BROWSE
townland
Baile an Charnáin
genitive: Bhaile an Charnáin
(Irish)
Ballycarnan
(English)

Glossary

English townland, town, homestead

Explanatory note

  • Gaeilge

    the town of the little cairn

    Is ann don sloinne Ó Cearnacháin in Leabhar Mór na nGenealach, ach ní luaitear é leis an gcontae seo. Tá -a- sa chéad siolla den cháilitheoir sa tagairt stairiúil is luaithe dá dtagann anuas chugainn agus i ngach tagairt eile ó lár an 17ú haois amach. Faightear na samplaí go léir a bhfuil -e- sa chéad siolla iontu i ngníomhais talún atá fite fuaite lena chéile: na bailte fearainn ceannann céanna atá i gceist le F 495 (1563) agus le F 971 (1566); déanann Inq. Lag. 25 Jac. I (1624) aithris ar Inq. Lag. 24 Jac. I (1623), a phléann an gabháltas talún céanna a phléitear in F 5924 = F 1624 = F 1376 (bl. 1569). Dá bharr sin is féidir na foirmeacha seo in -e- a rianú siar go dtí 1563 ‘ kernan’ (= 1566 ‘-keran’) agus 1569 ‘-kerote als. -kerane’.
    Díol spéise mar sin an litriú 1623 ‘Ballekarnan’ in -a- atá le fáil in aguisín le Inq. Lag. 24 Jac. I (18 Márta 1623): ‘per al’ indentur’ geren’ dat’ 10 dec’ 1623’ “de réir dintiúr eile a cuireadh i bhfeidhm 10 Nollaig 1623”.

    Is dócha mar sin gur fearr Baile an Charnáin “the town of the small cairn” mar leagan Gaeilge anseo, foirm a réitíonn go maith le hiontráil 1551 agus leis an bhfianaise eile ó 1655 i leith.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:
    Téann Cush Br[idge] SO, Ford SO trasna Cush River < Abhainn na Coise (?) ar theorainn na barúntachta in iarthar an bhaile fearainn.

    Ainmneacha eile:
    Bhailigh Liam Price dhá mhionainm eile anseo (nótaí i seilbh an Bhrainse Logainmneacha), mar atá Cruiteen agus Cruit na Grainne. Cé go bhfuil cnocán maol 123m i lár an bhaile fearainn ní dócha gur cruit “hump” atá sna hainmneacha seo. Is minic a rinne crot-, crit-, cret- de crochta “croft, enclosed field” agus den fhoirm dhíspeagtha croichtín sa chontae seo agus i gContae Chill Chainnigh, e.g. Crettyard < Crochta Ard (#28864); 1601 ‘Crottintegill’ < 1563 ‘Croughtentegle’ < Crochta an tSeagail (#28815); 1691 ‘Crotonclogh’ < 1618 ‘Croghtniclogh’ < Crochta na gCloch (#26574) (CC 6). I dtuaisceart Chontae Chill Dara cuir i gcás 1654 ‘a Croft called Crotti Clonteig’ CS faoi bf Corr na Muclach (#25563) (CD 3) i dtuaisceart Chontae Chill Dara agus cf. 1654 ‘Crottiforis’ CS < Crochta Feorais “the croft of Feoras (~ Piers)”, 1654 ‘Crotty Nycholas’ CS < Crochta Niocláis “the croft of Nioclás (< Nicholas)”, srl., sa cheantar céanna; tugann FitzGerald 1766 ‘Cretteennafahans’ agus 1817 ‘Crotnefoy’ i Ráth Iomgháin in JKAS VII 277. An Croichtín “the little croft” agus Crochta na Gréine (?) “the croft of the sun” na mionainmneacha atá i gceist, b’fhéidir. Féach leis an nóta faoi bf Bearna na gCrochtaí (#41796) (UF 46) in Dinnseanchas VI 149–50.

Centrepoint

53.0009, -7.28213latitude, longitude
Irish Grid (with letter)
Computing...
Irish Grid (without letter)
Computing...
Irish Transverse Mercator (ITM)
Computing...

Historical references

1549
Ballycarnan
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 68
1551
Ballycarnan
F Leathanach: 716, Imleabhar: Ed.
1557c
Ballykernan
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
1563
Ballekernan
F Leathanach: 495
1565c
Ballycharnan
Cotton Map
1566
Ballekeran
F Leathanach: 971
1569
Ballykerote alias Ballekerane
Francis Cosbie, gent
F Leathanach: 1376
1569
Ballykerote alias Ballekerone
Francis Cosbie, gent
F Leathanach: 1376
1570
Ballekeroke alias Ballekerane
F Leathanach: 1624
1570
Ballykeroke alias Ballekerone
F Leathanach: 1624
1593
Ballekeroke alias Ballekerane
F Leathanach: 5824
1593
Ballekeroke alias Ballekeron
Edw. Fitz Henry
F Leathanach: 5824
1623
Ballekarnan
Inq. Lag. Leathanach: 24 J I
1623
Ballekernan
Inq. Lag. Leathanach: 24 J I
1623
Ballykernane al' Ballekerone
Inq. Lag. Leathanach: 24 J I
1623
Ballykernane alias Ballekerone
Inq. Lag. Alt: 24 J I
1624
Ballykernone
Inq. Lag. Leathanach: 25 J I
1655
Ballecharnan
DS
1660c
Ballecharnan
BSD (La) Leathanach: 94
1685
B: charnan
Hib. Del.
1805
Ballycarnon
Cahill (La)
1838
Ballycarney
BS:AL Leathanach: LA029,2
1838
Ballycarnan
HCons PR:AL  Leathanach: LA029,2
1838
Ballycarnon
CM:AL Leathanach: LA029,2
1838
Ballesharnan
DS Ref.:AL Leathanach: LA029,2
1838
Ballcharnan
DS Map:AL Leathanach: LA029,2
1838
Ballykernane alias Ballekerone
Ecc. Annals:AL Leathanach: LA029,2
1838y
Baile carnáin, 'town of the heap'
OD:AL Leathanach: LA029,2
1838
Ballycarnan
OC (corr.):AL Leathanach: LA029,2
1838
Ballycarney
pl:AL Leathanach: LA029,2
2006
baliˑˈkərnin
Áit.
2006
baliˑkɑːrmin
Áit.
2006
baliˑˈkarnin
Áit.

Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.

Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.

Open data

Application programming interface (API)

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
API key required to access data
More about the Logainm API

Linked Logainm

Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Operated by Digital Repository of Ireland
More about Linked Logainm

Subunits