aire comhairle a fháil ón gCoimisiún Logainmneacha. De bharr nach bhfuil An Coimisiún Logainmneacha ag feidhmiú níos mó, as seo amach déanfaidh an tAire Stáit orduithe logainmneacha tar éis tréimhse comhairliúcháin phoiblí agus tar éis dó comhairle a bhreithniú ón gCoiste Logainmneacha.

Orduithe Logainmneacha

Tá ceithre ordú logainmneacha dhéag déanta ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Dearbhaíonn na horduithe seo leaganacha Gaeilge ainmneacha na gContaetha agus na gCúigí, ainmneacha aonaid riaracháin agus logainmneacha eile i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Chainnigh, Chorcaí, Luimnigh, Lú, Mhuineacháin, Phort Láirge, Thiobraid Árann agus Uíbh Fhailí, agus ainmneacha lárionaid daonra i gcontaetha nach gclúdaítear in orduithe eile. Tá dhá ordú logainmneacha déanta maidir leis na ceantair Ghaeltachta. Dearbhaíonn an chéad cheann, a rinneadh in 2004, leaganacha Gaeilge na n-aonad riaracháin sna ceantair Ghaeltacha, agus dearbhaíonn an dara ceann, a rinneadh in 2011, leaganacha Gaeilge ainmneacha eile sna ceantair sin a léirítear ar léarscáileanna stairiúla Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann ar scála sé orlach don mhíle (1:10,560). Rinneadh ordú amháin eile le hordú logainmneacha Chontae Luimnigh a leasú.

Tá na horduithe logainmneacha a rinneadh go dtí seo ar fáil le híoslódáil anseo, agus is féidir féachaint ar dhul chun cinn na hoibre ó chontae go contae anseo.