Léim go dtí an bosca cuardaigh

Catagóirí logainmneacha

Struchtúr riaracháin na tíre

Bailte

1.    Gach baile atá liostáilte ag Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann i nDaonáireamh 2006 (Iml. I – An Daonra Rangaithe de réir Ceantair), idir bhailte a bhfuil teorainneacha acu atá sonraithe de réir dlí agus bhailte daonáirimh1 (ibid. 163).

2.    Gach ionad lonnaíochta i dTuaisceart Éireann atá rangaithe de réir (méid an) daonra sna haicmí seo a leanas i dtuarascáil Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (NISRA) (Report on settlement service classification, Samhain 2006, Aguisin 1 lch. 17): baile mór, baile beag, baile meándaonra, meánlonnaíocht.

1 Tugtar “bailte daonáirimh” ar bhailte nach bhfuil teorainneacha acu atá sonraithe de réir dlí.

Bailte fearainn

Na haonaid talún is lú a leagadh amach agus a socraíodh i gcóras riaracháin na hÉireann sa chéad leath den naoú haois déag. Bhí a lán de na bailte fearainn ann roimhe sin.

Barúntachtaí

Aonaid riaracháin atá níos mó ná paróistí dlí agus a socraíodh ar dtús mar phríomh-fhoroinn na gcontaetha faoi chóras riaracháin na Breataine in Éirinn.

“Irish baronies which were formed at the time of the Norman conquest were usually named either after Irish territories, … or from places which had been of importance in pre-Norman times… Irish baronies came into existence at different periods … The division of Ireland into counties and baronies was a process which continued down to the reign of James I… The original baronies in Ireland were the domains of the Norman barons; in the final stage of development they were divisions of counties created merely for greater convenience of administration. The word barony is of feudal origin, and was applied to a tenure of a baron, that is, of one who held his land by military service, either directly from the king, or from a superior feudal lord who exercised royal privileges… The origin of the Irish barony (a division of land corresponding to the English hundred) is to be found in the grants of lands which were made to the barons of Leinster and the barons of Meath.”
- Liam Price, ‘Ráith Oinn’, Éigse VII, lch. 186-7

Contaetha

Aonaid riaracháin atá níos mó ná barúntachtaí agus a socraíodh ar dtús faoi chóras riaracháin na Breataine in Éirinn idir an dara haois déag agus an seachtú haois déag. Foroinneadh cuid acusan ina dhiaidh sin ina gcontaetha riaracháin ní ba lú.

Contaetha riaracháin

Foranna de chontaetha réamhbhunaithe a cruthaíodh chun críocha riaracháin sa naoú haois déag agus san fhichiú haois.

Cúigí

Ceithre roinn gheografacha na hÉireann. Bhí cúig chúige ann go stairiúil.

Paróistí dlí

Aonaid riaracháin atá níos mó ná bailte fearainn agus atá bunaithe ar pharóistí eaglasta meánaoiseacha. Ní hionann i gcónaí teorainneacha ná ainmneacha na bparóistí dlí, na bparóistí Caitliceacha nua-aimseartha ná pharóistí Eaglais na hÉireann.

Toghranna

Aonaid riaracháin a chuimsíonn grúpaí de bhailte fearainn agus a cruthaíodh ar dtús sa naoú haois déag. Cuireadh an téarma Toghroinn in ionad Toghroinn Ceantair sa bhliain 1994.