2026-06-08

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht). Tuilleadh eolais »

Téamaí faoi thrácht

An Milisín Míosúil

“basilica”
Baislic / Baslick
(logainm.ie #2056)

01/06/2026

Agus Éire ag glacadh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar an 1 Iúil 2026, is fiú dúinn súil a chaitheamh siar go dtí bunchloch an Aontais Eorpaigh, is é sin síniú Chonradh na Róimhe in 1957. Leis an gconradh sin, cruthaíodh cómhargadh faoi Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa idir na sé cinn de bhallstáit bunaidh: An Bheilg, An Fhrainc, An Iodáil, Lucsamburg, An Ísiltír agus Iarthar na Gearmáine. Chuaigh Éire, An Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg isteach sa Chomhphobal in 1973.

Is beag amhras ach gur tháinig athrú as cuimse ar Phoblacht na hÉireann sa tréimse iarchoilíneach tar éis di a dhul isteach sa Chomhaontas. Go deimhin, d’fhéadfaí a rá gur éirigh leis an tír seo a bheith neamhspleách ar an Ríocht Aontaithe ó thaobh na heacnamaíochta de mar gheall air. Táthar ann freisin a déarfadh gur lig sé don tír seo leathnú amach ó fhorlámhas cultúrtha an anglasféir. Bíodh sin mar atá, cé gur treisíodh na tacaíochtaí dlíthiúla atá ag an teanga le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, tá stad na Gaeilge sna Gaeltachtaí tar éis dul in olcas ó chuaigh Éire isteach sa Chomhphobal (tá laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge: féach cso.ie).
Is amhlaidh go raibh dlúthcheangal ag Éirinn leis an Róimh agus le mór-roinn na hEorpa cibé ar bith mar gheall ar an gCríostaíocht ó tháinig Pádraig i dtír anseo sa 5ú haois. Ar ndóigh, bhí tionchar mór ag misinéirí ón tír seo maidir le hathbheochan a dhéanamh ar léann na Laidine agus an cultúr clasaiceach in Iarthar na hEorpa i ndiaidh d’Impireacht na Róimhe titim as a chéile. Chun léargas a fháil air seo, níl le déanamh ach breathnú ar na háiteanna ar an mór-roinn ar Ghaeil iad a naomhphátrúin: Sankt Gallen, na hEilbhéise (féach Dictionary of Irish Biography s.n. Gallus (Gall)); Sankt Kilian in Würzburg na Gearmáine (féach Dictionary of Irish Biography s.n. Kilian (Cilian)); agus San Frediano in Lucca, na hIodáile, nach bhfuil an cháil chéanna air. Go deimhin is ó Naomh Fiachra, a thagann an gnáthfhocal ar charr capaill i Vín na hOstaire, der Fiaker “cab -horse-drawn vehicle” (féach leo.org). Díthreabhach a thug ainm do Saint Fiacre sa Bhriotáin (feach Dictionary of Irish Biography s.n. Fiacre (Fiachra)) ab ea Fiachra naomhphátrúin na ngarraíodóírí agus na dtiománaithe tacsaí. Anuas orthu sin ar fad is gá trácht a dhéanamh ar John Scottus Eriugena (féach Dictionary of Irish Biography s.n. John Scottus Eriugena). Duine de na diagairí ba mhó le rá as Éirinn sa 9ú haois. Bhí baint aige le hionaid léinn i gceantar Reim, Soissons, Laon, agus i bpálás Charles le Chauve (Séarlas Maol) in Compiègne. Bhí Séarlas Maol féin ina impire ar an Impireacht Naofa Rómhánach. Is dóigh, áfach, gurbh é an misinéir ba mhó le rá ón tír seo a thug aghaidh ar an mór-roinn ná Colmán, duine a bhunaigh mainistreacha i roinnt áiteanna sa Fhrainc (Luxeuil), san Ostair (Bregenz) agus san Iodáil (Bobbio), i measc eile (féach Dictionary of Irish Biography s.n. Columbanus (Colmán, Columba)).

Ar ndóigh bhí tionchar mór ag an mór-roinn ar an tír seo chomh maith nuair a tháinig an Chríostaíocht agus An Eaglais Laidineach. Ceann de na nithe a thugann léargas air sin ná na focail iasachta ar fad ón Laidin a bhaineann le cúrsaí eaglaise agus creidimh a tháinig isteach sa Ghaeilge. Tá cuid mhaith acu sin sa teanga fós, focail cosúil le sagart (sacerdos na Laidine), easpag (episcopus na Laidine), teampall (templum na Laidine) agus cill (cella na Laidine). Tá cuid eile ann nach bhfuil chomh soiléir do lucht labhartha na Gaeilge sa lá atá inniu ann, áfach, amhail an focal atá sa logainm Baislic/Baslick i gContae Ros Comáin. Mar sin i gcomhthéacs an tábhacht atá le Conradh na Róimhe don tír seo, agus an nasc atá aici leis an Róimh ag dul siar go dtí luath-thréimhse na Críostaíochta in Éirinn, tá sé chomh maith againn súil a chaitheamh ar roinnt logainmneacha a bhfuil tagairt don Róimh iontu, cé nach bhfuil an oiread sin acu ann!
Tagraíonn Cill na Rómhánach / Kilnarovanagh “the church of the Romans” (logainm.ie #23189) atá siar ó thuaidh de Chill Airne i gContae Chiarraí do láthair eaglasta a bhí suite i lios darbh ainm Lios na Rómhánach / Lisnarovanagh “the ring-fort of the Romans” de réir cuntais amháin, cé go luaitear go bhféadfadh suíomhanna eile sa bhaile fearainn sin a bheith i gceist freisin (féach heritagedata.map KE057-051002). Tá baile fearainn eile ann den ainm ceannann céanna, Cill na Rómhánach “the church of the Romans” (logainm.ie #11501), taobh theas de Mhaigh Chromtha i gContae Chorcaí, agus is é is dóichí ná go dtagraíonn an t-ainm don seanláthair eaglasta atá anseo (féach heritagedata.map CO083-007). Táthar den tuairim go mb’fhéídir gur baisteadh an t-ainm sin air toisc na cléirigh ann a bheith ag cloí leis an modh Rómhánach chun an dáta don Cháisc a shocrú seachas an seanmhodh Gaelach a bhí in úsáid roimhe (ibid.).

Níl aon taifead ar bhallóga ar Oileán na Rómhánach / Roman Island “the island of the Romans” (logainm.ie #37588) in aice le Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo, agus ní léir cén bunús atá leis an ainm. Maidir le Tobar na Róimhe / Tobernarova “the well of Rome” (logainm.ie #1415373) i mbaile fearainn Cnoc Úlla Thoir, tagraíonn an t-ainm do chathair na Róimhe féin seachas do Rómhánaigh. Is beag eolais atá againn ar a bhunús ach tá taifead air mar thobar naofa san fhardal seandálaíochta (féach heritagedata.map LI025-023), agus luaitear mar thobar naofa é sa traidisiúin áitiúil in Ainmleabhar na Suirbhéireachta Ordanáis. Tugtar an míniú gleoite seo ar bhunús an ainm san Ainmleabhar chomh maith.

This little well, which is regarded as sacred by the peasantry, is about 18 inches deep, 12 inches wide at its mouth, and 24 inches wide at the bottom. It is curiously formed by nature in a solid rock, having always a depth of 6 inches of water in it, and it is said that neither the greatest drought nor the heaviest rainfall decreases or fills it. Its formation, as told by the natives is as follows: The family of Oola Castle lacked water and appealed to the Pope, who consecrated a bottle of water for them. The property of this water was that, when poured on the spot where is now the well, a well of excellent water appeared, rendering enough at all times, though not supplied from any other source. The people also affirm that the water of this well cannot be made to boil by any heat. (féach: ibid.)

Faightear Ráth na Rómhánach / Rathnarovanagh “the ring-fort of the Romans” (logainm.ie #43035) i gContae Ros Comáin. Tagraítear dó seo (sa ghinideach) in Annála Chonnacht mar ‘Ratha na Romanach’ (1248), nuair a thug ‘Fedlimid mac Cathail Crobdeirg’ an baile fearainn seo do chanóin pharóiste na Cille Móire: Fedlimid mac Cathail Crobdeirg do thabairt Ratha na Romanach do chananchaib Cilli Mori … tre impide Taidc h. Mannachan [Tadhg Ó Manacháin] i n-onoir Mure & Augustin’ (‘at the bidding an entreaty of Tadc O Mannachain [Tadhg Ó Manacháin], in honour of Mary and Augustine’). Is díol spéise é nach bhfuil aon iarsmaí eaglasta sa bhaile fearainn seo, mar sin, seans gurbh é an tiomnú seo do Naomh Agaistín, duine mór le rá san Eaglais Laidineach, is cúis le hainm an bhaile fearainn seo. Bíodh sin mar atá, tá ionnanú déanta idir Ráth na Rómhánach / Rathnarovanagh leis an ainm stairiúil Dumha na Rómhánach “the mound of the Romans” (féach dias - onomasticon #23282) áit ar cuireadh Ó Conchubhair Donn [Ó Conchúir Donn] in ‘tempall dúmha na Romhanach’, Teampall Dhumha na Rómhánach “the church of the mound of the Romans” in 1582 (Mac Ui Concobair Duinn .i. Toirrdhelbach mac Diarmada mic Cairbri dég, ocus a adnacal a t-tempall dúmha na Romhanach: ALC ii 1582.24). Más fíor dó seo, thabharfadh an tagairt do Theampall Dhumha na Rómhánach le fios go raibh teampall ann in Ráth na Rómhánach / Rathnarovanagh aníos go dtí na meánaoiseanna deireanacha. Teampall eile a bhféadfadh nasc a bheith aige leis an Róimh timpeall ar Chontae Ros Comáin, is ea ‘Kilnarounanak’ (leg. Kilnaromanak) a thagann ó Cill na Rómhánach, b’fhéidir. Taifeadadh an t-ainm sin i dtaifid a bhaineann le cánachas an Phápa ó thús an 14ú haois do dheoise Ail Finn. Ar an drochuair ní léir cén suíomh atá i gceist. Ag breathnú ar áiteanna eile sa tír, tá tagairt ann do ‘Tech na Rómánach’ [Teach na Rómhánach] ‘the (religious) house of the Romans” (féach dias-onomasticon) áit éigin i gContae Chill Mhantáin an lae inniu. Tuairimíodh gurb é Teach gCróinín / Tigroney / (ibid.) a bhí i gceist seo ach is beag an seans gur fíor é sin toisc nach dtacaíonn an fhianaise do Theach gCróinín le haon bhaint a bheith aige le Teach na Rómhánach.
Agus muid ag coinneáil orainn le téama na Róimhe agus na Rómhánach, is cinnte go bhfágann Baisleac Pheadair a rian ar éinne a raibh sé d’ádh orthu cuairt a thabhairt ar an Róimh. Is dóigh gur beag duine a bhfuil a fhios aige go bhfuil Baisleac dár gcuid féin againn anseo in Éirinn. Is sampla atá fíor-neamhghnách é Baislic / Baslick (logainm.ie #2056) de logainm a thagann ón bhfocal Laidine basilica (baislec na Sean-Ghaeilge < basilica na Laidine; féach Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge Fascúl 2 s.v. Baisleac). De réir na seanlitríochta sa traidisiúin Gaelach, bhí ceangal láidir ag an láthair eaglasta seo, atá ina bhallóga le fada an lá le traidisiúin Phádraig i luastair na hÉireann. Ba theampall de chuid Soicheall é, protégé de cuid Phádraig féin (féach: P. Ó Riain, A Dictionary of Irish Saints; C. Doherty, ‘The basilica in Early Ireland’, Peritia 3 (1984)). Is beag atá fágtha den láthair eaglasta tábhachtach seo atá suite i suíomh álainn, ach tá sé in úsáid mar reilig ag muintir na háite i gcónaí.

image

Baslick / Baislic (Grianghraf:© Mary Timoney)

Anois chun clabhsúr a chur ar chúrsaí, faightear an focal baisleac i mbaile fearainn amháin eile sa tír, is é sin Baisleacán / Baslickaun “little church (basilica)” (logainm.ie # 22209) in aice leis an gCoireán i gContae Chiarraí. Foirm dhíspeagtha de baisleac is ea baisleacán (baislec na Sean-Ghaeilge < basilica na Laidine; féach Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge Fascúl 2 s.v. Baisleac, Baisleacán). Is dóigh gurbh é an iarsma de láthair eaglasta a luaitear in aice le reilig, cros cloiche, agus struchtúir ar measadh gurbh fhéidir gur clocháin choirceogacha iad sa bhaile fearainn an baisleac atá i gceist (féach heritagedata.maps KE098-049002/003-5). Luaitear an méid seo a leanas i mblúirín eolais a taifeadadh go háitiúil in 1946, áfach: ‘there is a cave in this townland which in the olden days was called ‘an bhaislic’ or baislica – the only Greek name in Ireland that used be said’. Is léir mar sin gur athraigh an bhrí atá le Baisleacán “little church (basilica)” ón seanláthair eaglasta go gné sa tírdhreach a chur a leithéid de rud in iúl, i measc cuid den phobal ar a laghad. B’fhéidir go dtabharfadh an t-athmhíniú seo Conradh na Róimhe chun cuimhne ag duine, agus an claochlú a tháinig ar Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, a raibh sé bhallstát ann go dtí Aontas Eorpach an lae inniu a bhfuil seacht mballstát is fiche ann – athrú ó bhonn!

(Conchubhar Ó Crualaoich & Justin Ó Gliasáin)

Téama na Seachtaine

Craobh na hIomána, camáin agus camaibhneacha.
Ré na hIomána/Reanahumana “the level ground of the hurling (the level hurling-ground)”
(féach logainm.ie #7884)

08/06/2026

Seo linn isteach i mí an Mheithimh, an dara mí den samhradh de réir mar a thuigtear in Éirinn é, agus borradh ceart anois faoi chraobh iomána an CLG. Níl aon chomórtas páirce eile ar domhan is mó a chuireann lúcháir agus scleondar ar dhaoine i lár an tsamhraidh — ach dúinne na hainniseoirí is annamh a leagann cos i bPáirc an Chrócaigh lá na cinniúna, is minic nach mbíonn le fáil ón gcoimhlint ach buairt is crá croí. Mar atá a fhios ag an saol, téann an iomáint i bhfad siar i stair na tíre seo. Ná cuireadh sé aon iontas orainn, más ea, go bhfuil tagairtí don chluiche céanna le fáil i roinnt ainmneacha bailte fearainn, cé go bhfuil cuid de na samplaí níos cinnte ná a chéile agus nach féidir bunbhríonna eile a chur as an áireamh.
Pé scéal é, is dócha gurb í tagairt is dírí dá bhfuil againn in ainmneacha bailte fearainn Ré na hIomána/Reanahumana “the level ground of the hurling (i.e., the level hurling-ground)” (logainm.ie #104144 i gContae an Chláir. Ach is ann freisin do logainmneacha Béarla a thagraíonn don iomáint. Cuir i gcás Hurlers Cross (logainm.ie #104144), i gContae an Chláir arís, áit a fuair ainm ón tábhairne Hurlers Inn a bhí suite ag an gcrosbhóthar de réir dealraimh. Go hiondúil, áfach, ní bhíonn a leithéid seo d’ainmneacha Béarla chomh seanbhunaithe le logainmneacha Gaeilge ná baol air.
Sa bhliain 2008 scríobh Art Ó Maolfabhail, iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha, aiste spreagúil dar teideal ‘Teorainneacha, Áthanna agus Iomáin’ san iris Tipperary Historical Journal (lgh. 164–174) inar phléigh sé logainmneacha éagsúla i gContaetha Luimnigh, Thiobraid Árann agus Chill Chainnigh a d’fhéadfadh a bhaint leis an iomáint. Tá cuid de na samplaí an-éiginnte, ar ndóigh, ach is féidir glacadh le Áth na gCamán/Aughnagomaun (logainm.ie #47499) i gContae Thiobraid Árann mar thagairt don iomáint, faoi mar a thuigtí go háitiúil é. D’fhiosraigh an scoláire clúiteach úd Seán Ó Donnabháin an logainm i 1840 le linn na Suirbhéireachta Ordanáis. Ba as Cill Chainnigh don Donnabhánach, ar ndóigh, agus is dócha gur maith an rud é gur mhínigh sé an logainm mar “ford of the hurlets [sic]” san Ainmleabhar Paróiste — seachnaíonn an focal seanfhaiseanta Brl. hurlet ‘camán’ an tseandíospóireacht a bhíonn le clos gan stad sa Ghalltacht inniu .i. cé acu is cirte sa Bhéarla, hurlhurley. (Mar eolas, Garmanach agus Bleá Cliathach a chuir an nóta seo i dtoll a chéile, agus dar leosan níl d’ainm Béarla ar an uirlis chéanna ach hurl!)
Ach sin scéal thairis. Agus brí camán á meas i logainmneacha Gaeilge, is tábhachtaí go mór sanas agus bunús an fhocail féin. Ar ndóigh, ó tharla gur díspeagadh díreach é camán ar an bhfocal cam, d’fhéadfaí earra nó gné ar bith atá ‘cam’ a thuiscint as (FGB s.vv. camán, cam) .i. ‘rud camtha nó lúbtha’ (AFB s.v. camán). Cuir i gcás Achadh Camán/Aghacommon (logainm.ie #56421) i gContae Ard Mhacha — cé gur mhínigh muintir Ghaeilge na háite an logainm sin mar “field of the hurls” faoi na 1830í, tugann an Dr. Pat McKay faoi deara in A Dictionary of Ulster Place-Names gur dócha gur ghné nádúrtha a bhí faoi thagairt an chéad lá, mar atá ‘windings in the Closet river, which forms its northern boundary’ (féach placenamesni.org s.n. Aghacommon). Thuig Seán Ó Donnabháin na miondifríochtaí seo go maith, mar ba dhual dó, agus ainm Béarla na habhann Hurley River i gContae na Mí faoi thrácht aige i 1836 — scríobh sé in Ainmleabhar Paróiste na Suirbhéireachta Ordanáis gur aistriúchán a bhí sa Bhéarla sin ar ‘Camán’ na Gaeilge .i. An Camán (logainm.ie #1166957), ach gur mheas sé gurbh éard a chuir an bunainm in iúl i ndáiríre ná ‘abhainn cham’. Agus go deimhin, is cosúil go dtagraíonn ainm na habhann do na lúbanna agus na castaíocha úd lastoir ó thuaidh de dhroichead Ráth Faiche.
Tá áit eile darb ainm An Camán/Hurley Point (logainm.ie #104145) i nDuínis, oileán beag i mbéal na Sionainne i gContae an Chláir. Ach ní do chamais abhann ná don chluiche páirce a thagraíonn an t-ainm úd sa chás seo, de réir dealraimh, ach do chruth Dhuínse féin. Tá athruithe tagtha ar an tírdhreach idir an dá linn, cinnte, ach don té a d’fhéachfadh ar léarscáil 6ʺ (1ú eag.) de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis tá an-chosúlacht le camán iománaíochta le sonrú ar an oileáinín seo (cé gur fíor gur mó a chuirfeadh seanchruth an oileáin bas camáin an lae inniu i gcuimhne). Níl aon dabht, áfach, ná gurb é an gléas spóirt féin atá faoi thagairt sa mhionainm iontach Lios Fear Beag na gCamán/Lisfarbegnagommaun (logainm.ie #1410538) in aice Chora Finne i gContae céanna an Chláir, bíodh gur i gcomhthéacs osnádúrtha an tseanchais é. Is é brí atá leis sin, ar ndóigh, “the ring-fort of the little hurley-wielding men” — tugann Bailiúchán na Scol cuntas breá ar bhunús an logainm dúinn, a breacadh síos ó dhuine de sheanfhondúirí na háite i 1939.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)