Sonraí oscailte Logainm

Cóipcheart

Tá sonraí Logainm faoi © Rialtas na hÉireann.

Ceadúnas

Leantar TREOIR (AE) 2019/1024 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE, agus cuirtear sonraí Logainm* ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0).

* Is éard atá i gceist le “sonraí Logainm” ná na logainmneacha féin mar atá curtha ar fáil trí API Logainm. Titeann na nótaí mínithe ar fad a ghabhann leis na logainmneacha, nótaí a scríobh taighdeoirí an Bhrainse Logainmneacha (© Rialtas na hÉireann), lasmuigh de scóip an cheadúnais CC BY agus níor cheart iad a athchruthú. Ní mór tagairt chuí don fhoinse a áireamh i gcás aon tagairt a dhéantar do na nótaí mínithe seo. Tá na tagairtí logainmníochta ó fhoinsí eile, a bhailigh taighdeoirí an Bhrainse Logainmneacha agus atá le feiceáil ar Logainm, lasmuigh de scóip an cheadúnais CC BY chomh maith, agus níor cheart iad a athchruthú. Níor chóir suíomh Logainm a scríobadh.

Sannadh

Má úsáideann tú sonraí Logainm, ní mór duit é sin a admháil agus sannadh a sholáthar. Molaimid an téacs seo a leanas:

’Sonraí logainmníochta Gaeilge ó Logainm faoi © Rialtas na hÉireann agus cheadúnas CC BY 4.0.’

Má úsaideann tú sonraí Logainm, ba bhreá linn cloisteáil uait (ag logainm@dcu.ie) le heolas faoi conas atá tú ag baint leasa as na sonraí, ach níl sé seo riachtanach.

Na sonraí a fháil

Is féidir sonraí Logainm a fháil trí API Logainm ach cuntas a chruthú ar Mhol na bhForbóirí ar shuíomh gréasáin Gaois. Tá treoracha agus doiciméadacht i dtaca leis an API ar fáil ar docs.gaois.ie.

Tá sonraí Logainm de shíor ag athrú. Moltar duit nuashonruithe a fháil tríd an API agus a chur i bhfeidhm in aon chóip de na sonraí ar bhonn míosúil. Iarrtar ort gan aon teorainn ráta a leagtar síos a shárú. Coinnímid an ceart rochtain ar an API a chosc ar úsáideoir ar bith nach bhfuil ag cloí leis na téarmaí seirbhíse.