Skip to the search box
Loading
Loading map...
Cill na mBanbhán Loading...
genitive: Chill na mBanbhán
(Irish)
Kilmanman Loading...
(English)
Glossary
cill church
Explanatory note
  • Gaeilge

    the church of the Banbháns?
    Banbhán — ainm naoimh (as an ainmfhocal a chiallaíonn “piglet”)

    Tá an cáilitheoir san ainm eaglasta seo inspéise. Rachadh cuid mhaith den fhianaise bhéarlaithe, m.sh. 1573 ‘Kilmanmyn’, 1601 ‘Killmanamane’, 1627 ‘Killmanman’, le Cill Mheanman/Mheanmnáin “the church of Meanma (ainm pearsanta)/Meanmnán (foirm dhíspeagadh den ainm céanna)”. Féach Foclóir Stairiúil Áitainmneacha Gaeilge s.n. Ceall Meanman agus cf. St. Manman’s Well SO sa bhaile fearainn. (Déanann Ó Cearbhaill mionphlé ar bf Cill Mheanmnáin (#48523) i dTiobraid Árann in Logainmneacha na hÉireann II 165–166.)

    Ach féach go bhfuil v-, u- /v/ le fáil ag tús an tsiolla dheiridh i gcuid den fhianaise bhéarlaithe is luaithe dá maireann, m.sh. 1607 ‘Killmanvan(e)’, 1608 ‘Killmanvaine’, 1660c ‘Killmanuan Parish’. Tagann foirm Ghaeilge anuas chugainn a thagraíonn don áit seo, de réir gach dealraimh, agus a thagann salach ar Meanma/Meanmnán .i. 1475c ‘teampull na mbanbán’ [.i. Teampall na mBanbhán]. Seo comhthéacs na tagairte Gaeilge úd: ‘Oradh do Thadhg mac Amalguigh [mac Laighnigh LS] mic Ruaidrigh hi Duinn … is lais do righneadh caislén na hinnsi agus in caislén breac, agus teampull Ruighri, teampull na mbanbán agus teampull in caislein breic’ RIA 23 P 61 (LS Uí Dhuinn 117n). Is iad par Raoire Mór (#1454) agus par An Caisleán Breac (#1425), lastoir de seo, an dá pharóiste eile a luaitear ann. Dar linne go dtagraíonn ‘teampull na mbanb[h]án’ don pharóiste seo idir chamáin.

    Is féidir struchtúr an ainm úd Teampall na mBanbhán a chur i gcomparáid le par Cill na nAodhán (#1102) i gCiarraí, ina bhfuil cill cáilithe le foirm ghinideach iolra den ainm naoimh Aodhán. (Cf. leis bf Currach na dTadhg “the wet land of the Tadhgs” (#28401) laistigh den pharóiste seo.) Dar linne go dtabharfadh an fhoirm Ghaeilge Cill na mBanbhán na foirmeacha béarlaithe úd a fheictear sa 17ú haois. Is cosúil gur atuigeadh an t-ainm pearsanta neamhghnách seo Banbhán mar Meanma (gin. Meanman) nó Meanmnán (cf. St. Manman’s Well SO). (Beag an seans gurb é a mhalairt d’fhorás atá i gceist .i. gur * Cill Mheanman/Mheanmnáin a bhí ann ar dtúis, go dtiocfadh /v/ chun solais sa siolla deiridh, agus go ndéanfadh scríobhaí de chuid an 15ú haois an cáilitheoir sin a mhíthuiscint (‘teampull na mbanb[h]án’).)

    Pé scéal é, is léir go dtuigtí do mhuintir na háite ní ba dhéanaí gurbh é Meanma/Meanmnán éarlamh an pharóiste seo (féach Ó Donnabháin, LSO I 207; Par. Stat. III 319 (1819) á aithris ag Lewis in Top. Dict. II s.n. Kilmanman or Clonaslee; cf. Comerford, CollectionsKildare and Leighlin III s.n. Kilmanman Parish).

    Maidir le Banbhán féin, féach faoin mbliain 686AD ‘Mors Banbain … fer-légind Cilli daraATig. 209 (ionann is ‘Banbhán of Oldleighlin’, Ó Riain Dict. Ir. Saints 85), faoin mbliain 725AD ‘Colman Banban, scriba Cill Daro’ agus faoi 859AD ‘Ailill Banbaine, abbas Biror’ in Annála Uladh. Cf. bf Cill Bhanbháin (#24469) i gCiarraí. Tá an t-ainm pearsanta Banbhán (mac Seanaigh) le fáil i measc mhuintir Laighean in Leabhar Mór na nGenealach 447.14 (cf. Seanach sa nóta faoi bf Baile Mhadóg (#28222) i mbarúntacht an tSráidbhaile).

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/1444.aspx

Open data