Ordlathas
contae
barúntacht
ceantar bardasach
paróiste dlí
toghroinn
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
ceantar bardasach
paróiste dlí
toghroinn
Nóta mínithe
- Gaeilge
Is ainm de bhunadh an Bhéarla é seo de réir gach dealraimh. Is cosúil gur aistriúchán ad hoc a rinneadh air sin atá sa leagan áitiúil Panna an tSalainn (/po̤nəˈtʌlən´ə/; /panəˈtalən´/).
Áit a ndéantar salann ann a bhíonn i gceist le salt-pan: “A shallow depression near the sea into which seawater is allowed to flow, where it evaporates, leaving a deposit of salt”; “A shallow vessel used in the production of salt, in which brine is evaporated; (in plural) a place where salt is produced using such vessels, a salt works.” (Oxford English Dictionary). Tá Old Salt Pans le feiceáil ar léarscáileanna stairiúla na Suirbhéireachta Ordanáis cois cósta anseo. Déantar cur síos ar oibreacha den chineál seo mar a bhí in Iorras in Inis Eoghain i mBailiúchán na Scol i mír dar teideal The Salt-Pans of Urris (1122, 38). (JÓG, Iúil 2026)
- English
Saltpans is likely a name of English-language origin. It seems that the Irish form of the name, Panna an tSalainn (/po̤nəˈtʌlən´ə/; /panəˈtalən´/) collected locally is an ad hoc translation.
A salt-pan is a place where salt is produced: “A shallow depression near the sea into which seawater is allowed to flow, where it evaporates, leaving a deposit of salt”; “A shallow vessel used in the production of salt, in which brine is evaporated; (in plural) a place where salt is produced using such vessels, a salt works.” (Oxford English Dictionary). Old Salt Pans are marked on the historical Ordnance Survey maps by the coast in this townland. Similar works in the Urris district of Inishowen are described in the Schools’ Folklore Collection (The Salt-Pans of Urris, 1122, 38). (JÓG, Iúil 2026)
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
| 1654 |
Belliallaghan one qrter
|
CS III Leathanach: 103
|
| 1774 |
The Salt Panns
The Salt Panns & ffarm thereto belonging
|
CGn. Knox to Knox 305.22.200303
|
| 1834 |
Ballyalligan
William McCollum
|
|
| 1834 |
Mullinlaghan
William McCormuck and partners
|
|
| 1834 |
Salt Pans
|
|
| 1835c |
Capt. Smith still calls this town Ballalligan
|
|
| 1835c |
Salt Pans
|
|
| 1835c |
"The Ordnance ground & Martello tower of Macamish Ruins of Salt pans long lough are in this Tland . . ."
|
|
| 1835 |
Old Salt Pans
|
|
| 1937 |
Muineal Leathain
Seoladh.
|
BNS Imleabhar: 1089, Leathanach: 198
|
| 1969 |
mulanˈL′ahən
'[Sin an t-ainm] a bhí ag seandaoine a raibh Gaeilge mhaith acu' [ar Saltpans].
|
|
| 1969 |
/po̤nəˈtʌlən´ə/ /panəˈtalən´/
'eh ba ghnách linne, bhuel /po̤nəˈtʌlən´ə/ ar an tseanmhuintir ar ach tá, ba ghnách leo i gcónaí /mulanˈL′ahən/, /mulanˈL′ahən/ ba ghnách le rása beithigh a bheith ann [?] ar an chúigiú lá déag de, de mhí seo. Bhí lá saoire, ba ghnách leofa rása.. AÓM: 'Cá háit a mbeadh na rásaí ar an trá ab ea?' PMB: 'Haigh?' AÓM: 'ar an trá a churidís...' AÓM: 'Chan é, ina, ina gcuibhreann mór ach tá an t-uisce thíos aige thaobh. /mulanˈL′ahən/ a bhí ag an tseanmhuintir i gcónaí air. AÓM: Agus deir sibhse anois Pann an tSalainn ab ea? PMB: '/panəˈtalən´/ bhuel chuala mé seandaoine a bhfuil fhios agat a raibh Gaeilic mhaith acu, agus sin an t-ainm, Saltpans, dtuigeann tú.' AÓM: 'Ach bhí an dá ainm ann mar sin?' PMB: ' bhí, /mulanˈL′ahən/ ba ghnách, i gcónaí chuala mise'
|
|
| 2018 |
Mullinlaghan
'Mullinlaghan is still the local name for a coastal strip in mid-Saltpans. ......There is no local memory now of Ballialligan' Áine Ní Dhuibhne, Ráth Maoláin.
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.