BRABHSÁIL
Tigh Mochua
ginideach: Thigh Mochua
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Timahoe
(Béarla)

Gluais

teach, steach, stigh, tigh
Béarla house

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the (religious) house of Mochua
    Mochua — ainm ceana naoimh

    Crónán an naomh atá i gceist le Mochua anseo, de réir dealraimh (cf. bf Cill Chrónáin (#27772)).

    Ainmneacha stairiúla:

    1. Ar léarscáil 1563 tugtar ‘Feranoprior’ < Fearann an Phrióra “the land of the priory” ar an gceantar seo (cf. foirm na bliana 1568). Cf. Fearann na Manach “the land of the monks” faoi bf Diméin Mhainistir Laoise (#27730).

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. Maidir le Boheravurder SO < Bóthar an Mhurdair “the road of the murder” ar imeall thuaidh an bhaile fearainn, dar le muintir na háite in 1838 ‘friars dwelt in the abbey of Timahoe until the year 1650 when Colonels Hewson and Reynolds … murdered all the friars of this abbey and dismantled their house. The place where they were massacred is still called Boher a wurther or murdering road’ (Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis I 278–9; cf. bf Baile Uí Chearúill (#28298) agus bf Cúil na Carraige (#28488)). Díol spéise an malartú idir w- agus v- i dtosach an fhocail deiridh; dhealródh sé gur ghné suntasach de chanúint Ghaeilge Achadh Bhó in iardheisceart an chontae ab ea mh-/bh- leathan tosaigh a fhuaimniú mar /v/ i gcónaí (cf. Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis I 1 faoi par Achadh Bhó (#1412)).

Lárphointe

52.9671, -7.1962domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Airíonna

POTá postoifig anseo nó bhí tráth

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1838
Timohoe
Cosby, Capt.:AL Leathanach (AL): LA027,27
1838
Timohoe
Robinson Price, J.:AL Leathanach (AL): LA027,27
1838
Timohoe
Archdall:AL Leathanach: LA027,27
1838
Timahoe
OD:AL Leathanach (AL): LA027,27
1838
Tigh Mochua, 'St. Mochua's house'
OD:AL Leathanach: LA027,27
1838
Timahoe
Wills, J.:AL Leathanach (AL): LA027,27
1838
Timahoe
Moore, L.:AL Leathanach (AL): LA027,27
1838
Timahoe
GJP:AL Leathanach: LA027,27
1838
Timehoe
HCSV:AL Leathanach: LA027,27
1838
Timahoe
Cahill Co. Map:AL Leathanach (AL): LA027,27
1838
Timahoe
Bar. Cons.:AL Leathanach: LA027,27
1838
Timohoe
BS:AL Leathanach: LA027,27

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm