Hierarchy
county
barony
civil parish
electoral division
townland
Hierarchy
county
barony
civil parish
electoral division
Explanatory note
- Gaeilge
the stone ring-fort
giorrúchán < Caiseal Garadh (?) “stone ring-fort of —?”(Ní úsáidtear an t-alt san ainm oifigiúil de bharr gur logainm giorraithe atá anseo; cf. bf An Caiseal (#27781) i mBaile Átha an Róine.)
Dar leis an gCorragánach tagraíonn an chéad eilimint caiseal don imfhálú cloiche timpeall ar an teampall agus an reilig (cf. History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 178–180) — ‘substantial drystone rectangular enclosure’ mar a thugann an Fardal Seandálaíochta air. Féach go raibh lios mór taobh theas den bhóthar tráth, darbh ainm ‘Fort of the Brake’ [brake .i. raithneach (gaolmhar le bracken)] (Ó Corragáin, loc. cit.) nó Brandybush Fort SO (cf. www.archaeology.ie).
Is é Ó Corragáin, leis, a chéadionannaigh an tseanláthair eaglasta seo leis an logainm stairiúil Díseart Garadh “the hermitage of Garadh(?)”, áit a luaigh na Féilirí le naomh darb ainm Lon Garadh: m.sh. 1170c ‘Longarad ... a tuaiscert Osraigi .i. i n-Uib Forcellain .i. a Muig Garad i nDisiurt Garad’. Áit eile a luaitear leis an naomh céanna is ea bf Cill Ghabhra (#28866) i Sliabh Mairge in oirdheisceart an chontae. Déanann Ó Corragáin talamh slán de gurbh ionann Lon Garadh agus Garadh/Mogharadh, éarlamh bf Cill Mogharaidh (CC 15, 20) (#26744) agus déanann tagairtí do ‘St. Garadh’ sa chur síos aige ar stair an logainm seo idir chamáin (loc. cit.).
Ach is fíorbheag is eol dúinn faoin naomh seo (cf. Ó Riain, Dictionary of Irish Saints s.n. Lon Garadh). Más é an focal céanna atá sa dara heilimint d’ainm an naoimh agus atá sa cháilitheoir in Maigh Garadh agus Díseart Garadh, ní féidir a chur as an áireamh go bhfuair Lon Garadh ainm ón dara heilimint sna logainmneacha seo seachas a mhalairt. Más fíor nach ainm pearsanta é *Garadh mar a thuairmigh an Corragánach, ba dhóigh le duine gur tuiseal ginideach d’fhocal d-ghas gan urrús atá againn anseo (cf., mar shampla, cara, gin. carad in www.dil.ie s.v. cora “stone fence; weir”).
Féach go léirítear Cave díreach lastuaidh den láthair eaglasta (SO 6ʺ, 25ʺ) nach gcuirtear síos air san Fhardal Seandálaíochta.
Mionainmneacha ar an léarscáil:
Tá Bealach Mor Moy Dala marcáilte sa bhaile fearainn seo ar léarscáil SO 25ʺ. Seo é Bealach Mór Maí Dála .i. Bealach Mór Osraí .i. Slí Dhála, ceann de phríomhshlite stairiúla na hÉireann, a rith ó Theamhair na Mí go dtí tuaisceart na Mumhan (cf. bf An Bealach Mór Íochtarach/Uachtarach (#28744); cf. History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 180).
Centrepoint
Historical references
1170c |
i ndisiurt Garad?
Longarad Coisfind 7rl. I Muig Tuathait a tuaiscert Osraigi .i. i n-Uib Forcellain .i. a Muig Garad i nDisiurt Garad sainrud
|
FOeng. Leathanach: 198
|
1581 |
Cashellgarwe
will of Sir Barnaby fitz Patrick
|
Carrigan Imleabhar: I, Leathanach: 84
|
1601 |
Cashellgarne
Hugh O Duegan
|
F Leathanach: 6551
|
1624 |
Cashill Garrowe & Donogherry
|
CPR Leathanach: 586
|
1636 |
Cashellgarrowe & Downagherry
|
Inq. Lag. Leathanach: 20 C I
|
1655 |
Castegarrow Ballytarsney & Farrendonoghery
|
|
1660c |
Castle-Garrow & ffarrendonoghery
|
BSD (La) Leathanach: 146
|
1666 |
Castlegarron
|
ASE Leathanach: 76
|
1838 |
Cosh Hill
|
BS:AL Leathanach: La046,1
|
1838 |
Cashell
|
Inq. J I:AL Leathanach: La046,1
|
1838 |
Coshill
|
Despard:AL Leathanach: La046,1
|
1838 |
Caisiol, 'a stone fort'
|
OD:AL Leathanach: La046,1
|
1838 |
Căisiol, cŏosh o//l
|
pl:AL Leathanach: La046,1
|
1838 |
Cashel
|
OD:AL Leathanach: La046,1
|
1838 |
[Cashel]
"…'Brandy Bush Fort' is near the centre…"
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: La046,1
|
1905 |
Coshel (as the name is pronounced)
'St. Garadh, Lon, or Lon-garadh, an Ossory Saint ... was the founder and patron of the church of Cashel'; cf Kilgorey / Cill Ghabhra, La
|
Carrigan Imleabhar: II, Leathanach: 177
|
1905 |
Coshel-Gorra
The Irish name ... as still handed down in the locality
|
Carrigan Imleabhar: II, Leathanach: 178
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/27818.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML