I Mílisín na míosa seo caite, pléadh eilimintí logainmneacha agus na bealaí a bhféadfaí iad a úsáid i gcomhar le huirlisí eile chun eolas a fháil faoi áiteanna a mbíonn, nó a mbíodh tráth, baol tuilte iontu. Anuas ar an bplé sin ar fad, is amhlaidh a d’fhéadfadh na bunlogainmneacha Gaeilge a bheith úsáideach chun suíomhanna a aithint atá feiliúnach don athfhliuchadh nó do mhaolú tuilte.
Mar shampla, ní rithfeadh cúrsaí uisce le duine a chloisfeadh na logainmneacha Béarla Lagore Big (logainm.ie #37986) agus Lagore Little (logainm.ie #37987), ag tagairt do dhá bhaile fearainn taobh le Dún Seachlainn i gContae na Mí. Níl mórán brí leis na foirmeacha Gaeilge ‘Lagór mór’ agus ‘Lagór beag’ a breacadh ó chainteoirí dúchais sa cheantar in Ainmleabhair na Suirbhéireachta Ordanáis ach an oiread. Bíodh sin mar atá, léiríonn foirmeacha béarlaithe luatha, amhail ‘Laghgower’ (1415) agus ‘loghgowre’ (1481), chomh maith le foirmeacha Gaeilge amhail ‘Loch Gabhor’ “lake of (the white) horses” (m.sh. Annála Uladh s.a. 785) nó ‘Loch Gabhair’ “lake of (the white) horse” (Annála na gCeithre Máistrí, a cuireadh i dtoll a chéile sa 17ú haois), go bhfuil an focal loch san ainm go cinnte; rud nár thuig Gaeilgeoirí na háite sa 19ú haois, is dócha. Bunaithe ar an bhfianaise seo is í Loch Gabhar an fhoirm Gaeilge atá in úsáid oifigiúil ó na 1980í i leith. Níl aon loch anseo anois, ach nuair fhéachtar ar léarscáileanna ithreach de chuid an EPA, is léir láithreach cén chúis go bhfuil an eilimint le fáil sa logainm: tá paiste mór d’ithir lochach (Brl. lacustrine) lastoir de Dhún Seachlainn, chomh maith le paiste eile i gcúinne thoir theas Loch Gabhar Mór (féach léarscáileanna ithreach thíos).
(Léarscáil fo-ithreach de Loch Gabhar Mór / Lagore Big agus Loch Gabhar Beag / Lagore Little, Contae na Mí. Ithir lochach marcáilte le + https://gis.epa.ie/EPAMaps/)
(Léarscáil fo-ithreach de Loch Gabhar Mór / Lagore Big agus Loch Gabhar Beag / Lagore Little, Contae na Mí. Ceantar eile d'ithir lochach marcáilte le + https://gis.epa.ie/EPAMaps/)
Téann an t-uisce ón dá phaiste lochach seo isteach in Abhainn Ghabhra / Broadmeadow Water (logainm.ie #1165296), agus luann Plean Forbartha an Chontae go bhfuil baol tuilte ann níos faide síos cúrsa na habhann sin i Ráth Tó (Meath County Development Plan 2021–2026). Dhealródh sé go bhfuil gaol idir ainm an locha (Loch Gabhar) agus ainm na habhann (Abhainn Ghabhra), faoi mar a bhí dlúthbhaint idir loch is abhainn ó thaobh cúrsaí hidreolaíochta freisin. Go deimhin, ós rud é go ritheann an t-uisce ón dá phaiste mhóra lochacha seo isteach in Abhainn Ghabhra, d’fhéadfadh an gnáthdhuine a thuairimiú go bhféadfaí tuilte san abhainn ag Ráth Tó a mhaolú nuair a bhíonn báisteach throm ann ach Loch Gabhar a athfhliuchadh agus a úsáid mar loch coinneála. Is cinnte go dtabharfadh an bunlogainm Gaeilge agus na léarscáileanna ithreach le tuiscint go mbeadh a leithéid de chur chuige éifeachtach. An bac is mó a bheadh air seo anois ná go bhfuil cuid d’fhorbairt tithíochta i nDún Seachlainn a tógadh le blianta beaga anuas ag gobadh isteach sa phaiste sin d’ithir lochach. Sa chás seo, seans nár aithin an lucht pleanála an rabhadh a bhí sna logainmneacha agus na léarscáileanna ithreach nó b’fhéidir gur measadh nach fadhb dhosháraithe a bhí san ithir lochach sin ó thaobh tuilte de.
Níl i Loch Gabhar “lake of (the white) horses” ach sampla amháin den iliomad logainmneacha a bhféadfaí a úsáid i gcomhar le léarscáileanna ithreach chun áiteanna a bheadh feiliúnach don athfhliuchadh a aithint, ar bheagán costais agus gan aon oibreacha móra innealtóireachta a chur ar bun. Dála an scéil, d’fhéadfadh logainmneacha nach luaitear ach sa tseanlitríocht a bheith úsáideach don obair seo! Phléigh alt sa tsraith Téama faoi Thrácht (Téama 124) na logainmneacha An Screagán / Screggan “the rough, rocky, stony ground” agus Lainn Eala / Lynally “church of (the) swan” in aice le Tulach Mhór, Contae Uíbh Fhailí. Tagann an eilimint Eala sa dara logainm sin ó ainm an naoimh a bhunaigh an teampall paróiste, is é sin Colmán Eala. De réir Bheatha Cholmáin, fuair an naomh a leasainm ó Loch Eala “lake of (the) swan”, loch draíochta a luadh taobh leis an láthair eaglasta a bhunaigh sé in Lainn Eala. Ní théadh duine nó ainmhí i ngiorracht don loch toisc go mbíodh sé faoi gharda ag ‘péist urchóideach’. Ach tar éis do Cholmán cúnamh a ghairm ó roinnt naomh agus cléireach, baineadh an cloigeann den phéist agus cuireadh é sa reilig nua a bhí díreach coisricthe. (Le haghaidh tuilleadh tagairtí don logainm seo i seanlitríocht na Gaeilge (féach E-Onomasticon s.n. lann elo). Is minic a bhuailtear le cumadóireacht ainmneacha i seanlitríocht na Gaeilge, ar ndóigh, agus ní léir dúinn anois cé acu an fíorlogainm nó gléas liteartha a bhí sa Loch Eala seo. Tugann taighdeoirí logainmneacha taibhsí ar a leithéid sin d’ainm a chumtar sa tseanlitríocht. (Úsáidimid an téarma seo freisin ar bhotúin nó ainmneacha bréige eile a bhreactar ar léarscáileanna nó i bhfoinsí stairiúla eile, agus a chuireann an dallamullóg ar logainmneoirí.) Mar sin, ní thógfá ar éinne é, dá measfadh siad gur taibhse a bhí in Loch Eala agus gan aon loch le fáil sa lá atá inniu ann, áit ar bith i Lainn Eala / Lynally Glebe (#42263)
(Léarscáil fo-ithreach de Lainn Eala / Lynally Glebe agus na bailte fearainn eile timpeall air, Contae Uíbh Fhailí. Ceantar mór d’ithir ghlárach (tuilemhá) marcáilte le +: https://gis.epa.ie/EPAMaps/)
Léiríonn an taighde eolaíochta ar léarscáileanna ithreach an EPA go bhfuil ceantar mór d’ithir ghlárach sa bhaile fearainn seo a shíneann isteach sna bailte fearainn atá mórthimpeall air, idir Abhainn Thulach Mhór agus an Chlóideach agus níos faide ar aghaidh. Tugtar Flooded Bottoms ar an talamh atá díreach lastuaidh den seanláthair eaglasta ar léarscáileanna 6ʺ na Suirbhéireachta Ordanáis (1ú eagrán) agus is mór an díol suntais é go ngobann an ithir ghlárach isteach i mbaile fearainn darb ainm Coill Uisce / Killiskea “wood of water” (logainm.ie #42305). D’fhéadfaí a thuairimiú, mar sin, gurbh ionann an ceantar mór seo d’ithir ghlárach agus suíomh Loch Eala, agus gur draenáladh an loch de réir a chéile i gcaitheamh na mblianta. Bíodh sin ar fad mar atá, is cinnte go léiríonn na léarscáileanna ithreach go raibh tuilemhá mór anseo, agus gur dócha go mbíodh an ceantar faoi chaibidil faoi uisce seasta ar feadh tréimhsí a bhí fada a dhóthain le go mbainfí úsáid as an eilimint loch sa logainm. Tá an chuma ar an scéal, mar sin, gur féidir linn logainmneacha ón tseanlitríocht a úsáid i gcomhar le léarscáileanna ithreach an lae inniu chun suíomhanna a aithint atá i mbaol tuilte nó atá feiliúnach don athfhliuchadh – agus é seo ar bheagán costais.
Ar an mórgóir, léiríonn na samplaí thuas agus na cinn a pléadh i Milisín na míosa seo caite go bhféadfadh cur chuige idirdhisciplíneach idir taighdeoirí logainmníochta, lucht pleanála, tíreolaithe agus innealtóirí a bheith an-fhiúntach agus iarrachtaí ar bun amach anseo chun gnéithe nádúrtha a úsáid chun tuilte a mhaolú agus suíomhanna a aithint don athfhliuchadh. Tá lón machnaimh ann ar a laghad.
(Chun a thuilleadh eolais a fháil ar úsáid na logainmneacha chun stair tuilte a rianú, féach ‘Early Medieval Place-Names and Riverine Flood Histories: A New Approach and New Chronostratigraphic Records for Three English Rivers’, lgh. 381–405, Pears, B., Brown, A.G., Carroll, J., Toms, Phillip, Wood, J.C. and Jones, R (2020): European Journal of Archaeology.)
(Conchubhar Ó Crualaoich & Justin Ó Gliasáin)