Fógra

Ceardlann Logainmneacha 2024: Glaoch, clárú, eolas »

2024-04-29

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

An Samhradh
Droim Samhraidh/Summerbank “the ridge of Summer” or “Samhradh’s ridge”
(féach logainm.ie #38868)

Dáta: 29/04/2024

In Éirinn, is ionann tús na Bealtaine agus tús an tsamhraidh. Tá sé de phléisiúr againn dá réir leanúint ar aghaidh agus roinnt ainmneacha bailte fearainn a phlé a bhfuil an eilimint samhradh le fáil iontu. Ach mar is iondúil i gcúrsaí logainmneacha Gaeilge, ní mar a shíltear a bhítear. Chomh maith leis an ainmfhocal coitianta samhradh féin, b’ann do Samhradh mar sheanainm pearsanta. Ar ndóigh, aon uair a bhíonn an t-alt le sonrú i logainmneacha Gaeilge is féidir talamh slán a dhéanamh de, ar bhonn teangeolaíochta, gurbh é an t-ainmfhocal coitianta a bhíonn i gceist: cuir i gcás** Macha an tSamhraidh**/Maughantoorig “the cattle-fold of summer” (#23290) i gContae Chiarraí agus Móinín an tSamhraidh/Mullenataura “the (little) bog of summer” (#10279) i gContae Chorcaí. Is dócha freisin gurb é an séasúr atá faoi thagairt sna samplaí flúirseacha de Summerhill ar fud na tíre (féach logainm.ie). Is de bhunús an Bhéarla a bhformhór glan seo: mar shampla, athbhaisteadh de chuid an 17ú haois is ea Summerhill (#1416752), ainm sráidbhaile i ndeisceart Chontae na Mí — ba é ainm Gaeilge a bhí ar an áit roimhe sin Cnoc an Línsigh “the hill of An Línseach (< Brl. Lynch)”. Ach ní hionann bunús don sampla eile den logainm Summerhill (#37641) i dtuaisceart an chontae chéanna, gar don Obair, ar aistriúchán cuíosach cruinn é ar logainm Gaeilge .i. Droim Samhraidh. Ó tharla nach bhfuil an t-alt le sonrú sa bhunainm sin, féach go bhféadfaí idir “(the) ridge of summer” agus “the ridge of Samhradh [ainm pearsanta]” a thuiscint as. Is ann do Droim Samhraidh eile i dtuaisceart na Mí freisin, laisteas den Seanchaisleán, ach rinneadh aistriúchán ábhairín níos scaoilte air sin, go dtí Summerbank (#38868). Tagann fianaise Ghaeilge ar an Droim Samhraidh deiridh seo anuas chugainn ó 830AD, mar a bhfaighimid tagairt do chléireach darbh ainm Morónóg, agus a fhéile á ceiliúradh 22 Iúil. Níl fágtha den láithreach eaglasta a bhunaigh sé ar an mbaile fearainn seo ach fothracha, áfach, agus tá Morónóg féin imithe le fada as cuimhne na ndaoine.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí