BRABHSÁIL
paróiste dlíláthair eaglasta
Tigh Colma
ginideach: Thigh Colma
(Gaeilge)
Tecolm Church (in ruins)
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the (religious) house of Colma?
    Colma — ainm pearsanta baineann?

    Tá an cáilitheoir an-éiginnte anseo. In ainneoin cuma thrédhearcach a bheith ar fhoirmeacha déanacha 1838 ‘Tig Colaim’ (litriú Gaeilge i bpeann luaidhe san Ainmleabhar) agus 1838 ‘Tee Columb’ ní rachadh * Tigh Choilm “the house of Colm” leis an gcuid is mó den fhianaise stairiúil. Réitíonn an fhoirm Ghaeilge 1560c ‘Teagh Calma’ go maith le foirmeacha béarlaithe de chuid an 16ú haois ar nós 1549 ‘Tiecalme’, 1552 ‘Tecalme’, 1607 ‘Tecalma’. Níl aon naomh darb ainm *Calma sna ginealaigh ach féach gurbh ann, is cosúil, do bhan-naomh Ultach darb ainm Colma: ‘Tri ingena Comgaill .i. Boga & Lasre et ColmaCGSH 151. Ní nach ionadh go ndearnadh Colmán na Nuachabhála (#28230) a cheangal leis an áit seo i mbéaloideas na háite — díol spéise gur mhac é siúd le Comhall (< Comhghall) eile: 1100c ‘Senach & Colman da mc Comgaill’ sa Leabhar Laighneach (Leabhar na Nuachabhála). Cf. 1660 ‘Killcollmay’ sa BSD = bf Cill Cholma (Ga) (#19134).

    Ainmneacha eile:
    Ba é ‘Teampull’ an t-ainm áitiúil ar fhothracha an teampaill pharóiste anseo, de réir Comerford. Cf. 1896 ‘Thomple-nay-galish’ < An Eaglais (#27810) agus Templeshankyle SO < (An t)Seanchill (#27751).

Lárphointe

52.9483, -7.08865domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm