Logainm an lae
Cluain Chosnamhaigh/Cloncosney
Fáilte
Téama faoi thrácht
An féidir le logainm a bheith “unlovely”?
Baile Bogáin (Theas, Thuaidh) / Ballyboggan (South, North)
“town(land) of/at (the) soft ground”
(logainm.ie #17566)
Dáta: 30/08/2025
Tá na bailte fearainn Baile Bogáin Thuaidh agus Baile Bogáin Theas suite i bparóiste dlí Fhionnghlaise (de réir an tseanchórais riaracháin), díreach mar a mbuaileann an Chabrach, Glas Naíon agus Fionnghlas le chéile. Tá an leagan Béarla Ballyboggan i mbéal an phobail le déanaí. In eagarfhocal a foilsíodh ar an Irish Times i mí Aibreáin, pléadh an athghiniúint uirbeach a bhí beartaithe don cheantar seo, agus dúrthas an méid seo faoin ainm: ‘The 77-acre district … has been given the unlovely working title of Ballyboggan after a little-known local road’ (Irish Times (24-04-2025), sinne a chuir isteach an bhéim). Ar ndóigh, spreag an t-alt seo cur is cúiteamh maidir le hainm na forbartha nua. Cuireadh aighneacht faoi bhráid an údaráis áitiúil (Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath) ag impí orthu an t-ainm a athrú go Hamilton, ‘after Ireland’s greatest mathematician, William Rowan Hamilton’ (féach Submission: William Rowan-Hamilton). Luaigh an aighneacht an t-athainmniú a rinneadh ar Dhroichead Broome mar Hamilton Bridge i 1958, agus an t-ainm Broombridge-Hamilton Depot a bhaist an tAire Iompair ar an Iosta Luas nua i 2014. Níor luaigh an aighneacht na hainmneacha eile nach iad i gcomharsanacht Dhroichead Broome a chaomhnaíonn an duine ceannann céanna, mar atá Cúirt Rowan Hamilton agus Cearnóg Hamilton ar an gCabrach, chomh maith le Ard Hamilton, Bealach Hamilton, Radharc Hamilton agus Siúlán Hamilton i mBaile an Ásaigh. Laoch mór ab ea an Hamaltúnach, gan aon amhras, ach ba dhóigh leat go bhfuil sé go maith as mar atá sé cheana, ó thaobh aitheantas in ainmneacha oifigiúla de. Ach de réir na tuairisce is déanaí ar an Irish Times ((23-08-2025)), is cosúil go bhfuil an Chomhairle Cathrach chun ‘Broombridge-Hamilton’ a bhaisteadh ar an athghiniúint uirbeach seo i ndeireadh na dála – anuas ar na sé shráidainm, an droichead agus Iostas Luas – rud a fhágann naoi (9) ngné sa cheantar atá ainmnithe as Hamilton go dtí seo, uimhir a bhfuil cuma shamhailteach air.
Ach cad a thabharfadh ar dhuine an focal Béarla “unlovely” a úsáid i leith an logainm Ballyboggan? Féachaimis ar an mbunleagan Gaeilge. Mar a luamar i dtús an nóta seo, is iad Baile Bogáin Theas agus Baile Bogáin Thuaidh na leaganacha Gaeilge a dearbhaíodh san Ordú Logainmneacha (Contae Bhaile Átha Cliath) 2011, ordú a rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (mar a bhí) faoi Chuid 5 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bunaíodh na foirmeacha Gaeilge san ordú seo ar an taighde a rinne an Brainse Logainmneacha (oifig de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta anois). Sular shínigh an tAire an t-ordú sin, bhí gach logainm scrúdaithe ag an gCoimisiún Logainmneacha agus, thairis sin, curtha faoi bhráid an phobail le haghaidh tréimhse comhairliúcháin. (Tabhair faoi deara nach bhfuarthas aon aighneachtaí maidir leis na leaganacha Gaeilge Baile Bogáin Thuaidh agus Baile Bogáin Theas ar feadh na dtrí mhí sin.)
Fo-roinnt riaracháin a rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis sna 1840í faoi ndear na míreanna North agus South; ní raibh ann ó cheart ach Baile Bogáin. B’in é an leagan a mhol an Coimisiún Logainmneacha ar deireadh, agus an bhrí atá le tuiscint as ná “town(land) of (the area of) soft ground”. Ach, faoi mar a tharlaíonn go minic, ní raibh an fhianaise stairiúil gan a bheith casta agus débhríoch. Go deimhin, mheas Seán Ó Donnabháin, fathach mór an 19ú haois maidir le logainmneacha agus cúrsaí Gaeilge i gcoitinne – nach bhfuil ach aon (1) sráidín amháin i mBaile Átha Cliath ainmnithe in ómós dó, mar eolas – mheas seisean gur ‘baile an bhogáin’ [Baile an Bhogáin] “the town(land) of the soft ground” a bhí ann agus é ag breithniú na fianaise ar son na Suirbhéireachta Ordanáis i 1840. Níl de dhifríocht idir sin agus an leagan oifigiúil, ar ndóigh, ach an t-alt. Nuair a bhí an Coimisiún Logainmneacha ag féachaint ar an bhfianaise ina iomláine – agus roinnt tagairtí breise ar fáil dóibh nach raibh os comhair Uí Dhonnabháin– mheasadar siúd nach raibh dóthain ann ar son an ailt sin, ná ar son an tséimhithe ar thúschonsan b(h)ogáin a bheadh riachtanach ina dhiaidh. Is maith a bhí fhios ag baill an Choimisiúin gur minic nach dtagann na gnéithe sin slán tríd an bpróiseas béarlaithe, agus b’éigean dóibh breithiúnas tomhaiste a thabhairt maidir leis an bhfoirm ba chóir a mholadh mar leagan dlíthiúil sa dréachtordú a bhí le cur faoi bhráid an phobail. Bhí leagan eile le cur san áireamh, freisin, mar atá Baile Uí Bhogáin “the town(land) of Ó Bogáin”, ina bhfuil an sloinne dúchasach a ndéantar Boggan de sa bhéarlú de ghnáth. Ach arís, bheimis ag súil le rian de shéimhiú ar thús na heiliminte deiridh sa chás sin.
Téann an Coiste Logainmneacha (a tháinig i gcomharbas ar an gCoimisiún Logainmneacha) i ngleic le mórán ceisteanna casta cáiréiseacha agus an fhianaise á meas acu agus is minic nach mbíonn oiread na fríde idir dhá (nó trí!) leagan Ghaeilge a d’fhéadfaí a mholadh. Nuair a shocraítear foirm Ghaeilge mar leagan dlíthiúil de logainm áirithe – agus ar ndóigh ní féidir leis an Stát ach an t-aon leagan Gaeilge amháin a dhearbhú de gach logainm oifigiúil dá chuid – socraítear í toisc go dtugann trom na fianaise le fios, i dtuairim an Choiste Logainmneacha, gurbh í sin an fhoirm den ainm is déanaí a bhí in úsáid ag muintir na háite fad is a bhí an Ghaeilge ina teanga phobail ann. Ní hionann sin is a rá go ndéantar dearmad ar gach féidearthacht eile as an bpointe sin amach, áfach! (Mar shampla, feicfimid thíos gurb ann do Ballyboggan eile i gContae na Mí nach bhfuil bh- séimhithe le sonrú ar thagairt ar bith sa taifead gallda, ach atá luaite i bhfoinsí iontaofa Gaeilge mar Baile Uí Bhogáin mar sin féin!) Ar na dualgaisí atá ar an mBrainse Logainmneacha, tá an fhianaise do gach logainm a chur i láthair agus míniú a thabhairt ar chomhthéacs na bhfoirmeacha oifigiúla de réir mar a shocraítear iad.
Ar aon chuma, bheartaigh an Coimisiún gurbh é an t-ainm a bhí á chur in iúl ag tromlach na fianaise ná Baile Bogáin. Maidir le bogán “soft ground” féin (féach FGB s.v. bogán, AFB s.v. bogán, eDIL s.v. bocán), seans gurbh é an talamh glárach cois na Tulchann a bhí i gceist, áit ina bhfanfadh an cré bog maoth tamall fada tar éis don abhainn a chur thar maoil, cuir i gcás. D’fhéadfadh sé chomh maith céanna go raibh gnéithe eile ann tráth a thug ainm don áit, gnéithe atá folaithe nó scriosta le fada ag an tírdhreach uirbeach. Tá samplaí eile againn de Ballyboggan mar logainm béarlaithe ar fud na tíre, ach ní hí an Ghaeilge chéanna atá laistiar de gach ceann acu. Mar a luamar thuas, is béarlú é Ballyboggan (logainm.ie #38910) i gContae na Mí ar Baile Uí Bhogáin “the town(land) of Ó Bogáin”: scríobhann na Ceithre Máistrí ‘baile ui bogáin’ [gin.] (1447) agus is é tagairt a fhreagraíonn dó sin in Annala Chonnacht ‘a mBali .h. Bhogan’ (mar a seasann .h. do Uí na Nua-Ghaeilge). An sloinne céanna atá againn in ainm an bhaile fearainn Baile Uí Bhogáin / Ballybogan (logainm.ie #16254) i gContae Dhún na nGall agus in ainm an tsráidbhaile Cluain Uí Bhogáin / Clanabogan “the (wet) pasture of Ó Bogáin” (logainm.ie #1167028; PNNI) i gContae Thír Eoghain. In oirdheisceart na tíre, áfach, ní Ó Bogáin atá againn ach sloinne eile ar fad sa trí bhaile fearainn darb ainm Baile Uí Bheagáin “the town(land) of Ó Beagáin”, a bearlaíodh mar Ballyboggan (x2) agus mar Bogganstown (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Townland names of Co. Wexford).
Tá an t-ainmfhocal coitianta bogán ‘talamh bog’ i bhfad níos bisiúla i logainmneacha ná mar atá na sloinnte sin, de réir mar is féidir linn a dhéanamh amach. Tagraíonn Baile an Bhogáin / Ballyboggan (logainm.ie #20382), par. Áth Eascrach, Contae na Gaillimhe, don phortach in iarthar an bhaile fearainn. Is cosúil gur Baile an Bhogáin atá taobh thiar den dara shampla de Ballyboggan (logainm.ie #19834) i bpar. Mhuine Mheá sa chontae céanna freisin: tá an fhianaise casta ach is oileán atá ann le portach ar gach taobh de (cf. léarscáileanna GCC). Ní baile amháin a úsáidtear le bogán i logainmneacha: féach aicmitheoirí eile amhail Tamhnaigh an Bhogáin / Tawnawoggaun “the grassy (up)land of (in) the soft ground” (logainm.ie #37443) i gContae Mhaigh Eo agus Tor an Bhogáin / Turavoggaun “the tall rock of (at) the soft ground” (logainm.ie #46101) i gContae Thiobraid Árann. Ní foláir nó tagraíonn an dara hainm seo do cheann de na paistí lomcharraige in aice le Moanavoggaun (mionainm < ?Móin an Bhogáin “the bog of the soft ground”), mar a bhfuil portach mór.
Tagann bogán i gceist mar aicmitheoir ann féin freisin, sa chiall “(area of) soft ground”. Mar shimpléacs – is é sin, mar eilimint aonair gan cháiliú – faighimid An Bogán i gContaetha Cheatharlach (logainm.ie #3353), Chill Chainnigh (logainm.ie #26705), Thiobraid Árann (logainm.ie #46791), na Gaillimhe (logainm.ie #19912), Liatroma (logainm.ie #29021) agus na Mí (logainm.ie #38231). Tá dhá bhaile fearainn i gContae na Gaillimhe ina bhfuil an focal san iolra, mar atá Na Bogáin / Boggauns “the areas of soft ground” (logainm.ie #18961; #20404). Agus bogán le fáil in éineacht le haidiachtaí cáilithe i leithéid An Bogán Fionn / Bogganfin “the fair, white soft ground” (logainm.ie #42321) i gContae Ros Comáin, An Bogán Mór / Lowpark “the big area of soft ground” (logainm.ie #18023) i gContae na Gaillimhe, agus An Bogán Riabhach / Boggaunreagh “the greyish, striped soft ground” (logainm.ie #41518) i gContae Uíbh Fhailí. Dá bhrí sin is uile, ní haon chadhan aonair é Baile Bogáin i mBaile Átha Cliath, agus a oiread sin samplaí de bogán i logainmneacha ar fud na tíre. (NB Cé go bhfuil an Brainse Logainmneacha ag déanamh taighde ar na logainmneacha thuas ó na 1960í i leith, is oth linn a rá nach bhfuil aon eolas againn ó mhuintir na háite mar gheall ar iad a bheith “lovely” nó “unlovely”.)
Ag filleadh ar ais dúinn ar Bhaile Bogáin i mBaile Átha Cliath mar fhocal scoir, tabhair faoi deara nach dtagann aon tagairt anuas chugainn atá níos sine ná 1613. Ach is féidir talamh slán a dhéanamh de go dtéann an logainm siar i bhfad roimhe sin. Ar an drochuair, ní féidir an chuid is mó de logainmneacha na hÉireann a rianú níos sia siar ná tús an 17ú haois, de dheasca easpa cáipéisí stairiúla. Ní gá a rá gur ríléir gur cumadh an logainm seo Baile Bogáin nuair a bhí an Ghaeilge mar theanga pobail sa cheantar; dá bharr sin is logainm é a bhfuil brí agus tábhacht ag baint leis ó thaobh an chultúir agus na teangeolaíochta de. Anuas air sin, is ball é den tacar logainmneacha Gaeilge úd a thagraíonn do thalamh fliuch in áiteanna nach bhfuil a leithéid le fáil a thuilleadh go minic. Níl aon insint ar an méid gnáthóga bogaigh a scriosadh le linn na bhfeabhsuithe – mar dhea – a chuir na húinéirí nua i bhfeidhm ar an tír tar éis na ndíshealbhuithe forleathana sa 17ú haois, agus is minic nach bhfuil aon chuimhne ar na gnéithe seo ach sna logainmneacha féin. Ar na céadta is na céadta samplaí dá leithéid, tá an logainm breá dúchasach Baile Bogáin / Ballyboggan “town(land) of (at) (the) soft land”, ar bhruacha na sean-Tulchann taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath ina measc.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- An Bogán/Boggan
- Baile Uí Bhogáin/Ballybogan
- Baile Bogáin Thuaidh/Ballyboggan North
- An Bogán Mór/Lowpark
- Na Bogáin/Boggauns
- Baile an Bhogáin/Ballyboggan
- An Bogán/Boggaun
- Baile an Bhogáin/Ballyboggan
- Na Bogáin/Boggauns
- An Bogán/Boggan
- An Bogán/Boggaun
- Tamhnaigh an Bhogáin/Tawnawoggaun
- An Bogán/Boggan
- Baile Uí Bhogáin/Ballyboggan
- An Bogán Riabhach/Boggaunreagh
- An Bogán Fionn/Bogganfin
- Tor an Bhogáin/Turavoggaun
- An Bogán/Boggaun
- Cluain Uí Bhogáin/Clanabogan
- Bóthar Uí Dhonnabháin/O'Donovan Road