BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

toghroinn

fo-aonaid

toghroinn
Cluain Deirg
ginideach: Chluain Deirg
(Gaeilge)
Clondarrig
(Béarla)

Gluais

cluain, cluaine
Béarla meadow, pasture
dearg, deirg, deirge
Béarla red, red one

Ordlathas

contae

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Dearg — ainm pearsanta?
    Tá éiginnteacht ag baint leis an gcáilitheoir anseo. Is léir gur giorrú é ainm an lae inniu ar an mbunainm fada atá le feiscint in iontrálacha 1549–1660c (déanann 1593/4 agus 1595 aithris ar fhoirm 1576), ach is deacair a bheith cinnte faoin ainm sin féin. Más ainm pearsanta atá sa dara heilimint (faoi mar a mheastar atá i gcás bf Cluain Deirg (UF 6) (#41356)), ní léir cé acu Cluain Deirg Mhaoil “the pasture of bald Dearg” nó Cluain Deirg Maol “the bare Cluain Deirg” ba cheart a thuiscint san ainm fada. Ní fios cé chomh hiontaofa is atá an w- in iontráil 1549. (Toisc go mbíonn cluain le fáil mar ainmfhocal baininscneach i logainmneacha ar uairibh, d'fhéadfaí Cluain Deirg "red pasture" a thuiscint freisin, ina bhfuil an aidiacht bhaininscneach sa logthuiseal.)
    D’fhéadfaí an t-ainmfhocal dearg “red cow” agus an aidiacht maol “hornless” a chur san áireamh agus Cluain Deirge Maoile “pasture of the hornless red cow” a léamh (cf. ‘hi rricht bó deirge maílewww.dil.ie s.v. 1 mael (c); cf. FGB dearg1 “6. f. … (Name for) red cow”), nó a mhalairt de struchtúr, ina bhfuil comhfhocal bunaithe ar an aidiacht dearg agus an t-ainmfhocal maol “hornless cow” .i. Cluain Deargmhaoile “pasture of the red hornless cow” (cf. www.dil.ie s.v. 2 mael (d)).
    B’fhéidir fós Cluain Deargmhaol “completely bare pasture” (cf. deargnocht “stark naked”) — féach bf Cluain Maol “bare pasture” i nGaillimh (#21750) agus i gCorcaigh (#9787; #11341).

Lárphointe

53.0354, -7.3435domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm