2024-12-06

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Capaill, eich, gearráin is láracha
Corr na Lárach/Cornalara “the round hill of the mare(s)” (logainm.ie #3847)

Dáta: 02/12/2024

Tá an t-athrú teanga ón nGaeilge go dtí an Béarla chomh críochnúil sin sa chuid is mó den tír nach aon iontas go mbaintear míthuiscint as logainmneacha de bhunús Gaeilge faoi mar a bheidís déanta suas de léascaeimí (focail nó codanna d’fhocail) ón Bhéarla. Roinnt blianta ó shin, bhí duine d’údair an nóta seo ar obair pháirce i gContae Loch Garman nuair a casadh seanfhondúir dó san áit ar a dtugtar Kilpatrick sa Bhéarla. Chreid an duine seo go diongbháilte gurbh é ba bhrí leis an logainm sin ‘an áit inar maraíodh Pádraig’ (< Brl. kill)! Cluas bhodhar a thug sé don tuairimíocht aineolach – dar leis – a mhaígh go raibh bunús Gaeilge leis, agus gur Cill Phádraig “the church of Saint Patrick” a bhí ann ó cheart!

Is furasta a shamhlú go mbainfí míthuiscint as an logainm béarlaithe Ballyhorsey (logainm.ie #55518), Contae Chill Mhantáin, ar an dóigh chéanna! Ní capaillín atá i gceist, ar ndóigh, ach sloinne logainmniúil de chuid na nAngla-Normannach .i. de Horseye, mar is léir ón leagan Gaeilge Baile an Hórsaígh (féach Liam Price, Placenames of Co. Wicklow, lch.367; cf. Ox. Dict. Family Names s.n. Horsey). Más capaill atá uait, áfach, is in ainmneacha bailte fearainn na hÉireann atá siad le fáil go flúirseach, ach iad a lorg sna háiteanna cearta.

Tá an focal sin capall luaite againn cúpla babhta cheana féin, ach ní hé sin an t-aon ainm amháin atá ar na beithígh seo i logainmneacha, ach oiread leis an gcaint. Is minic a bhuailtear leis an bhfocal each “steed, horse”, an t-ainm coitianta sa tSean-Ghaeilge atá beagnach imithe as Gaeilge an lae inniu in Éirinn. (Ní hionann is Gaeilge na hAlban mar a bhfuil sé ina ghnáthfhocal ar an gcapall fós; féach Faclair s.v. each.) Cuir i gcás Cúil na nEach/Coolnaneagh “the corner, recess of the horses, steeds” (logainm.ie #49983) i gContae Phort Láirge, Lios an Eich/Lissaneagh “the ring-fort of the horse” (logainm.ie #45722) i gContae Shligigh. Focal coitianta eile is ea gearrán “gelding; small horse; pack-horse”, m.sh. Caiseal an Ghearráin/Cashelgarran “the stone fort of the gelding, etc.” (logainm.ie #45499) i gContae Shligigh agus Ceapach na nGearrán/Cappaghnagarrane “the plot of the geldings, etc.” (logainm.ie #48412) i gContae Thiobraid Árann.

Faightear láir “mare” go minic freisin. Ar na samplaí is suimiúla tá Corr na Lárach/Cornalara “the round hill of the mare(s)” (logainm.ie #3847) i bparóiste Shearcóige, Contae an Chabháin. Dála an chuid is mó de Leath Choinn, cés moite de Ghaillimh agus Ros Comáin, thit an focal seo láir “mare” as úsáid i nGaeilge Chontae an Chabháin faoin 19ú haois. Cuireadh an chodarsnacht capall (fireann): láir (baineann) in iúl le gearrán (.i. capall fireann) : capall (.i. capall baineann .i. láir) (beithíocheach ar uairibh in ionad gearrán; féach iarsmaí in Wagner, Linguistic atlas and survey of Irish dialects I (1958) lch.52). (I nGaeilge dhéanach Ard Mhacha ní ‘Mair, a chapaill…!’ a deireadh an seanfhocal ach ‘Fan beo a ghearráin, is gheobhaidh tú féar!’ Agus ó tharla go raibh taithí maith ag an scríobhaí Tadhg Ó Neachtain ar an difríocht mhór idir na canúintí gach taobh den tSionainn ag Baile Átha Luain – ba as an gcuid sin de Chontae Ros Comáin dá athair féin Seán ar ndóigh – is díol spéise an iontráil san Fhoclóir lámhscríofa aige ‘capallláir i Laighnibh’.)

Pé ar domhan de, nuair a tháinig scoláirí Gaeilge na Suirbhéireachta Ordanáis chomh fada le hoirthear Chontae an Chabháin i 1836, is é míniú a fuaireadar go háitiúil ar an dara cuid den logainm Corr na Lárach ná “threshing place”. Agus brí an fhocail láir “mare” ligthe i ndearmad, is cosúil go ndearnadh athmhíniú ar ghin. na lárach “of the mare(s)” mar a bheadh gin. na láithreach, is gur tuigeadh do mhuintir na háite gur láthair (bhuailte) “threshing-floor” – focal a bhí fós beo sa chaint – a bhí ann. Más ea, díol suntais go luaití láracha draíochta leis an mbaile fearainn seo sa bhéaloideas anuas go dtí ré an Bhéarla féin sa 20ú haois: thugaidís a gcuid searrach amach as Loch Chorr na Lárach istoíche, má b’fhíor, go mbeidís slán sábháilte ar bharr an chnoic. Ní mór a admháil, áfach, go raibh scéalta mar seo le clos faoina lán loch eile nach é i nDeisceart Uladh!

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí