BRABHSÁIL
baile fearainn
Caiseal
ginideach: Chaisil
(Gaeilge)
Cashel
(Béarla)

Gluais

Béarla stone ring-fort

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the stone ring-fort
    giorrúchán < Caiseal Garadh (?) “stone ring-fort of —?”

    (Ní úsáidtear an t-alt san ainm oifigiúil de bharr gur logainm giorraithe atá anseo; cf. bf An Caiseal (#27781) i mBaile Átha an Róine.)

    Dar leis an gCorragánach tagraíonn an chéad eilimint caiseal don imfhálú cloiche timpeall ar an teampall agus an reilig (cf. History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 178–180) — ‘substantial drystone rectangular enclosure’ mar a thugann an Fardal Seandálaíochta air. Féach go raibh lios mór taobh theas den bhóthar tráth, darbh ainm ‘Fort of the Brake’ [brake .i. raithneach (gaolmhar le bracken)] (Ó Corragáin, loc. cit.) nó Brandybush Fort SO (cf. www.archaeology.ie).

    Is é Ó Corragáin, leis, a chéadionannaigh an tseanláthair eaglasta seo leis an logainm stairiúil Díseart Garadh “the hermitage of Garadh(?)”, áit a luaigh na Féilirí le naomh darb ainm Lon Garadh: m.sh. 1170c ‘Longarad ... a tuaiscert Osraigi .i. i n-Uib Forcellain .i. a Muig Garad i nDisiurt Garad’. Áit eile a luaitear leis an naomh céanna is ea bf Cill Ghabhra (#28866) i Sliabh Mairge in oirdheisceart an chontae. Déanann Ó Corragáin talamh slán de gurbh ionann Lon Garadh agus Garadh/Mogharadh, éarlamh bf Cill Mogharaidh (CC 15, 20) (#26744) agus déanann tagairtí do ‘St. Garadh’ sa chur síos aige ar stair an logainm seo idir chamáin (loc. cit.).

    Ach is fíorbheag is eol dúinn faoin naomh seo (cf. Ó Riain, Dictionary of Irish Saints s.n. Lon Garadh). Más é an focal céanna atá sa dara heilimint d’ainm an naoimh agus atá sa cháilitheoir in Maigh Garadh agus Díseart Garadh, ní féidir a chur as an áireamh go bhfuair Lon Garadh ainm ón dara heilimint sna logainmneacha seo seachas a mhalairt. Más fíor nach ainm pearsanta é *Garadh mar a thuairmigh an Corragánach, ba dhóigh le duine gur tuiseal ginideach d’fhocal d-ghas gan urrús atá againn anseo (cf., mar shampla, cara, gin. carad in www.dil.ie s.v. cora “stone fence; weir”).

    Féach go léirítear Cave díreach lastuaidh den láthair eaglasta (SO 6ʺ, 25ʺ) nach gcuirtear síos air san Fhardal Seandálaíochta.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    Bealach Mor Moy Dala marcáilte sa bhaile fearainn seo ar léarscáil SO 25ʺ. Seo é Bealach Mór Maí Dála .i. Bealach Mór Osraí .i. Slí Dhála, ceann de phríomhshlite stairiúla na hÉireann, a rith ó Theamhair na Mí go dtí tuaisceart na Mumhan (cf. bf An Bealach Mór Íochtarach/Uachtarach (#28744); cf. History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 180).

Lárphointe

52.9515, -7.58378domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1170c
i ndisiurt Garad?
Longarad Coisfind 7rl. I Muig Tuathait a tuaiscert Osraigi .i. i n-Uib Forcellain .i. a Muig Garad i nDisiurt Garad sainrud
FOeng. Leathanach: 198
1581
Cashellgarwe
will of Sir Barnaby fitz Patrick
Carrigan Imleabhar: I, Leathanach: 84
1601
Cashellgarne
Hugh O Duegan
F Leathanach: 6551
1624
Cashill Garrowe & Donogherry
CPR Leathanach: 586
1636
Cashellgarrowe & Downagherry
Inq. Lag. Leathanach: 20 C I
1655
Castegarrow Ballytarsney & Farrendonoghery
DS (Terr.)
1660c
Castle-Garrow & ffarrendonoghery
BSD (La) Leathanach: 146
1666
Castlegarron
ASE Leathanach: 76
1838
Cosh Hill
BS:AL Leathanach: La046,1
1838
Cashell
Inq. J I:AL Leathanach: La046,1
1838
Coshill
Despard:AL Leathanach: La046,1
1838
Caisiol, 'a stone fort'
OD:AL Leathanach: La046,1
1838
Căisiol, cŏosh o//l
pl:AL Leathanach: La046,1
1838
Cashel
OD:AL Leathanach: La046,1
1838
[Cashel]
"…'Brandy Bush Fort' is near the centre…"
Desc. Rem.:AL Leathanach: La046,1
1905
Coshel (as the name is pronounced)
'St. Garadh, Lon, or Lon-garadh, an Ossory Saint ... was the founder and patron of the church of Cashel'; cf Kilgorey / Cill Ghabhra, La
Carrigan Imleabhar: II, Leathanach: 177
1905
Coshel-Gorra
The Irish name ... as still handed down in the locality
Carrigan Imleabhar: II, Leathanach: 178

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm