Skip to the search box
Loading
Loading map...
An Dúleacht
genitive: an Dúleachta
(Irish)
Doolough
(English)
Explanatory note
  • Gaeilge

    the black grave, monument
    < dubh + leacht

    Ní léir an dtagraíonn 1518/19 ‘Kylmorgh (alias calyd Dovlyght)’ Kildare Rental don bhaile fearainn seo idir chamáin. Tá sé soiléir as an leagan iomlán de Inq. Lag. 6 Jac. I atá i gcló ag Fitzgerald in JKAS IV 188 go raibh an logainm stairiúil ‘Kilemoragh’ suite taobh thuaidh de bf Baile Uí Chearúill agus bf Doire na Fuinseann, timpeall le bf Coill an Mhuilinn (#28502) inniu. Ní heol dúinn aon tagairt eile don alias seo ‘Dovlyght’ ar an ‘Kilemoragh’ sin.

    Ach bíodh sin mar atá, is ait go réiteodh a leithéid de litriú go foirfe le 1575 ‘Dowlaght’, 1659 ‘Dulaght’, 1660c ‘Doolaght’ agus 1695 ‘Lagh … Dowlaght … Killbride’, samplaí a thagraíonn don bhaile fearainn seo go cinnte. Bréagnaíonn siad féin moladh an Donnabhánaigh 1838 ‘Dubhloch’ < dubh + loch sa chás seo. Ait go leor, is cosúil nach loch “lake” atá sa logainm bf Lough (#28291) laisteas ach an oiread.

Irish Grid

N 54362 09362

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/28288.aspx

Machine-readable data