Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
fo-aonaid
Nóta mínithe
- Gaeilge
Paróiste is ea Cill Mochriodóg / Kilmacredock i gCo. Chill Dara. Tá an t-ainm caomhnaithe leis in dhá bhaile fearainn sa pharóiste, Cill Mochriodóg Uachtarach agus Íochtarach. Sa bhliain 1837, bhailigh foireann topagrafaíochta na Suirbhéireachta Ordanáis eolas comhaimseartha faoi sheaneaglais a bhí suite i gCill Mochriodóg Uachtarach: ‘In Upp[er] Kilmacredock townland there is a church in ruins which is described in the Namebook as being nowadays used as a cow house. This church gave the name to the parish’ (Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, Co. Chill Dara). Tá raidhse tagairtí don logainm faoi chaibidil i gcáipéisí Laidine nó Béarla ón séú haois déag agus ón seachtú haois déag, tagairtí ar nós Kylmacredoke (1518c), Kilmacredoke (1552), Kilmacredok (1581), Kilmacredock (1611). Tá sampla ar fáil ón mbliain 1389 den litriú ‘Kylmacrydok’. I bhFéilirí na Naomh Éireannach, ar cumadh na leaganacha is sine díobh atá againn i dtosach an naoú haois, ceiliúrtar naomh darb ainm ‘Mochritoc .i. Critán’ - foirm cheana de Críodán (i litriú an lae inniu) is ea Mochríodóg. Sa tráchtadh a cuireadh le cuid de na féilirí úd i ndeireadh an dara haois déag meastar, maíodh go raibh an naomh ina chónaí ‘for brú Dothra i nUibh Dunchada’ (.i. ar bhruach na Dothra in Uíbh Dhúnchadha). Treabhchas ba ea Uí Dhúnchadha a bhí lonnaithe, de réir theorainneacha an lae inniu, taobh theas den Life i gCo. Bhaile Átha Cliath chomh fada siar le Co. Chill Dara. Cé nach bhfuil Kilmacredock suite cois taobh na Dothra, ar a shon sin ní miste a mheas gur Mochriodóg, leagan d’ainm an naoimh, atá caomhnaithe sa logainm seo.
- English
Kilmacredock / Cill Mochriodóg is a parish in Co. Kildare. The name also occurs in two townland names within the parish, Kilmacredock Upper and Lower. In the year 1837, the Ordnance Survey topographical staff collected contemporary information about an old church that was situated in Kilmacredock Upper: ‘In Upp[er] Kilmacredock townland there is a church in ruins which is described in the Namebook as being nowadays used as a cow house. This church gave the name to the parish’ (Ordnance Survey Letters, Co. Kildare). There are many references to this particular placename in Latin and English documents from the 16th and 17th centuries, such as Kylmacredoke (1518c), Kilmacredoke (1552), Kilmacredok (1581), Kilmacredock (1611). An earlier example, ‘Kylmacrydok’, was recorded in the year 1389. In the martyrologies of Irish saints, the earliest surviving texts of which were composed in the early 9th century, a saint named ‘Mochritoc .i. Critán’ is commemorated – Mochríodóg (in modern Irish spelling) is a pet form of the name Críodán. In the commentary that was added to some of the martyrologies, at the end of the 12th century seemingly, it was claimed that this saint lived ‘for brú Dothra i nUibh Dunchada’ (.i. on the bank of the Dodder in Uí Dúnchada). The Uí Dúnchada sept was located, according to modern boundaries, south of the River Liffey in Co. Dublin and extending westwards to the Co. Kildare border. Even though Kilmacredock is not situated beside the Dodder, it nonetheless seems plausible that Mochriodóg, a version of the saint’s name, is preserved in this placename.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1752 |
Killmac Reddock
|
|
1807 |
Kilmacrodock
|
Stat. Surv. (CD) Leathanach: 214
|
1837 |
Kilmacrodock
|
Stat. Survey (CD):AL Leathanach: 1,8
|
1837 |
Killmac-Reddock
|
Co. Map 1752:AL Leathanach: 1,8
|
1837 |
Kilmacrodock
|
Bar. Coll. List:AL Leathanach: 1,8
|
1837 |
Killmacraddock
|
Old Map 1706:AL Leathanach: 1,8
|
1837 |
Kilmacradock
|
Applot. Cess:AL Leathanach: 1,8
|
1837 |
Mac Craddock, a family name
|
OD:AL Leathanach: 1,8
|
1837 |
Kilmacredock
|
dúch dearg:AL Leathanach: 1,8
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1194.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML