Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
Sealtún — gaelú dúchasach ar Brl. Hilltown “the town of the hill”
Bíodh is go bhfuil an sloinne Angla-Normannach Hill fianaithe i measc na Sean-Ghall sa Mhí, is léir gurb é an t-ainmfhocal hill atá sa logainm seo. De ghnáth, bheifí ag siúl le haistriúchán simplí cosúil le *Baile an Chnoic — sin é a bhí in úsáid sa 19ú haois ag lucht na Gaeilge i bf Hilltown (#51360), Co. na hIarmhí, mar shampla. Ach tá corr sa scéal ó thaobh na logainmneacha seo Hilltown Great agus Hilltown Little in aice le Baile an Bheileogaigh/Bellewstown i gCo. na Mí. Is iad na leaganacha Gaeilge a breacadh síos i bpeann luaidhe viva voce ó na cainteoirí dúchais sa pharóiste seo sa 19ú haois ná ‘Sealton’ agus ‘Seallton Beag’, faoi seach. ‘Sealton Beag’ litriú eile a scríobh Tomás Ó Conchúir, duine de na scoláirí a bhí fostaithe ag an tSuirbhéireacht Ordanáis, i ndúch san Ainmleabhar céanna.
Tá sé thar a bheith tábhachtach a aithint nach ‘cadhan aonair’ iad na leaganacha seo ‘Sealton’ agus ‘Seallton Beag’: is amhlaidh a tharla an gaelú céanna ar chúpla logainm eile sa pharóiste seo fosta .i. Caulstown, Gaulstown agus Lunderstown. Thug lucht Gaeilge na háite ‘Galaston’, ‘Gallastan’ agus ‘Lundarston’, faoi seach, ar na mbailte fearainn seo. Ní ‘botúin’ iad na leaganacha seo ach samplaí den ghaelú dúchasach ar logainmneacha Béarla a bhfuil a macasamhail le feiceáil in áiteanna eile in oirthear na tíre, mar a raibh Gaeilgeoirí agus Béarlóirí na Páile ar ghualainn a chéile ar feadh na gcéadta bliain. Cuir i gcás Mooretown > Múrtún (An Mhí); Fieldstown > Fileastún (Lú); Sheephouse > Síopús (An Mhí). (Cf. samplaí eile as lámhscríbhinní Gaeilge ar nós Broadleas > ‘Bhroiléith’ [gen.] (Cill Dara) ag deireadh an 18ú haois, agus Woodstock > ‘Bodastoic’ (Cill Dara) i lámhscríbhinn ó 1548.
Féach an nóta eolais seo a leanas atá le fáil ag an iontráil faoi Gaultown/Gallastún (#38399), atá suite sa pharóiste céanna:
Is struchtúr an-chomónta i gCo. na Mí é an téarma lonnaíochta Angla-Normannach -tūn (-town ní ba dhéanaí) á cháiliú le hainm pearsanta nó le sloinne. Uaireanta, in ionad logainmneacha Béarla a aistriú go Gaeilge (m.sh. Baile an Chrúisigh/Cruicetown), tá fianaise ann gur cuireadh logainmneacha áirithe Béarla in oiriúint do chóras fóinéimeach na Gaeilge le hathréimniú na teanga (ón 14ú haois amach). Is sampla den ghaelú sin atá sa logainm seo: ‘Galestowne’ (1569), ‘Gallston’ (1569), ‘Gallestowne’ (1654), ‘Gallaston na gcrann, baile gann gortach’, scríofa le peann luaidhe san Ainmleabhar (1836), ‘Gallastan’ i ndúch (1836)...
Is cosúil gurbh é an próiseas a tharla sa chás seo, ná gur gaelaíodh Hilltown mar *Hioltún nó a léithéid an chéad lá, gur fhorbair an túslitir S- ar an múnla atá le feiceáil i bhfocail a bhfuil an túslitir s- acu sa tuiseal ainmneach agus an túslitir sh- (foghraithe /h/), sa tuiseal ginideach. Tá a leithéid le feiceáil san fhianaise do Ballyhack i Loch Garman ina bhfuil samplaí cosúil le ‘Baile Shac’ le fáil i lámhscríbhinn Gaeilge ón 19ú aois: is léir gur tuigeadh gur thosaigh an dara mír le S-, ach is cinnte gurb é an t-ainm Hack atá taobh thiar de (Logainmneacha na hÉireann IV: Townland Names of Co. Wexford, Iml. I, lch.325). Tá a mhalairt de fhorbairt, de réir dealraimh, le feiceáil san fhianaise do Holdenstown/Baile Shealtúin (#54600) (Cill Mhantáin) a bhfuil an sloinne Chilton/Shelton ann ó bhunús, gur chaill an logainm an túslitir S- (nó Ch-) nuair a athbhéarlaíodh é de bharr an /h/ sa tuiseal ginideach sa Ghaeilge (‘Sheletonestone alias Ballyhalton’ (1587)).
Cibé ar bith, is léir ón fhianaise nár ghlaoigh lucht Gaeilge an cheantair seo *Baile an Chnoic ar an áit seo riamh, ach ‘Sealton [Mór]’ agus ‘Sealton Beag’, ainm is féidir a chaighdeánú mar Sealtún Mór agus Sealtún Beag. Tá na leaganacha inspéise seo ar aon ghuth le fianaise dá leithéid in áiteanna eile in oirthear na tíre, go háithrid i gContae Lú agus i gContae na Mí féin.
Dá bharr sin is é an leagan Gaeilge atá molta do Hilltown Road ná Bóthar Shealtúin.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1540-1 |
Hilton
(John Haggan)
|
|
1540c |
Hyltons
Poss…Monasterium Sancti Nich…iuxta Excester…Rectoria ecclesie parochialis de Duleke… <br>
Villata de Platen Caleston…Carenston, Gafney, Beamond, Hyltons, Bedleston, Angelston, Kernes, Lonnderston, Johnston, Skaternaggh, Cussyngston, Magna Ryverston, Parva Ryverston, Bolyes, Kenok, the Denys, Athcarne, Gallyston, Malaghsene, Kellyston et Parapach, Drommyn, Rathyll, Gellynston, Garblagh, Gasconston, Bowanson, Corbally, Longford, Newton, Balferne, Knokkyllan, Londerston et Kenok
Crown Survey 27, 32, 33
|
|
1551 |
the Hilton, within the parish of Duleke
and in Duleeke,
Kyllyston, Corbalye, O’Kebride, Glanluske, and the Hilton, within
the parish of Duleke, in the county of Meath CPCR (Morrin) 234 Belles 227. Will of Nicholas Bellewe, of the Weston, besyde the Nall;
reciting that by deed, dated 14th Dec, 26° Henry VIII., he enfeofi'ed
Richard Talbote, of Dublin, Richard Bellewe, Nicholas More, and
Davie Bryce, of Dublin, Mathew Bathe, of Bethelyston, and Nicholas
Pypparde, Vicar of Clonalan, in all the lands and tenements which
he possessed in the Weston besyde the Nall, a watermill there, the
lands of Clomethane, Oldtowne by Clomethanc, Newlande, Kyl
maynan, and possessions in the city of Dublin; and in Duleeke,
Kyllyston, Corbalye, O’Kebride, Glanluske, and the Hilton, within
the parish of Duleke, in the county of Meath
|
|
1561 |
Hilton
(Nicholas Bellew. Richard Bellew, his brother)
|
|
1569 |
Hilton (Both villages of ...)
Lease … to Francis Agarde, esq.; of land by Horrock and Woodwye, land by Carreston, in Platyn, and in Newton, co. Meath, 5s. chief rent, out of
the lands of Robert Plunket, knt., in Dromyn, a moiety of
Rathallen, the rectory of Dulicke, extending to Dulicke,
Platten, Calleston, Carenston, half of Gafney, Beamond, both
villages of Hilton, Bedelston, Angelston, both villages of Kernes,
Lounderston, Johnston, Scaternaghe, Cusshington, great Riverston,
little Riverston, both towns of Bolles, Kenaugh, Dennys,
Athekerne, Galestowne, Malaughefen, Gilbeston, Perapache,
Dromyn, Rathyll, Gillingston, Carblaughe, Gasconstone, Dowanston,
Corbally, Longford, Newton, Balserne, Knockillan … F 1480
|
|
1620 |
Hilton
Grant…to sir Garrett Moore, knt…lord baron of Mellifont…Beomonde with the villages of Hilton... CPR 461-2
|
|
1640 |
much Hilton, Little Hilton
Thom. Hamlyn de Smithestowne...ad us' Rob. Talbott...much Hilton, Beaumon & Newhaggard...360a... 20a de Little Hilton vocat' Sarsfield's land...18a de little Hilton vocat' Eustace's land...1636 Rob. Talbott obiit, little Hilton...much hilton tenet de Christ' Bellew. CI 146.
|
|
1654 |
Great Hilton
Richard Talbott (190a). 18.
|
|
1654 |
Litle Hiltowne...bounded by Greathillton...
Sr Chris. Bellew, Ir. Pap. 35a. 19
|
|
1655-7 |
Great hilltowne, Litle Hill==town
|
|
1660c |
Hilltowne, Great; Hilltowne, Little
31
|
|
1668 |
Great Hiltowne
Major SEAFOULE GIBSON. - Great Hiltowne,
219 a....Beamount (part), 112 a...Oughstone, 64 a...Laganhall (part), with
part of Cloudstowne, 58 a... bar. Duleeke, co. 178
|
|
1685c |
Hilltowne
|
|
1836 |
Great Hilltown
|
BS:AL Leathanach: Mí036,32
|
1836 |
Great Hillstown
|
GJRates (Old Docket): AL Leathanach: Mí036,32
|
1836 |
Great Hilltown
|
TAB Leathanach: Mí036,32
|
1836 |
Great Hillstown
|
HCSV:AL Leathanach: Mí036,32
|
1836 |
Greate Hilltowne
|
DS:AL Leathanach: Mí036,32
|
1836 |
Sealton
|
OC:AL Leathanach: Mí036,32
|
1836 |
Sealton
|
pl:AL Leathanach: Mí036,32
|
1836 |
Hilltown
|
OD:AL Leathanach: Mí036,32
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/38374.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML