BRABHSÁIL
baile fearainn
Baile an Bharraigh
ginideach: Bhaile an Bharraigh
(Gaeilge)
Barrettstown
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the town of An Barrach
    An Barrach — ón sloinne de Barra (< AN Barry)

    Barry-, et var., seachas Barrett-, atá sna tagairtí deimhnitheacha ón 16ú haois. Ní thagann an fhoirm úd in -tt- chun solais go dtí tús an 17ú haois, in dhá thagairt a phléann sealús Wesley anseo, mar atá 1609 ‘late of … Garrett Weslie of Barretstowne in Kildare’ CPR 155 agus 1610 ‘Gerald Wesley … Barretstowne … obiit 12 maii 1603 … Valerian Wesley est nepos et her’’ Inq. Lag. 5 Jac. I. Tá sé le fáil arís in 1621 ‘Barrettstown … license to Valerian Wellesley to retain said lands’ CPR 496. Ach i ngach sampla deimhnitheach eile anuas go dtí aimsir na gCromalach féin níl -t(t) deiridh le fáil sa cháilitheoir. Tá na samplaí úd in -t(t)- eisceachtúil i measc na dtagairtí do mhuintir Wesley freisin — mar sin, ní hamhlaidh go raibh an t-ainm ceart caomhnaithe ag an teaghlach sin amháin ar shlí éigin: tá an bunlitriú le fáil in 1549 ‘Pardon to … Gerald Wesley of Barristone, and Oliver Wesley’ F (Éadbhaird) §231, 1619 ‘Gerald Wesley, late of Barriston’ CPR 430, 1654 ‘Valerian Weisley … Irish Papist … Barristowne’ CS VIII 133, *c.*1660 ‘Valerian Weisly; Barristowne’ BSD 46.

    Tá na tagairtí a bhaineann le seanphrióireacht Chonnala ar aon fhocal freisin: 1540 ‘Barreston’ Ir. Mon. Poss., 1568 ‘Barriston’ F §1216, 1604 ‘Barreston’ CPR 2, 1607 ‘Barreston’ ibid. 92, 1619 ‘Barreston’ ibid. 449, 445.

    Is do bf Barretstown (#25995) (CD 24, 25), par. Thobar Chaoimhín, bar. an Náis Theas [sic, Barrets- sa cheann úd] a thagraíonn *c.*1560 ‘Baile BhuirédLBran. de réir gach cosúlachta — féach gur i mbarúntacht an Náis Theas atá an dá logainm eile a luaitear in éineacht leis: ‘Baile Hanrí nár thearc tréd / do chreach is Baile Bhuiréd; / Baile Fuinnsi (cá mó mairg?) / fá thuirsi ón ló do lomairg’, mar atá bf Harristown (#25708) (CD 24, 29), par. Charn Almhaí, agus bf Punchestown (#25907) (CD 24), par. Thobar Chaoimhín agus gan ach 6km eatarthu. Tá bf Barretstown, par. Thobar Chaoimhín, suite 4km slí siar ó dheas ó bf Punchestown agus 6km siar ó bf Harristown — agus tá siadsan 14km éigin siar ón mbaile seo idir chamáin taobh thall den Life.

    Ach ní léir cé acu de na trí bbf Barret(t)stown (tá ceann eile fós tamall siar ó thuaidh i mbarúntacht Chlaonadh) atá i gceist in 1582 ‘Joanna ny Donne of Barreyston … John Donne, of Barretston, James Donne of same’ F §3949 — tá muintir Dhuinn le fáil sna trí bharúntachtaí seo agus ait go leor is i gCairbre in iarthuaisceart an chontae atá an chuid is mó de na logainmneacha eile san iontráil úd (‘Moyvayle … Clonagh … Kilglas … (Brymyngham) … Ballicadam … Ballynedronne’).

    Mar leis an ainm Gaeilge de, díol mór suime gurb é an leagan Béarla ‘Barristowne’, ‘Baristowne’, srl., a thugtar ar an mbaile fearainn sa chur síos ar pharóiste Sheanchonnala in Civil Survey (1659) — ach gurb é an leagan Gaeilge ‘Ballivarry’ atá le fáil sna tagairtí don áit chéanna sa chur síos ar pharóiste Cheárach, bar. Chlaonadh, atá teorantach leis lastuaidh (‘the said Parrish of Carough meareth from the Lands of Ballivarry, to ye Lands of Newtowne, neer Downeower, and from thence to ye Lands of Downeings ... on the South ... Halverstowne ... Siginstowne ... to a ffoard called Casheneskehy [Skeagh Bridge SO] in ye aforesd. River of Liffie and from thence to the Lands of Ballivarry aforesaid’ CS VIII 156). Soláthraíonn FitzGerald foirmeacha breise as tiomna ‘Alexander Eustace of Carragh and Yeomanstown … dated 17th January, 1669 … and that of his wife, Catherine … 6th February, 1690 … Barrettstown, alias Ballivarrah … Barristown, alias Ballyvarre’ JKAS VIII 512. Tá an ceart ag an nGearaltach, is cosúil, nuair a mhíníonn an fhorbairt ‘Ballyvarre, alias Barr-is-town, alias Barrettstown’.

    Tagann na foirmeacha sin ón 17ú haois ‘Ballivarry’, ‘Ballivarrah’, ‘Ballyvarre’ go maith leis an logainm Gaeilge a sholáthraíonn Mac Colgáin in Acta Sanctorum Hiberniae .i. 1645 ‘Baile Barrigh’, mar shoiléiriú, dar leis, ar shuíomh an logainm stairiúil ‘ad cellam, Barrigh nomine’ (‘go dtí cill ainmnithe as Bairreach’) i mBeatha Éanna. Deirtear sa scéal úd gur cuireadh dallamullóg ar na Laighnigh ionas gur leanadar carr ina raibh corpán Mhuire, mar a mheasadar, ‘ad cellam, Barrigh nomine’, áit ar chuireadar na taisí ‘in campo qui in Hibernico Mag Liphi dicitur’ (‘sa mhachaire a dtugtar Maigh Life air i nGaeilge’) — bhí an scéal ceart ag fir na Mí, áfach, agus thugadarsan na fíorthaisí beannaithe leo ó thuaidh (VSH II 65). Scríobhann Mac Colgáin an fonóta seo a leanas ar an bhfocal ‘Ad Cellam Barrigh’ (bainte as an mbuntéacs aige faoi mar a bheadh ‘go Cill Bhairrigh’ ann) in Acta Sanctorum Hiberniae: ‘Hodie vulgo Baile Barrigh vocatur; iacetque ad ripam fluminis Liffe in comitatu, & Diæcesi Kill-darensi in Lagenia’ (‘Glaotar Baile Bairrigh inniu air go coitianta; tá sé suite ar bhruach Abhainn na Life i gcontae agus i ndeoise Chill Dara i gCúige Laighean’). Is maith an seans gurb í an áit seo bf Barrettstown, áit a bhfuil fothracha seanteampaill agus seanreilig díreach ar bhruach na Life i ndeoise Chill Dara, áit a dtugtar ‘Barristowne’/‘Ballivarry’ air i gcáipéisí comhaimseartha gallda, a bhí i gceist ag Mac Colgáin le ‘Baile Barrigh’. Ní hionann sin is a rá go raibh an ceart aige é a cheangal leis an logainm stairiúil ‘ad cellam, Barrigh nomine’ i mBeatha Éanna. Tá cur síos san Fhardal Seandálaíochta ar Church SO 6ʺ, Grave Yard SO 6ʺ anseo. Gach seans freisin gurb ionann is *c.*1638 ‘capella de Ballybarry’ ar liosta an Easpaig Mag Eochagáin.

    Ní cinnte gurb ionann is 1297 ‘de Villa Barry’ CJR I 185 a luaitear i gcás dlí a pléadh faoi limistéir ‘Omurthy’.

    Mar leis an bhfoirm Ghaeilge de, cuir an fhianaise thraslitrithe i gcomparáid leis na tagairtí stairiúla seo a leanas do shamplaí cinnte de Baile an Bharraigh ar nós 1659 ‘Ballyvarry’ Cen. (#27167) (CC 33); 1618 ‘Ballyvarry’ Inq. (#31252) (Lm 6, 14); 1657 ‘Barristowne’ DS, 1841 ‘baile an bharrapl:AL (#50335) (PL 18). Cf. leis 1634 ‘Barryesland als Farren Ivarry’ Inq. < bf Fearann an Bharraigh (#47821) ( 53).

  • English

    the town of An Barrach
    An Barrach — from the surname de Barra (< AN Barry)

    See full note in Irish.

    [Summary: The development from Barry-/Barre- to Barret(t)- in this placename is late, probably influenced by other examples of the surname Barrett in the area. This is definitely the place referred to in entries 1540 ‘Barreston’, 1619 ‘Barriston’ and 1654 ‘Ballivarry’; it also seems to be the place which Mac Colgáin calls ‘Baile Barrigh’ in Acta Sanctorum Hiberniae (1645).]

Lárphointe

53.2161, -6.77123domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1297
de Villa Barry
CJR Imleabhar: I, Leathanach: 185
1540
Barreston
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 161
1549
Barristone
F Leathanach: 231 Ed
1568
Barriston
F Leathanach: 1216
1582
?Barretston
F Leathanach: 3949
1582
?Barreyston
F Leathanach: 3949
1604
Barreston, the rectory of
CPR Leathanach: 2
1607
Barreston
CPR Leathanach: 92
1609
Barretstowne
CPR Leathanach: 155
1610
Barretstowne
Inq. Lag. Leathanach: 5 J I
1613
?Barretston
CPR Leathanach: 244
1619
Barriston
CPR Leathanach: 430
1619
Barreston
CPR Leathanach: 445
1619
Barreston
CPR Leathanach: 449
1621
Barrettstown
CPR Leathanach: 496
1645
ad Cellam Bairrigh: Hodie vulgo Baile Barrigh vocatus; iacetque ad ripam fluiminis Liffe in comitatem & Diacesi Kill-darensi
Vita S. Endei; = ad cellam, Barrig nomine ...in campo Mag Liphi VSH (Plummer) I 65;
ASH Leathanach: 710, Imleabhar: I
1654
Barnistowne
CS VIII Leathanach: 128
1654
Baristowne
CS VIII Leathanach: 133
1654
Barristowne
CS VIII Leathanach: 133
1654
Ballivarry
CS VIII Leathanach: 156
1654
Ballivarry
CS VIII Leathanach: 157
1655
Barristowne
DS
1659
Barrets towne
Cen. Leathanach: 400
1660c
Barristowne
BSD (CD) Leathanach: 46
1685
Barristowne
Hib. Del.
1707-1808
Barrettstown
Longfield: Baronies (CD) Leathanach: 21F34 (6)
1752
Barretstown
Noble & Keenan Co. Map
1764
Baritstown
LN: Ms. Map Leathanach: 16H34(3)
1783
Barretstown
Taylor (Cill Dara)
1830
Barrettstown Bog
CGn. Leathanach: 860.370.573870
1837
Barrettstown
BS:AL Leathanach: 1,8
1837
Barrettstown
Divine:AL Leathanach: 1,8
1837
Barretstown
Langford, Rev.:AL Leathanach: 1,8
1837
Barrettstown
Nowlan, T. Rev.:AL Leathanach: 1,8
1837
Barrettstown
Tenant Lease:AL Leathanach: 1,8
1837
Barretst[ow]n
Stat. Survey (CD):AL Leathanach: 1,8
1837
Barrettstown
School register:AL Leathanach: 1,8
1837
Barristowne
DS:AL Leathanach: 1,8
1837
Barretstowne
Inq. J I:AL Leathanach: 1,8
1837
Barreston
Inq. H VIII (Archdall):AL Leathanach: 1,8
1837
Barreston
Deed X Eliz. (Archdall):AL Leathanach: 1,8
1837
Barreston
Inq. J I (Archdall):AL Leathanach: 1,8
2009-2010
ˈbaritstoun
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm