Skip to the search box
Loading
Loading map...
Cluain Achaidh Dubh
genitive: Chluain Achaidh Dubh
non-validated name
(Irish)
Clonaghadoo
(English)
Glossary
dubh
(also: dú-, duí-)
black
Explanatory note
  • Gaeilge

    black Cluain Achaidh?
    Cluain Achaidh “pasture of (the) field”

    Cé go bhfuil cuma thrédhearcarch ar na foirmeacha béarlaithe níl ceartfhoirm an logainm seo soiléir.

    Tá portach taobh thoir den bhaile fearainn in bf An Garraí Mór (#28470) agus is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an chéad eilimint díorthaithe ón bhfocal cluain “(wet) pasture”. Is móide freisin gur foirm de dubh atá sa mhír deiridh.

    Tá cúig sampla den logainm cluanach “place of pastures” i gContae Laoise (#28589, #28873, #28395, #28559, #28397). San fhianaise anseo, áfach, léirítear guta idir -ch /x/ agus d-tosaigh an eilimint dheiridh. Más cuid den chéad eilimint é an guta seo d’fheadfadh sé gur foirm neamhchoitianta iolra cluanacha atá san aicmitheoir; cf. cluanach, malairt foirme den ghinideach uatha atá le fáil, is cosúil, i gCiarraí (#1394956) agus i Loch Garman (cf. Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV (LG) s.n. Raheenaclonagh). Féach, áfach, an leagan iolra sa logainm bf Cluainte Cua (#27792) i nDíseart Gailine.

    In ionad an leagan iolra neamhghnách seo cluanacha a mheas, áfach, d’fhéadfaí súil a chaitheamh ar struchtúr an logainm bf Cill Achaidh Dhubh (#4088) i gContae an Chabháin, ina ndéanaimid amach go gcáilíonn an aidiacht dubh an t-aicmitheoir cill, seachas achadh (.i. gur Cill Achaidh + Dubh “black Cill Achaidh” atá ann seachas Cill + Achadh Dubh > * Cill Achaidh Dhuibh “the church of Achadh Dubh”). D’fhéadfadh sé gur Cluain Achaidh Dubh “the black Cluain Achaidh” an fhoirm cheart den logainm seo idir chamáin (ní bheadh faic idir dubh agus dubha i gcanúint na háite, i bhfoirmeacha béarlaithe go háirithe). Cf. bf Cluain Achaidh Chaoin (#28596) i Ros Fhionnghlaise, nach bhfuil ach 6km ó dheas.

    Níor cheart a chur as an áireamh gur foirm uatha atá anseo agus gurb é léithéid 1601 ‘Clonaghdowe’ is fearr a chuireann an bhunfhoirm in iúl < Cluanach Dubh “black place of pastures”. Ní heol dúinn aon samplaí deimhnitheacha de ghuta cúnta a theacht chun solais idir -ch /x/ agus d- /d/, áfach: tá 1836 ‘Eanacha dearg’ < An tEanach Dearg (#30406), 1836 ‘Mullach a dú’ < An Mullach Dubh (#29815) — iad araon i gContae Liatroma — gan a bheith cinnte.

    Díol spéise na foirmeacha seo a leanas as cáipéisí Uí Dhuinn: 1607 ‘Cloncaddow’, 1607 ‘Clone Gooddow’, 1607 ‘Cloncoddow’, 1618 ‘Clua[n]caddowe’, sa mhéid is gur dhóigh leat gur -caddow an cáilitheoir. In ionchoisne 1607, ina bhfuil roinnt foirmeacha lochtacha eile, a chéadthagann sé chun solais: ‘Neale mcDermott of Clonaghadow, gent.: 20 acres in Roskene and 4 acres in Cloncoddow’. Bunaithe ar cheann de na cáipéisí seo, is dócha, atá 1655 ‘Cloncodogh’ DS (agus BSD, Hib. Del. ar aon dul leis mar is iondúil). Ní dóigh linn go gcaitheann na foirmeacha seo aon solas ar an mbunainm Gaeilge.

Irish Grid

N 42318 13609

Archival records
Permanent link
https://www.logainm.ie/28345.aspx

Open data