BRABHSÁIL
Áth Luimnigh
ginideach: Áth Luimnigh
(Gaeilge)
Athlumney
(Béarla)

Gluais

Béarla ford

Ordlathas

contae

barúntacht

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the ford of the expanse of water?
    Tá fianaise cuibheasach déanach ann a thaispeánann gur tháinig claochlú ar fhocal tosaigh an logainm seo: ‘Athlumney’ (bl. 1306c), Ard luimneach Ainmleabhar, scríofa le peann luaidhe (1836); ‘Ath Luimnigh, “Limerick ford” is the true name, but the people call it Ard luimnigh’ Ó Donnabháin, Ainmleabhar. Tá Áth Luimnigh cóngarach do Ard Maolchon agus is faoi thionchar an logainm dheireanagh a cuireadh Ard in ionad Áth.
    Tá áiteanna eile ann ar a dtugtar Luimneach. Is é an ceann is cáiliúla díobh ná cathair agus contae Luimnigh. Ainm ar inbhear na Sionainne ab ea Luimneach ó bhunús, mar a leathann an abhainn. Díol suime go bhfuil Áth Luimnigh suite i gcomar na hAbhann Duibhe (Séile anallód) agus na Bóinne, mar a bhfairsingíonn abhainn na Bóinne. B’fhéidir, mar sin, gurb é an focal luimnech a chiallaigh ‘cloaked, mantled’ atá laistiar den dá Luimneach sin, agus gur tagairt atá ann do léinseach uisce. Féach luman, ‘cloak, (protecting) mantle’; luimnech ‘cloaked, mantled’ (Dictionary of the Irish Language)

  • English

    the ford of the expanse of water?

Lárphointe

53.6489, -6.64176domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1540-1
V. of Alumpney
Ir. Mon. Poss.
1540-1
Alumpney
(executor of Nicholas Bedlowe)
Ir. Mon. Poss.
1642
Athlumney
Dep. (Ca)
Dep. 1641 Leathanach: 59

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm