BRABHSÁIL
baile fearainn
Oileán an Chlampair
ginideach: Oileán an Chlampair
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Plea Isle
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Is aistriúchán í an fhoirm Ghaeilge

    Faightear an focal plea sa Bhéarla agus san Albanais. San Oxford English Dictionary, mínítear é mar “controversy, debate, contention, strife; a quarrel. Now Scottish”. I measc na míniúchán a thugtar air sa Scottish National Dictionary tá: “an action at law. a lawsuit”; “plea in bar of judgment” agus “by extension: a quarrel, disagreement, argument; strife, discord, enmity”.

    Faightear plea i logainmneacha in Albain, féach, mar shampla, Pley Knowe a phléitear in Placenames of the Coalfield Communities – ‘this name contains Sc[ots] pley 'a plea', which may indicate the site of a local court of justice.’ Measann muid, áfach, gur mó an seans gurb é an bhrí “a quarrel, disagreement, argument; strife, discord, enmity” atá i gceist le Plea Isle, agus aistrítear é go Oileán an Chlampair dá bharr (feach clampar in FGB – “wrangle, noisy quarrelling; commotion, trouble”). Bíonn coincheap an chlampair nó an imris le sonrú i roinnt logainmneacha in Éirinn agus is é is dóichí ná gur bhain siad le píosaí talún a bhí ina gcnámha spairne den chuid is mó. Roinnt samplaí ná Cúil an Chlampair/Coolaclamper i gContaetha Thiobraid Árann agus Phort Láirge agus An tImreas/Commons i gContae Mhaigh Eo. I gcás an ainm sin i Maigh Eo, luaigh Seán Ó Donnabháin an méid seo agus é ag scríobh faoin ainm in Ainmleabhair na Suirbhéireachta Ordanáis:

    Disputed spots of this kind are generally called in the county ‘Clampers’ and ‘Imris’s’ – controversies by Sir William Petty

    Faightear roinnt ainmneacha mar seo ar dócha gur cumadh sa Bhéarla iad chomh maith amhail Iolard nó Fearann an Chlampair/Ullard or Controversyland agus Baile an Chlampair/Wranglestown i gContae Laoise. (JÓG, Bealtaine 2026)

  • English

    The Irish form is a translation

    The word plea is found in both English and Scots. In the Oxford English Dictionary, it is defined as “controversy, debate, contention, strife; a quarrel. Now Scottish”. Amongst the definitions given in the Scottish National Dictionary are: “an action at law. a lawsuit”; “plea in bar of judgment” and “by extension: a quarrel, disagreement, argument; strife, discord, enmity”.

    Plea can be found in Scottish placenames, see for example Pley Knowe which is discussed in Placenames of the Coalfield Communities – ‘this name contains Sc[ots] pley 'a plea', which may indicate the site of a local court of justice.’ It seems more likely, however, that the meaning “a quarrel, disagreement, argument; strife, discord, enmity” was intended in Plea Isle, and as a result, it is translated to Oileán an Chlampair (see clampar in FGB – “wrangle, noisy quarrelling; commotion, trouble”). The concept of controversies or disputes can be seen in a handful of Irish placenames and in general they seem to refer to a disputed piece of land. Some samples include Cúil an Chlampair/Coolaclamper in Counties Tipperary and Waterford and An tImreas/Commons in County Mayo. In the case of that Mayo name, John O’Donovan notes the following in the Ordnance Survey Parish Namebooks:

    Disputed spots of this kind are generally called in the county ‘Clampers’ and ‘Imris’s’ – controversies by Sir William Petty

    A number of names of this type that were probably originally coined in English can also be found: Iolard nó Iolard nó Fearann an Chlampair/Ullard or Controversyland and Baile an Chlampair/Wranglestown in County Laois, for example. (JÓG, May 2026)

Lárphointe

54.9582, -7.63418domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1796
Plea Isle
CGn. 495.183.321983 Squire to Irwin and Others
1826
Isle Plea
TAB
1835
Plea Isle
BS:AL

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.