Sannadh

Bonnmhapaí

Soláthraíonn Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) bonnmhapaí do Logainm trí sheirbhís OSi MapGenie faoin gComhaontú Náisiúnta Léarscáilíochta (tríd An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán).

Úsáidtear bonnmhapaí OpenStreetMap freisin. Tá na sonraí seo faoi © rannpháirtithe OpenStreetMap agus úsáidtear iad faoin Open Database License.

Teorainneacha geografacha na n-aonad riaracháin

Is í Suirbhéireacht Ordanáis Éireann foinse theorainneacha geografacha na n-aonad riaracháin a thaispeántar ar an suíomh seo i bPoblacht na hÉireann. Tá na sonraí sin á n-athúsáid ar an suíomh seo faoi théarmaí an cheadúnais Creative Commons Attribution agus fuarthas iad trí Thairseach Shonraí Oscailte na hÉireann.

Is iad Seirbhísí Talún agus Maoine (Suirbhéireacht Ordanáis Thuaisceart Éireann mar a bhí) foinse theorainneacha geografacha na n-aonad riaracháin i dTuaisceart Éireann a thaispeántar ar an suíomh seo. Tá na sonraí sin á n-athúsáid ar an suíomh seo faoi théarmaí an cheadúnais UK Open Government Licence agus fuarthas iad tríd an tairseach Sonraí Oscailte Thuaisceart Éireann.