Skip to the search box
Loading
Loading map...
Doire Leathan
genitive: Dhoire Leathan
(Irish)
Derrylahan
(English)
Glossary
doire (oak-)wood, grove, thicket
Explanatory note
  • Gaeilge

    *broad (oak-)wood

    Is dócha gur don áit seo a thagraíonn na hiontrálacha 1549 ‘Dirrecloen’, 1552 ‘Dirrelaen’ agus 1561 ‘Dyrrylane’. Bhí claonadh i gcanúintí an oirdheiscirt ar -th- /h/ (caol nó leathan) idir dhá ghuta ghairide a chailliúint, agus fadú cúitimh a theacht ar an gcéad ghuta díobh. (Cf. 1838 ‘Cnoc léad ... hill of the breadth’ OD:AL ag cainteoir dúchais le haghaidh bf Cnoc Leithid (#1417562) sa bharúntacht chéanna.) Is dealraitheach mar sin gurb é an focal leathan (> * lea’an) > leán atá sa dara heilimint anseo, ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de. Is mór an easpa ar an bhfianaise í an bhearna idir 1561 ‘Dyrrelane’ agus na foirmeacha dar críoch ‘-laghan’ san Ainmleabhar (1838).

    Díol spéise go bhfuil an fhoirm dhéshiollach leathan le sonrú tríd síos san fhianaise stairiúil do bf Doire Leathan (#28535) (La 15, 16) in Uí Fhairchealláin, tamall maith ó thuaidh, e.g. 1616 ‘Direleahan’.

Irish Grid

S 39700 82610

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/27740.aspx

Open data