Fógra

Ceardlann Logainmneacha 2024: Glaoch, clárú, eolas »

2024-05-13

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

An ghrian
Bealach Gréine / Ballygreany “pass of (the) sun” (féach logainm.ie #40528)

Dáta: 13/05/2024

Seo linn ag treabhadh trí mhí na Bealtaine le téama an tsamhraidh. Tá an focal grian coitianta go leor mar eilimint in ainmneacha bailte fearainn, ach mar is gnách, is minic a bhíonn níos mó ná míniú amháin le léamh ar chuid de na samplaí sin féin. Ach cuir i gcás an logainm Buaile na Gréine/Ballynagrenia “the boley, cattle-fold of the sun” (#50797) i gContae na hIarmhí: cruthúnas atá san alt ginideach baininscneach na ansin gurb é an t-ainmfhocal coitianta atá sa treis (agus é ag tagairt don ‘c[h]orpán spéire a thugann teas agus solas sa lá dúinn’, mar a chuirtear go snasta é san Fhoclóir Beag). Sin é atá i gceist freisin in Achadh na Gréine/Auburn “the field of the sun” (#50761), ainm baile fearainn eile i gContae na hIarmhí, agus in Baile na Gréine “the town(land) of the sun”, logainm Gaeilge a béarlaíodh mar Ballynagrany i gContae Cheatharlach (#3175) agus mar Ballynagrena i gContae Lú (#33997). I gContae Chorcaí, faighimid Lios na Gréine/Sunfort “the ring-fort of the sun” (#10707), Ros na Gréine/Rossnagrena “the wooded height of the sun” (#8543 agus Ard na Gréine/Ardnagrena “the height of the sun” (#12993). Ar na samplaí flúirseacha eile ar fud na tíre ba cheart aird ar leith a tharraingt ar Móin na Gréine/Monagreany “the bog(land) of the sun” (#53213) i gContae Loch Garman, ós rud é go bhfuil sé suite i gceartlár an Oirdheiscirt, áit a bhfuil buntáiste na gréine aige de réir fhógraíocht na turasóireachta.
In éagmais an ailt na, áfach, titeann logainmneacha den sórt seo i ndoiléire. B’fhurasta an logainm Áth Gréine/Athgreany (#54756) i gContae Chill Mhantáin a thuiscint mar a bheadh “the ford of Grian”, cuir i gcás, ó tharla gur bhandia de chuid na sean-mhiotaseolaíochta ab ea Grian (gin. G(h)réine). Ach is amhlaidh atá ciorcal cloch ar an mbaile fearainn sin, agus é riartha faoi choinne ghrianstad an gheimhridh: féach ‘[the] outlier and the entrance stones are in a direct line with the setting sun at the Midwinter Solstice’ (Richard Marsh, Tales of the Wicklow Hills (2007) p. 67). I bhfianaise an eolais breise seo is é is dealraithí ná gurbh í grian na spéire a bhí i gceist sa logainm sin i ndeireadh na dála. Scéal eile fós atá taobh thiar de Cnoc Gréine/Knockgrean (#32401) i gContae Luimnigh. Ní dia ná réalt atá faoi thagairt ansiúd, ach ainm seandúiche .i. Grian, a mhaireann féin mar theideal ar pharóiste dlí atá béarlaithe anois mar Grean (#1547) (féach Logainmneacha na hÉireann I: Contae Luimnigh). Dá bhrí sin is léir gur gá, mar is gá riamh, anailís chuimsitheach a dhéanamh ar gach logainm den sórt seo ceann ar cheann chun solas a chaitheamh ar a bhunús ceart. Féach mar shampla na logainmneacha débhríocha Tuaim Ghréine/Tomgraney “mound of (the) sun” nó “the mound of Grian” (#7778) i gContae an Chláir; Bealach Gréine/Ballygreany “pass of the sun” nó “the pass of Grian” (#40528) i gContae Mhuineacháin; an dá bhaile fearainn éagsúla darb ainm Cill Ghréine/Kilgraney “church of (the) sun” nó “the church of Grian” (#3513), (#3120) i gContae Cheatharlach; agus Cúil Ghréine/Coolgreany “recess of (the) sun” or “the recess of Grian” (#52954) i gContae Loch Garman. Téann sé dian an sanas cruinn a dhéanamh amach ina lán logainmneacha dá leithéid. Bhí na sean-Ghaeil chomh tógtha sin leis an dinnseanchas samhlaitheach gurb amhlaidh nach mbeifear cinnte go deo cé acu is cirte a thuiscint as leithéid Bealach Gréine/Ballygreany (#40528) i gContae Mhuineacháin, cuir i gcás — “pass of (the) sun” nó “the pass of Grian”.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí